English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary sonraí faoi imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl sa Chabhán agus sa Longfort

  • Tá na himeachtaí mar chuid de thionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna Intreo
  • Poist i raon earnálacha agus comhairle faoi oiliúint

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu sonraí faoi imeachtaí earcaíochta Oibre agus Scileanna Intreo atá á reáchtáil sa Chabhán agus sa Longfort, mar chuid den tionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna.

Is mar seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl sa Chabhán agus sa Longfort:

Imeacht Suíomh Dáta agus Am
Imeacht Earcaíochta Center Parcs Halla Paróiste Naomh Muire, an Longfort 03 Aibreán 2025, 10am go 1pm
Imeacht Oibre agus Scileanna Iompair agus Lóistíochta Óstán an Cavan Crystal 04 Aibreán, 10.30am go 12.30pm
Imeacht Eolais Fostaíochta agus Oiliúna Óstán an Longford Arms 10 Aibreán, 10am go 3pm

Beidh Imeacht Earcaíochta Center Parcs ar siúl ag Halla Paróiste Naomh Muire, Longfort an 03 Aibreán ó 10am go 1pm. Beidh Center Parcs ag earcú go gníomhach chun poist a líonadh i bhfoireann an Bheáir agus san fhoireann Freastail, agus mar Theagascóirí Gníomhaíochtaí Fóillíochta, Coimeádaithe Tí agus Glantóirí, Sciamheolaithe, Cócairí agus Cúntóirí Cistine.

Beidh Aonach Gairme Iompair agus Lóistíochta á reáchtáil ag an Óstán Cavan Crystal an 04 Aibreán ó 10.30am go 12.30pm. Beidh deiseanna ar fáil i róil Tiomána, Meicnice, Oibríochta agus Riaracháin. Áirítear leis na fostóirí a bheidh i láthair Mannok, Virginia Transport, Joe McGovern Transport, Harte Peat Ltd, Charles O Reilly Haulage, James Quinn Transport, Noble Freight Ltd agus Pat the Baker.

Ag an imeacht Fostaíochta agus Eolais san Óstán Longford Arms an 10 Aibreán, áirítear leis an fostóirí a bheidh i láthair Center Parcs, Pat the Baker, Nua Healthcare, Writech, Óglaigh na hÉireann agus Beacon Recruitment.

Tugann na himeachtaí Oibre agus Scileanna sin deis do chuardaitheoirí poist agus fostóirí atá ag earcú go gníomhach casadh ar a chéile. Moltar do chuardaitheoirí poist roinnt cóipeanna dá CV a thabhairt leo chun iarratas a dhéanamh ar aon ról a bhfuil suim acu iontu.

Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary

“Molaim d’aon duine atá ag lorg gairm bheatha nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh nó athoiliúint a chur orthu chun freastal ar na himeachtaí, áit ar féidir leo teacht ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil agus roghanna oiliúna éagsúla a fhiosrú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach.”

“Beidh ár bhfoirne ar an láthair freisin chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach poist.”

“Chomh maith leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna, mholfainn duit cuairt a thabhairt ar JobsIreland, ár suíomh gréasáin le haghaidh folúntais poist chun an raon leathan deiseanna atá ar fáil a fhiosrú.”

Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí Oibre agus Scileanna atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.