English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys íocaíocht Dheontas Tacaíochta Cúramóra

  • Gheobhaidh 132,000 cúramóir deontas gur fiú €1,850 é, amárach
  • Eiseofar íocaíocht go díreach chuig Cuntas Bainc nó Oifig Phoist na ndaoine
  • Is é €275 milliún an costas iomlán
  • An tAire Humphreys: ‘Baineann sé seo leis an ról ríthábhachtach atá ag ár gcúramóirí a aithint’

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go n-íocfar an Deontas Tacaíochta Cúramóra le 132,000 cúramóir ar fud na tíre amárach (Déardaoin 6 Meitheamh).

Tá an deontas €1,850 ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi mhíchumas, beag beann ar a n-acmhainn nó ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Is é costas iomlán an deontais atá á íoc an tseachtain seo ná €275 milliún.

Eiseofar an deontas go díreach chuig cuntas bainc nó oifig phoist daoine ar an Déardaoin.

Íoctar an Deontas Tacaíochta Cúramóra i leith gach duine dá dtugtar aire dóibh, chun an costas breise a bhaineann le cúram a sholáthar a chur san áireamh agus chun na dúshláin ar leith atá roimh na cúramóirí sin a aithint.

Tá beagnach 15,000 cúramóir ag cur cúraim ar fáil do bheirt nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i leith gach duine atá faoina gcúram.

Íoctar an Deontas Tacaíochta Cúramóra go huathoibríoch le gach duine a fhaigheann Liúntas Cúramóra (ráta iomlán nó leathráta), Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Bhaile. Tá sé ar fáil freisin do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfuil ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo.

Agus íocaíocht an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí á fógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfaighidh 132,000 cúramóir Deontas Tacaíochta Cúramóra €1,850 amárach.

“Íocfar é seo go huathoibríoch leo siúd atá ag fáil na scéimeanna Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile.

“Méadaíodh an Deontas Tacaíochta Cúramóra go €1,850 mar an chéad cheann de roinnt feabhsuithe atá tugtha isteach agam le blianta beaga anuas mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí agus ar an méid a chuireann siad leis an tsochaí.

“Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach cúramóir in Éirinn as an rannchuidiú ríthábhachtach luachmhar a imríonn tú inár sochaí agus inár bpobail áitiúla go léir.

“Tá do thiomantas agus d’obair chun tacú leo siúd a bhfuil cabhair agus tacaíocht de dhíth orthu thar a bheith tábhachtach agus is mór againn é.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an t-eolas ar fad faoin Deontas Tacaíochta Cúramóra ar fáil ar www.gov.ie/csg.

Miondealú contae ar fhaighteoirí an Deontais Tacaíochta Cúramóra:

CEATHARLACH 2,113
AN CÁBHÁN 2,182
AN CLÁR 3,091
CORCAIGH 15,650
DÚN NA NGALL 5,476
BAILE ÁTHA CLIATH 29,556
GAILLIMH 6,651
CIARRAÍ 4,481
CILL DARA 5,453
CILL CHAINNIGH 2,418
LAOIS 2,550
LIATROIM 1,032
LUIMNEACH 7,023
AN LONGFORT 1,567
4,080
MAIGH EO 3,937
AN MHÍ 4,712
MUINEACHÁN 1,610
UÍBH FHAILÍ 2,935
ROS COMÁIN 2,120
SLIGEACH 1,864
TIOBRAID ÁRANN 5,596
PORT LÁIRGE 3,446
AN IARMHÍ 3,061
LOCH GARMAN 5,229
CILL MHANTÁIN 3,817

Tabhair faoi deara

Conas cáiliú don Deontas Tacaíochta Cúramóra

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta Cúramóra má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Bhaile (LCB).

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, is féidir go gcáileoidh tú fós má chomhlíonann tú na coinníollacha seo:

  • go bhfuil tú 16 bliana d’aois nó os a chionn
  • go bhfuil gnáthchónaí ort i Stát na hÉireann
  • go gcuireann tú cúram ar fáil don duine go lánaimseartha
  • go bhfuil tú ag tabhairt aire don duine ar feadh tréimhse leanúnach sé mhí ar a laghad, agus áirítear sa tréimhse seo an chéad Déardaoin i Mí an Mheithimh
  • go gcónaíonn tú leis an duine atá faoi do chúram nó go bhfuil teacht ort go tapa le córas díreach cumarsáide amhail teileafón nó aláram

Ní cháilíonn tú don Deontas Tacaíochta Cúramóra más rud é:

  • go bhfuil tú fostaithe, go bhfuil tú féinfhostaithe, nó ag freastail ar chúrsa oiliúna nó oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain. (Tabhair faoi deara: ní mór duit a thaispeáint dúinn go bhfuil cúram leordhóthanach ag an duine atá faoi do chúram agus tú ar obair, ar chúrsa oideachais, nó araon)
  • go bhfaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist
  • go bhfuil ranníocaíochtaí creidiúnaithe á bhfáil agat
  • go bhfuil cónaí ort in ospidéal, i ionad téarnaimh nó ina leithéid d’institiúid

Má tá níos mó ná duine amháin faoi do chúram, gheobhaidh tú deontas do gach duine atá faoi do chúram.

Tá an Deontas Tacaíochta Cúramóra díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.