English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuirtear tús le Scéim Sochair Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa

  • Gheobhaidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu suas le €450 sa tseachtain má chailleann siad a gcuid post
  • Tá iarratais ar oscailt anois don scéim nua atá á seoladh inniu
  • Is leasú bunúsach é scéim nua ar an gcóras Leasa Shóisialaigh

D’fháiltigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu roimh sheoladh na scéime nua Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa, a thosaíonn inniu, an 31 Márta.

Tagann an scéim nua seo in ionad an tSochair Cuardaitheora Poist atá ann cheana do dhaoine a éiríonn go hiomlán dífhostaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ranníocaíochta na scéime. Tá sí ar oscailt d’iarratais ó dhaoine a bhfuil a gcéad lá dífhostaíochta ar an 31 Márta 2025 nó dá éis. Ní mór iarratais a dhéanamh laistigh de shé seachtaine tar éis do dhuine a phost a chailleadh.

Ciallaíonn Sochar Pá-Choibhneasa go bhfuil méid an tsochair a fhaigheann duine nasctha lena thuilleamh roimhe sin, faoi réir rátaí uasta agus íosta íocaíochta. Cinnteoidh tabhairt isteach an Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa go mbeidh Éire ar aon dul le tíortha eile san Aontas Eorpach agus léiríonn sí leasú bunúsach ar an gCóras Leasa Shóisialaigh.

Seo a leanas na rátaí íocaíochta faoin scéim nua:

  • Tá an ráta íocaíochta seachtainiúil do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha cúig bliana ar a laghad íoctha acu ag 60% den tuilleamh roimhe sin, faoi réir uasmhéid de €450 don chéad 13 seachtaine.
  • Ina dhiaidh sin, laghdófar an ráta go 55% den tuilleamh, faoi réir uasmhéid de €375 do na 13 seachtaine tar éis sin.
  • Íocfar 13 seachtaine breise ar ráta 50% den tuilleamh roimhe sin, suas go huasmhéid €300.
  • I gcás na ndaoine a bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha acu idir dhá agus cúig bliana, socraítear an ráta ag 50% den tuilleamh roimhe sin, faoi réir uasmhéid de €300 in aghaidh na seachtaine agus fad 26 seachtaine.
  • Beidh íosráta sheachtainiúil de €125 i bhfeidhm.

Is é an slí is fearr le cur isteach ar an scéim ná trí MyWelfare.ie. De rogha air sin, is féidir le daoine iarratas a dhéanamh tríd a nIonad Intreo áitiúil nó a nOifig Brainse.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Comhlíonann fógra an lae inniu príomhghealltanas sa Chlár don Rialtas.”

“Má chailleann tú do phost, féadann sé a bheith deacair dul i dtaithí ar an gcaillteanas tobann ioncaim. Cabhróidh an Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa le daoine le linn na tréimhse neamhchinnteachta seo agus fostaíocht nua á lorg acu.”

“Molaim d’aon duine a chaill a bpost agus a chomhlíonann coinníollacha na scéime nua seo iarratas a dhéanamh trí [external-link https://services.mywelfare.ie/ | MyWelfare.ie ].”

Tá an scéim reatha um Shochar Cuardaitheora Poist á coinneáil do dhaoine atá ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist cheana féin agus do dhaoine nach bhfuil incháilithe don scéim nua toisc go bhfuil siad ag obair ar bhonn páirtaimseartha, ócáideach, gearr-ama nó séasúrach. Leantar de bheith ag freastal ar dhaoine féinfhostaithe faoin scéim reatha um Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe).

Tá tuilleadh faisnéise ar Shochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa ar fáil ag www.gov.ie/JPRB .


Nótaí d’Eagarthóirí:

I measc phríomhghnéithe na scéime nua Sochair Cuairdaitheora Poist Pá-Choibhneasa tá:

  • D’fhonn cáiliú don sochar, ní mór go mbeadh 104 ranníocaíocht fostaíochta nó roghnacha ar a laghad ag an duine sa tréimhse ó thosaigh sé/sí ag íoc árachais, 4 ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad sna 10 seachtaine díreach roimh an dáta a dhéantar an t-iarratas ar shochar; 26 ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad sna 52 seachtain díreach roimh an gcéad seachtain dá bhfuil sochar á éileamh acu.
  • Tá an scéim ar fáil do dhaoine a éiríonn go hiomlán dífhostaithe ar an 31 Márta 2025 nó dá éis. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh a lá deireanach a raibh siad fostaithe a bheith ar an Aoine 28 Márta 2025 nó dá éis.
  • Is féidir le daoine a chaill a bpost roimh 31 Márta iarratas a dhéanamh ar an scéim Sochar Cuardaitheora Poist atá ann cheana. Fanfaidh daoine atá ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist ar 31 Márta 2025 ar an íocaíocht sin go dtí go bhfilleann siad ar fhostaíocht, faoi réir ghnáthrialacha na scéime sin.
  • Is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar an scéim Liúntais Cuardaitheora Poist de réir tástála acmhainne mura gcomhlíonann siad na coinníollacha ranníocaíochta le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa nó dá mbeadh sé níos tairbhí ó thaobh airgid de dóibh é sin a dhéanamh.
  • Sa chás go bhfuil cuntas fíordheimhnithe MyGovID ag duine, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar líne ar an scéim ar MyWelfare.ie. Má tá cuntas MyGovID bunúsach agus Cárta Seirbhísí Poiblí acu, is féidir leo a gcuntas a fhíorú ar MyGovID.ie.
  • Mura bhfuil duine in ann iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Local Intreo Centre or Branch Office.