English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí maoiniú €1.2 milliún do 8 dtogra chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh

  • Tá an €1.2 milliún de Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin ag tacú le cúramóirí teacht ar fhostaíocht, oideachas agus oiliúint.
  • Cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do 8 dtogra náisiúnta agus áitiúil a dhéanfaidh na céadta cúramóir teaghlaigh ar fud na tíre, a chumasú.

Inniu, d’fhógair an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuil maoiniú ar fáil do 8 dtogra náisiúnta agus áitiúil faoi thionscnamh chun tacú le deiseanna fostaíochta Cúramóirí Teaghlaigh agus iad a chur chun cinn.

Leagfaidh an tionscnamh, atá faoin Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2024, béim faoi leith ar chúramóirí teaghlaigh a chumasú filleadh arís ar, nó fanacht i bhfostaíocht ar íocaíocht, in oideachas agus oiliúint ach réimse idirghabhála atá spriocdhírithe a chuir ar fáil. Anuas air sin, cuirfidh na tograí comhbhéim ar an gcaoi a théitear i ngleic le folláine mhothúchánach, fhisiciúil agus meabhairshláinte na gcúramóirí lena mbaineann.

D’éirigh le 8 dtogra maoiniú a bhaint amach faoin mbeart seo, tar éis phróiseas measúnaithe a chuir Pobal ar fáil, agus cuireadh maoiniú arbh fhiú €1.2 milliún é ar fáil dóibh.

Tá na tograí seo ceaptha chun ár gCúramóirí Teaghlaigh a chumasú agus chun tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá riachtanach do chúramóirí chun filleadh ar an obair agus ar oideachas.

Cuirfear i gcrích leis na tograí seo, réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear, forbairt scileanna gairme trí dheiseanna socrúcháin, ullmhúchán CV, ceardlanna TF agus gairmthreoir. Bunófar caidreamh le fostóirí agus institiúidí oideachais faoi na tograí seo chomh maith, chun aird a dhíriú ar riachtanais chúramóirí agus beartas atá oiriúnach ó thaobh na gairme a chuir chun cinn.

Déanfar an 8 dtogra a n-éireoidh leo faoin dtionscnamh seo a riar ó mhí Eanáir 2025 go dtí deireadh mhí na Nollag 2026. Tá an beart á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Liosta na 8 dTogra Maoinithe

Eagraíocht Gníomhaíocht Méid € a Cuireadh ar fáil
Care Alliance Ireland (Comhaontas Chúramóirí Éireann) Co. Bhaile Átha Cliath Tá sé mar sprioc ag togra Re-Emerge 2 tacaíocht a chuir ar fáil do chúramóirí teaghlaigh le: rochtain a chuir ar fáil ar fhoghlaim phiarthacaíochta; meantóireacht duine le duine; oiliúint sheachtrach lena n-áirítear oiliúint TF; tacaíocht ar ullmhacht chun oibre; tacaíocht le filleadh ar oideachas; aghaidh a thabhairt ar bhaic intinne/fisiceacha a bhaineann le páirt a ghlacadh in oideachas agus fostaíocht. Rachaidh an togra i ngleic chomh maith leis an dtuiscint, atá ag méadú, atá ag fostóirí ar riachtanais cúramóirí agus rochtain ar dheiseanna socrúcháin a chuir chun cinn. Tá sé mar sprioc ag an togra, leis na gclár tacaíochtaí atá á gcur ar fáil, na deiseanna atá ag cúramóirí teaghlaigh rochtain a fháil ar bhreis oideachais a mhéadú agus deis a chuir ar fáil do chúramóirí teaghlaigh tabhairt faoi obair atá fiúntach agus inbhuanaithe dóibh. €250,000
Family Carers Ireland (Cúramóirí Teaghlaigh Éireann) Tá sé mar sprioc ag Conairí Gairme cúramóirí teaghlaigh a chumasú agus uasoiliúint a dhéanamh orthu filleadh ar, nó fanacht i bhfostaíocht

ar íocaíocht ach idirghabhálacha spriocdhírithe a chuir ar fáil a bhfuil sé i gceist leo tacú le 1,356 duine aonair. Ar na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil, beidh Comhairleoireacht, oiliúint maidir le neartú muiníne, iniúchadh gairme, scileanna inaistrithe, cuardach poist ar líne agus deiseanna oideachais a aimsiú, ullmhú CV, scileanna agallaimh, próifílí meán sóisialta agus úsáid teicneolaíochta cliste. Féachann sé freisin le láithreacha oibre a sheasfaidh an aimsir do chúramóirí teaghlaigh ach cláir spriocdhírithe tacaíochta foghlama praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear beartais agus cleachtais a thacaíonn le cúramóirí a chur i bhfeidhm trí Chlár na bhFostóirí Cúraim.| €249,840|

Galway Autism Partnership CLG (Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe CTR) Co. na Gaillimhe Is é sprioc an togra seo ná tacaíocht a chuir ar fáil do chúramóirí atá ag plé le fostaíocht, nó oideachas agus chun cabhair agus tacaíocht a chuir ar fáil chomh maith dóibh siúd gur mian leo filleadh ar obair, oideachas, nó oiliúint. €100,000
Generation: You Employed, Ireland (Glúin: D’fhostaigh sibh Éire) Co. na Mí Cuirfidh Generation Ireland tacaíocht ar fáil do 25 cúramóir teaghlach rochtain a fháil ar theicneolaíocht a mbeidh athrú saoil i gceist leo, agus ar ghairmeacha glasa. Tacóidh an togra seo le foghlaimeoirí, agus grodchúrsa scileanna atá bainteach le teicneolaíocht agus scileanna glasa a mhairfidh tréimhse 10-12 seachtain, a chuir ar fáil, agus tacaíochtaí infhostaitheachta a mhairfidh ar feadh suas go sé mhí, curtha ar fáil ina dhiaidh seo. Cuirfear meantóireacht agus oiliúint 1:1 ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud an chláir agus agallaimh fostóra atá curtha in oiriúint, a chuirfidh na huirlisí atá de dhíth orthu ar fáil dóibh, chun róil sna hearnálacha teicneolaíochta agus glasa, a bhaint amach agus cúram a dhéanamh dóibh. €100,000
IRD Duhallow CLG (Forbairt Chomhtháite na Tuaithe Dhúiche Ealla CTR) Co. Chorcaí Ag tacú le cúramóirí Teaghlaigh agus Deonacha fostaíocht a bhaint amach ar fud réigiún IRD Dhúiche Ealla. Tacóidh an togra le 125 duine aonair rochtain a fháil ar oiliúint atá bainteach le fostaíocht. Tá sé molta faoin togra comhordaitheoir cláir tiomanta a fhostú a bheidh ag feidhmiú mar chóitseálaí gairme, ag obair le rannpháirtithe agus plean pearsanta dul chun cinn á n-ullmhú acu. Áirítear ar na gníomhaíochtaí atá molta: - forbairt phearsanta, bainistiú struis, tástáil inniúlachta, agus forbairt scileanna sonracha don mhargadh saothair. Spreagfaidh an clár chomh maith tuiscint i measc fostóirí ar riachtanais chúramóirí agus spreagfar fostóirí chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil. €100,000
Inishowen Development Partnership (IDP) (Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain) Co. Dhún na nGall Tá sé i gceist leis an togra seo, an togra Care4Carers a sheachadadh thar thréimhse 2 bhliain, ag cur tacaíochta ar fáil do 60 cúramóir teaghlaigh. Cuirfidh an togra seo deiseanna ar fáil dóibh siúd atá gníomhach le cúram foirmeálta ach nach bhfaigheann aon íocaíocht, teacht le chéile agus nasc a chruthú arís lena bpobal áitiúil agus mothú go raibh luach lena gcuid oibre. Is deis é seo clár a dhearadh le daoine eile agus ar bhonn píolóta, a bheidh saindeartha chun tacú lena riachtanas le forbairt phearsanta, meantóireacht, cóitseáil, treoir agus socrúcháin/fostaíocht tacaithe chun taithí oibre agus oiliúint luachmhar a chur ar fáil mar ullmhúchán dá gcéad tréimhsí eile den saol. Le linn den togra a bheith á sheachadadh, beidh sé mar sprioc ag an iarratasóir caidreamh a bhunú le 15 fostóir, 5 mheánscoil agus 3 institiúid tríú leibhéal chun daoine a chuir ar an eolas maidir le riachtanais agus deiseanna cúramóirí. €68,660.00
Peter Bradley Foundation Company Limited by Guarantee (Cuideachta Fondúireachta Peter Bradley Faoi Theorainn Ráthaíochta) Co. Bhaile Átha Cliath Tacaíonn ‘On With Training & Employment – Building Brighter Futures’ le cúramóirí teaghlaigh atá ag cur cúraim ar fáil do dhaoine a tháinig slán ó ghortú inchinne agus iad ag aistriú chun fostaíochta, oiliúna nó oideachais. Cuireann sé tacaíocht chuimsitheach ar fáil, ag díriú ar shláinte mhothúchánach Chúramóra agus ag cur tacaíocht phraiticiúil ar fáil. Cuireann sé na scileanna agus an mhuinín ar fáil do Chúramóirí Teaghlaigh, le go mbeidh siad in ann deiseanna nua a thapú agus a gcaighdeáin maireachtála a fheabhsú. €250,000
Vita House Family Services (Seirbhísí Teaghlaigh Vita House) Co. Ros Comáin Tá sé mar sprioc ag Togra Chúramóirí Óga Ros Comáin tacú le 80 duine óg aonair a chuireann cúram ar fáil do bhaill teaghlaigh. Cuirfidh sé cláir shaindeartha, abhcóideacht agus acmhainní ar fáil a chabhróidh leo a gcuid freagrachtaí a bhainistiú agus a bhfolláine a chur chun cinn ag an am céanna. Tá sé i gceist ag an togra seo na cúramóirí seo a chumasú trí tacaíocht riachtanach a chuir ar fáil agus forbairt phearsanta a chuir chun cinn. €99,035.00

Pobal

Is eagraíocht sheachbhrabúsach idirmheánach é Pobal a bhainistíonn roinnt cláir mhaoinithe ar son Rialtas na hÉireann agus an AE.

Maoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine

Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, mar aon leis An tAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat do riaradh cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaí a athcheangal lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais agus i ndáil leis sin, ceanglaítear ar na comhlachtaí sin bearta a ghlacadh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Chun na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe neamhéilithe a úsáid chun an úsáid is fearr a bhaint as, tugadh isteach leis an reachtaíocht freisin scéim chun cistí a eisíoc nach dócha go n-aisghabhfar iad ó chuntais dhíomhaoine agus ó bheartais neamhéilithe chun críocha bearta chun cabhrú le:

  • forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
  • forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
  • daoine faoi mhíchumas.