English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Humphreys go bhfuil an Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ar fáil chun tacú leis na sealbhóirí tí sin atá buailte ag tuilte i gContae Chorcaí

Tá sé deimhnithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go bhfuil an Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ar fáil chun tacaíocht a sholáthar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i réadmhaoin a bhfuil tionchar go díreach orthu mar gheall ar thuilte i gContae Chorcaí de bharr drochaimsire.

Cuireann an Scéim Cúnaimh Dhaonnúil cosc ar chruatan trí thacaíocht airgeadais atá tástáilte ó thaobh ioncaim de a chur ar fáil do dhaoine a ndearnadh damáiste dá dtithe de dheasca tuilte agus teagmhais drochaimsire agus nach bhfuil in ann costais a íoc le haghaidh riachtanais a bhfuil ga leo, earraí tí agus deisiú struchtúrach.

Ag labhairt faoi um thráthnóna, dúirt an tAire Humphreys:

“Tuigim go maith an cur isteach ollmhór atá á dhéanamh ag drochaimsir agus tuilte ar dhaoine agus ar theaghlaigh i gContae Chorcaí, go háirithe i mBeanntraí.”

“Tá an Scéim Cúnaimh Dhaonnúil oscailte agus tá tacaíocht ar fáil dóibh siúd a bhfuil tionchar ag na tuilte ar a dtithe.”

“Má theastaíonn ó aon úinéir tí atá buailte ag drochaimsir rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, féadfaidh sé/sí teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail trí ghlaoch a chur ar 0818 60 70 80.”

Is iondúil go nglacann an roinn, agus í ag déileáil le heachtraí éigeandála, le cur chuige trí chéim mar a leanas:

  • Soláthraíonn Céim 1 íocaíochtaí tacaíochta éigeandála bia, éadaí agus earraí pearsanta díreach i ndiaidh na heachtra
  • Is éard atá i gceist le Céim 2 ná earraí bána, earraí troscáin bunúsacha agus earraí tí riachtanacha eile a chur ar fáil in ionad na gceann a cailleadh
  • Is í Céim 3 ná tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí a theastaíonn a aithint, lena n-áirítear plástráil, líneáil thirim, athchur urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil

Tá tuilleadh faisnéise faoin Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ar fáil ag:

gov.ie - Scéim Cúnaimh Dhaonnúil (www.gov.ie)