Fáiltíonn an tAire Joe O’Brien roimh Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta 2024
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Cuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, fáilte inniu roimh Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta. Is imeacht dhomhanda é seo a chomórfar le himeachtaí chun dul i ngleic le bochtaineacht ar fud an domhain. Tá sé mar aidhm aige tuiscint agus idirphlé a chur chun cinn idir daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus sa tsochaí i gcoitinne.
Is sa bhliain 1987 a tháinig an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta, a dhéantar comóradh air ar an 17 Deireadh Fómhair gach bliain, nuair a d’fhógair tionól ollmhór i bPáras an bhochtaineacht mar shárú ar chearta an duine. Leag an t-imeacht seo béim ar an ngá atá le gníomhaíocht chomhchoiteann chun a chinntiú go n-urramaítear na cearta sin. Ó shin i leith, tháinig daoine ó chúlraí éagsúla le chéile gach bliain chun dlúthpháirtíocht a léiriú leo siúd atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus chun gníomhartha a chur i bhfeidhm chun é a dhíothú.
Is é téama 2024 ná ‘Constaicí á Sárú agus Naisc a Chothú: Le Chéile i dTreo Comhionannas agus Cuimsiú’. Leagann an téama roghnaithe béim ar an ngá atá le hiarrachtaí comhpháirtíochta agus comhoibríocha chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an idirdhealú, rud a réiteoidh an bealach do thodhchaí inbhuanaithe ina gcomhlíontar riachtanais gach duine gan cur isteach ar fholláine na nglún atá le teacht.
Ag cur béime ar thábhacht an lae, dúirt an tAire O’Brien:
“Is lá dlúthpháirtíochta é Lá Idirnáisiúnta na NA um Dhíothú na Bochtaineachta, chun daoine ó chúlraí éagsúla, a bhfuil eispéiris éagsúla acu, a thabhairt le chéile ina dtiomantas comhroinnte chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Is tosaíocht leanúnach domsa dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus tá sé ríthábhachtach go n-admhaímid go bhfuil an bhochtaineacht do-ghlactha agus go n-oibrímid le chéile chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine taobh thiar de, agus is é sin croílár théama na bliana seo.”
Chun an lá a chomóradh, thug an tAire O’Brien faoi deara go bhfuil eagraíochtaí frithbhochtaineachta ag eagrú gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta chun feasacht ar an lá a chur chun cinn, agus go mbeidh réimse imeachtaí ar siúl sa Tulach Mhór, sa Longfort, i mBaile Átha Cliath agus sa Mhuileann gCearr.
Tionscnamh amháin den sórt sin is ea imeacht i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl ó 11am go 12.30pm ag an gCloch um Chearta an Duine agus Bochtaineacht ag Dealbh an Ghorta Mhóir, Cé Theach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1. Beidh óráidí agus Aitheasc Tosaigh ón Aire Joe O’Brien TD, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus daoine mór le rá eile san áireamh ann.
Cé go léiríonn an Suirbhé 2023 is déanaí ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála go bhfuil an bhochtaineacht chomhsheasmhach ag an leibhéal is ísle riamh de 3.6% in Éirinn, tá an Rialtas tiomanta do bhochtaineacht a laghdú a thuilleadh. Tá raon beart buan agus sealadach tugtha isteach ag buiséid le déanaí atá dírithe ar an mbochtaineacht a mhaolú. Leanadh ar aghaidh leis seo i mBuiséad 2025 lena n-áirítear méaduithe ar bhun-rátaí leasa shóisialaigh agus pinsin, méaduithe ar na híocaíochtaí tacaíochta leanaí (Méaduithe i leith Leanbh Cáilithe roimhe seo) mar aon le híocaíochtaí cnapshuime le faighteoirí leasa áirithe, creidmheasanna agus coigeartuithe uilíocha fuinnimh ar thairseacha íocaíochta teaghlaigh oibre.