Fógraíonn an tAire Calleary sonraí faoi imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl i gCill Mhantáin agus i Loch Garman
- Foilsithe: 4 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu sonraí faoi imeachtaí earcaíochta Oibre agus Scileanna Intreo atá á reáchtáil i gCill Mhantáin agus i Loch Garman, mar chuid den tionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna.
Is mar seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl i gCill Mhantáin agus i Loch Garman:
Imeacht | Suíomh | Dáta agus Am |
Aonach Oiliúna agus Earcaíochta Oibre agus Scileanna Chill Mhantáin |
Leabharlann Chill Mhantáin, An Meal, Príomhshráid, Cill Mhantáin|De Céadaoin, 09 Aibreán 2025, 10am go 1pm|
Aonach Fostaíochta Oibre agus Scileanna Loch Garman |
Óstán Talbot, Sráid na Tríonóide, Loch Garman|Déardaoin, 10 Aibreán, 10.30am go 1.30pm|
Beidh Aonach Oiliúna agus Earcaíochta Oibre agus Scileanna ar siúl ag Leabharlann Chill Mhantáin an 09 Aibreán ó 10am go 1pm. Táthar ag súil go mbeidh fostóirí áitiúla ó limistéir Bhré, Bhaile Chill Mhantáin agus an Inbhir Mhóir ag freastal agus róil ar fáil i réimse earnálacha lena n-áirítear Cúram Sláinte, Cúram Sóisialta, Riarachán, Díolachán, Oibrithe Trádstórais, Clódóireacht, Cuntasaíocht, Riarachán agus Miondíol.
An 10 Aibreán ó 10.30am go 1.30pm beidh Aonach Fostaíochta Oibre agus Scileanna ar siúl ag an Óstán Talbot i Loch Garman. Áirítear leis na fostóirí lena bhfuiltear ag súil a bheith i láthair ar an lá Infosys, Kare Plan, Clannad Care, Scurri agus Zurich. Áirítear leis na róil atá ar fáil TF (r-thráchtáil), Déantúsaíocht Bia, Gníomhairí Seirbhíse do Chustaiméirí, Tacaíocht Theicniúil agus Cúramóirí.
Tugann na himeachtaí Oibre agus Scileanna sin deis do chuardaitheoirí poist agus fostóirí atá ag earcú go gníomhach casadh ar a chéile. Moltar do chuardaitheoirí poist roinnt cóipeanna dá CV a thabhairt leo chun iarratas a dhéanamh ar aon ról a bhfuil suim acu iontu.
Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary
“Molaim d’aon duine atá ag lorg gairm bheatha nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh nó athoiliúint a chur orthu chun freastal ar na himeachtaí, áit ar féidir leo teacht ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil agus roghanna oiliúna éagsúla a fhiosrú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach.”
“Beidh ár bhfoirne ar an láthair freisin chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach poist.”
“Chomh maith leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna, mholfainn duit cuairt a thabhairt ar JobsIreland, ár suíomh gréasáin le haghaidh folúntais poist chun an raon leathan deiseanna atá ar fáil a fhiosrú.”
Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí Oibre agus Scileanna atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.