English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary athnuachan conartha le An Post

  • Rinne An Post 25.7 milliún d’íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh in 2024
  • Íocadh €7 billiún íocaíocht leasa shóisialaigh trí An Post le linn 2024
  • Is féidir Pinsin, Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Linbh agus araile a bhailiú ag d’Oifig an Phoist áitiúil

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go ndearna an Roinn athnuachan ar chonradh An Post chun pinsin, Sochar Linbh agus íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile a sholáthar do chustaiméirí na Roinne ag Oifigí Poist ina gceantar féin.

Ag labhairt dó inniu, i dteannta Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta Miondíola an Post, dúirt an tAire Calleary:

“Táim sásta leis an athnuachan conartha seo agus an caidreamh leanúnach idir an Roinn agus An Post chun pinsin, Sochar Linbh agus íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh in airgead tirim eile a sholáthar don bhliain atá ag teacht. Is seirbhís thábhachtach dár gcustaiméirí í seo, agus is iomaí duine acu sin atá an-sásta as an deis chun a gcuid íocaíochtaí a fháil go háitiúil agus in airgead tirim.”

“Anuraidh íocadh 25 milliún íocaíocht in airgead tirim a bhí cothrom le os cionn €7 mbilliún san iomlán d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh trí líonra An Post. Táthar ag súil go leanfaidh an leibhéal íocaíochta seo le linn 2025, ag léiriú tábhacht na seirbhíse seo do dhaoine ar fud na hÉireann.”

Chuir Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta Miondíola An Post, fáilte roimh athnuachan an chonartha tábhachtach seo agus d’aithin sí an chomhpháirtíocht sheanbhunaithe leis an Rialtas agus an Roinn Coimirce Sóisialaí:

“Cuireann Máistrí Poist agus custaiméirí araon fáilte roimh an athnuachan seo. Treisíonn sé seo dúthracht An Post dár bpobail agus an ról tábhachtach a ghlacaimid ina saoil. Is cuid lárnach iad íocaíochtaí in airgead tirim, do chustaiméirí Leasa Shóisialaigh. lena n-áirítear íocaíochtaí pinsin, liúntais mhíchumais, agus sochair linbh do ghnó na nOifigí Poist. Is an sampla soiléir é seo den luach a bhaineann le líonra na n-Oifigí Poist maidir le dlúthpháirtíocht shóisialta a chothú agus le seirbhísí rialtais agus rochtain aghaidh ar aghaidh ar sheirbhísí riachtanacha a sholáthar. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh faoinár ról maidir le dáileadh agus soláthar airgid do phobail áitiúla agus d’FBManna i mbealach atá éifeachtúil agus saoráideach.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Máistrí Poist agus foirne An Post as a dtacaíocht leanúnach chun seirbhísí tábhachtacha a sholáthar do phobail, go háirithe le linn imeachtaí aimsire diúltacha agus cuir isteach, agus an chaoi a lean siad ar aghaidh ag sárú constaicí chun a chinntiú go dtugtar tús áite don chustaiméir”.

Lean an tAire Calleary:

“Is é polasaí na Roinne seo ná gur chóir do chliaint ag déanamh éilimh nua, nó ag iarraidh a gcuid socrúcháin íocaíochta a athrú, a bheith ar an eolas faoin rogha chun íocaíochtaí in airgead tirim ag a n-oifig an phoist áitiúil a fháil, chomh maith le ríomhaistriú Airgid.

“Cinnteoidh an conradh seo go leanfar íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a íoc, pinsin, liúntais mhíchumais, sochar linbh agus íocaíochtaí cuardaitheora poist mar shampla, trí oifigí poist.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl as na hiarrachtaí móra agus as an bhfreagra atá tugtha ag An Post agus ag máistrí poist ar fud an Stáit tar éis Stoirm Éowyn. Chinntigh a n-obair chrua agus a dtiomantas go soláthraíodh íocaíochtaí leasa shóisialaigh do dhaoine a raibh an tionchar is mó orthu agus táim fíorbhuíoch as a gcuid oibre.”