English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire Humphreys gur bunaíodh Grúpa Idir-rannach chun scrúdú a dhéanamh ar íocaíochtaí de réir tástáil acmhainne do Chúramóirí Teaghlaigh

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu gur bunaíodh Grúpa Idir-rannach leis an Roinn Sláinte, a bhfuil de chúram air scrúdú a dhéanamh ar íocaíochtaí de réir tástáil acmhainne do chúramóirí teaghlaigh.

Beidh obair an Ghrúpa Oibre Idir-rannaigh treoraithe ag athbhreithniú níos leithne ar thástáil acmhainne atá ar siúl faoi láthair sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Breithneofar ar obair an Ghrúpa Idir-rannaigh i gcomhthéacs na Straitéise Náisiúnta do Chúramóirí, a mbeidh an Roinn Sláinte i gceannas uirthi.

Déanfaidh an grúpa scrúdú ar thograí maidir le tacaíochtaí airgeadais do chúramóirí atá curtha chun cinn ag na heagraíochtaí seo a leanas, i measc eagraíochtaí eile:

  • Family Carers Ireland, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad,
  • An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach,
  • Comhchoiste an Oireachtais um Chomhionannas Inscne, agus
  • An Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin.

Dúirt an tAire Humphreys inniu agus í ag fógairt bhunú an Ghrúpa Idir-rannaigh:

“Aithním an obair fhíorluachmhar a dhéanann cúramóirí teaghlaigh ar fud na tíre. Ó rinneadh Aire Coimirce Sóisialaí díom, tá roinnt bearta tugtha isteach agam chun feabhas a chur ar thacaíochtaí do chúramóirí lena n-áirítear:

  • Rochtain a thabhairt do Chúramóirí Fadtéarmacha ar Phinsean Stáit
  • Méadú go dtí €1,850 a chur ar an Deontas Tacaíochta Cúramóra bliantúil – is é an leibhéal is airde riamh
  • Méadú €29 a chur ar íocaíochtaí seachtainiúla do Chúramóirí sna trí cháinaisnéis dheireanacha

“Sula ndearnadh Aire díom, ní dhearnadh aon athrú ar an tástáil acmhainne do Liúntas do Chúramóirí ó bhí 2007 ann. Tá feabhsuithe suntasacha déanta agam i gcáinaisnéisí le déanaí, rud a fhágfaidh ó mhí an Mheithimh i mbliana gur féidir le lánúin tuilleamh seachtainiúil €900 agus suas go €50,000 i gcoigilteas a bheith acu agus fós cáiliú d’íocaíocht iomlán an Liúntais do Chúramóirí. Cinnteoidh sé seo go gcáileoidh na mílte cúramóirí eile le haghaidh íocaíochta.

Lean an tAire Humphreys léi:

“Aithním, áfach, is cuma cén tairseach a cheanglaím leis an tástáil acmhainne, go mbeidh roinnt teaghlach ann i gcónaí a bheidh ar an taobh amuigh di. An cás is minice a fheicim ná nuair a chaithfidh máthair éirí as a post chun cúram a thabhairt do pháiste a bhfuil riachtanais speisialta aige/aici ach de bharr ioncam a fir chéile, níl sí incháilithe d’íocaíocht.

“Creidim nach bhfuil sé seo ceart agus dá bhrí sin, mar chuid de Cháinaisnéis 2024, d’fhógair mé go raibh sé ar intinn agam Grúpa Oibre Idir-rannach a bhunú leis an Roinn Sláinte chun scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras tástála acmhainne ar fad d’íocaíochtaí cúramóirí. Tá an obair sin ar siúl anois agus tá mé ag súil leis go dtabharfaidh an grúpa tuairisc níos déanaí i mbliana ar na moltaí dá chuid”.

Is iad na príomhthacaíochtaí ioncaim do chúramóirí a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí ná Liúntas do Chúramóirí, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúram Baile agus an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí. Táthar ag súil go mbeidh os cionn €1.7 billiúin le caitheamh ar na híocaíochtaí seo i mbliana.

I gcáinaisnéisí le déanaí, feabhsaíodh go suntasach na híocaíochtaí do chúramóirí, agus tugadh aird ar leith san fheabhsú seo ar an tástáil acmhainne don Liúntas Cúramóra.

  • I mí an Mheithimh 2022 b’ionann méadú na neamhairde ioncaim agus €332.50 go €350 do dhuine singil, agus méadú ó €665 go €750 do chúramóirí a bhfuil céile nó páirtí acu.
  • Mar chuid de Cháinaisnéis 2024, ó mhí an Mheithimh 2024 cuirfear arís leis an neamhaird sheachtainiúil ioncaim ó €350 go €450 do dhuine singil, agus ó €750 go €900 do chúramóirí a bhfuil céile nó páirtí acu.