Deimhníonn an tAire Humphreys go bhfuil Cúnamh Daonnúil ar fáil do shealbhóirí tí atá buailte ag Storm Ashley
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé deimhnithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., go bhfuil an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil chun tacaíocht a sholáthar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i réadmhaoin atá buailte go díreach ag Storm Ashley tar éis na gcoinníollacha drochaimsire.
Cuireann an Scéim um Chúnamh Daonnúil cosc ar chruatan trí thacaíocht airgeadais de réir tástála ioncaim a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil damáiste déanta dá dtithe de bharr tuilte agus drochaimsire agus nach bhfuil in ann freastal ar chostais riachtanacha, earraí tí agus deisiúcháin struchtúracha.
Ag labhairt di ar maidin, dúirt an tAire Humphreys:
“Táim an-eolach ar an gcur isteach mór atá á dhéanamh ag aimsir chrua agus tuilte ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh atá buailte ag Storm Ashley.
“Tá an Scéim um Chúnamh Daonnúil oscailte agus tá tacaíocht ar fáil.”
“Fuair mé €3 milliún breise le déanaí don Scéim um Chúnamh Daonnúil atá á riar ag mo Roinn.”
“Ina theannta sin, Mar aitheantas ar na tacaíochtaí atá ag teastáil, mhéadaigh mé na teorainneacha ioncaim don scéim le déanaí ó:
- €30,000 go €50,000 do dhuine singil
- €50,000 go €90,000 do lánúin
- €10,000 go €15,000 in aghaidh an linbh chleithiúnaigh”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Más gá d’aon úinéir tí atá buailte ag an drochaimsir rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail trí ghlaoch a chur ar 0818 60 70 80.”
Agus í ag déileáil le teagmhais éigeandála glacann an Roinn cur chuige trí chéim de ghnáth mar seo a leanas:
- Soláthraíonn Céim 1 íocaíochtaí tacaíochta ioncaim éigeandála (bia/éadaí/earraí pearsanta) díreach i ndiaidh an imeachta
- Baineann Céim 2 le hathsholáthar earraí bána, bunearraí troscáin agus earraí tí riachtanacha eile
- Is éard atá i gCéim 3 ná an tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí atá ag teastáil a aithint, lena n-áirítear plástráil, tirimlíneáil, na hurláir a chur síos arís, athshreangú leictreach agus péinteáil
Braitheann leibhéil íocaíochta faoin scéim ar dhéine coibhneasta an damáiste a dhéantar agus ar chumas an teaghlaigh na costais sin a íoc, ag cinntiú go bhfuil an maoiniú dírithe go cuí.
Tá an measúnú ioncaim do Chúnamh Daonnúil níos flaithiúla ná an measúnú a dhéantar faoi íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh dá ndéantar tástáil mhaoine de ghnáth. Is é bunphrionsabal na tástála ioncaim ná go gcáileoidh daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil meánleibhéil ioncaim acu le haghaidh cúnaimh, lena n-áirítear daoine nach faighteoirí Leasa Shóisialaigh iad.
Ní chumhdaítear leis an scéim rioscaí atá cumhdaithe cheana féin ag polasaithe árachais nó a chumhdaíonn caillteanais ghnó nó tráchtála. Cuireann sé cúnamh spriocdhírithe ar fáil dóibh siúd a bhfuil a dtithe buailte.