Fógraíonn an tAire Humphreys 168 Bunscoil bhreise atá faofa le haghaidh Béilí Scoile Te
- Foilsithe: 31 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá 168 Bunscoil bhreise ar fud gach contae chun Béilí Scoile Te a fháil ó Mheán Fómhair 2024
- Leathnaíonn Béilí Scoile Te ó phíolóta bheag de 30 scoil go Clár Náisiúnta anois i 2,200 bunscoil
- Tá breis is 345,000 páiste bunscoile i dteideal Béilí Te a fháil anois
- “Is í an uaillmhian atá agam ná rolladh amach na mBéilí Scoile Te i ngach Bunscoil atá fágtha a chur i gcrích mar chuid de Bhuiséad 2025”– an tAire Humphreys
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go bhfuil 168 bunscoil bhreise faofa don Chlár Béilí Scoile Te.
Ciallaíonn an fógra go bhfuil beagnach 2,200 Bunscoil ar fud na tíre i dteideal Béilí Scoile Te a fháil anois.
Beidh rochtain ag 29,000 páiste breise ar fud 168 scoil ar bhéilí te cothaitheacha don scoilbhliain nua ag tosú ó Mheán Fómhair seo chugainn. Tugann sé seo líon iomlán na bpáistí bunscoile atá incháilithe anois chun Béile Te Scoile a fháil gach lá go 345,000.
Ag fógairt an leathnaithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Ó ceapadh mar Aire Coimirce Sóisialaí mé, d’fhás mé an Clár Béilí Scoile Te ó chlár píolótach beag de 30 scoil go clár náisiúnta a chuireann béilí te cothaitheacha ar fáil anois i 2,200 bunscoil ar fud na tíre.
“Is í an uaillmhian atá agam anois an post a chríochnú mar chuid de Bhuiséad na bliana seo agus a chinntiú go bhfuil gach bunscoil in Éirinn ag cur béilí scoile te ar fáil in 2025.
“Creidim go láidir go mbeidh rolladh amach na mbéilí scoile te i ngach bunscoil sa tír mar chuid d’oidhreacht bhuan ag an Rialtas seo.”
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an maoiniú do scoileanna le haghaidh Chlár na mBéilí Scoile, agus tá sé de fhreagracht ar scoileanna a soláthraí a roghnú ar bhealach oscailte, cothrom agus trédhearcach de réir na reachtaíochta náisiúnta agus threoracha an AE maidir le soláthar.
Scríobhfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí anois chuig gach ceann de na 168 scoil le comhairle a chur orthu maidir leis na chéad chéimeanna eile ina leith seo chun am a thabhairt do scoileanna ullmhú le go mbeidh a gcuid daltaí in ann leas a bhaint as Béilí Scoile Te ó Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.
Tá an liosta iomlán de 168 Bunscoil nua atá ceadaithe do Bhéilí Scoile Te ó Mheán Fómhair 2024 ar fáil anseo: gov - Primary Schools approved for Hot School Meals from September 2024 (www.gov.ie)
Nótaí:
Tugadh isteach an Clár Béilí Scoile Te mar phíolóta beag de 30 scoil. Tá fás suntasach tagtha ar an gClár ag an Aire Humphreys le blianta beaga anuas. Cinnteoidh fógra an lae inniu gurb ionann líon iomlán na scoileanna a bhfuil rochtain acu ar Bhéilí Scoile Te agus beagnach 2,200 ó Mheán Fómhair 2024.
Léirigh na 168 Bunscoil nua a ceadaíodh inniu spéis i mBéilí Scoile Te anuraidh.
Tá teagmháil déanta ag an Roinn i mbliana leis na Bunscoileanna go léir atá fágtha nach bhfuil páirteach sa scéim Béilí Scoile Te fós ag iarraidh orthu léirithe spéise a chur isteach chun tús a chur le soláthar Béilí Scoile Te. Déanfar athbhreithniú ar na freagraí agus é mar aidhm níos mó scoileanna faoi réir an mhaoiniú atá ar fáil a chur san áireamh i mBuiséad 2025.
Is éard is cuspóir leis an gClár maidir le Béilí Scoile, ná bia rialta cothaitheach a sholáthar do leanaí chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Tá an clár ina chuid thábhachtach de bheartais chun freastal ar scoil agus gnóthachtáil oideachais bhreise a spreagadh.