English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary sonraí faoi imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl i gCorcaigh

  • Reáchtálfar imeachtaí earcaíochta i Mala agus i gCathair Chorcaí
  • Tá na himeachtaí mar chuid de thionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna Intreo
  • Poist i raon earnálacha agus comhairle faoi oiliúint

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu sonraí faoi imeachtaí earcaíochta Oibre agus Scileanna Intreo atá á reáchtáil i gCorcaigh, mar chuid den tionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna.

Reáchtálfar Aonach Gairme Iompair agus Lóistíochta in Óstán an Metropole i gCathair Chorcaí ar an 2 Aibreán, ó 10am go 3pm, agus beidh Aonach Earcaíochta Ilearnála ar siúl san Óstán Hibernian i Mala ar an 9 Aibreán, ó 10.30am go 1pm.

I measc na róil atá ar fáil ag an Aonach Iompair agus Lóistíochta tá poist do Thiománaithe, d’Oibrithe Trádstórais agus do Mheicneoirí. I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar an imeacht tá Masterlink, South Coast Logistics, Musgrave, GE Healthcare agus Wiser Bins.

Ag an imeacht earcaíochta ilearnála i Mala, beidh deis ag an lucht freastail bualadh le hionadaithe ó Barróg Healthcare, PE Global agus Morgan McKinley, agus go leor cuideachtaí eile atá ag iarraidh bualadh le fostaithe ionchasacha amach anseo. I measc na bpost atá ar fáil, tá róil sa riarachán, sa mhargaíocht, san innealtóireacht, agus san fhoirgníocht.

Beidh an fhoireann ó FET Baile an Easpaig agus an tIonad FET, Mala i láthair freisin ag cur eolas ar fáil maidir leis na roghanna oiliúna atá ar fáil.

Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Bíonn deis ag cuardaitheoirí poist freisin foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha. Moltar do chuardaitheoirí poist roinnt cóipeanna dá CV a thabhairt leo chun iarratas a dhéanamh ar aon ról a bhfuil suim acu iontu.

Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary

“Molaim d’aon duine atá ag lorg gairm bheatha nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh nó athoiliúint a chur orthu chun freastal ar na himeachtaí, áit ar féidir leo teacht ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil agus roghanna oiliúna éagsúla a fhiosrú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach.”

“Beidh ár bhfoirne ar an láthair freisin chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach poist.”

“Chomh maith leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna, mholfainn duit cuairt a thabhairt ar JobsIreland, ár suíomh gréasáin le haghaidh folúntais poist chun an raon leathan deiseanna atá ar fáil a fhiosrú.”

Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí Oibre agus Scileanna atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.gov.ie/WorkandSkills.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.