Fógraíonn an tAire Humphreys 900 Bunscoil bhreise atá faofa le haghaidh Béilí Scoile Te
- Foilsithe: 5 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá 900 Bunscoil ar fud gach Contae chun Béilí Scoile Te a fháil ó Aibreán 2024
- Bainfidh breis is 150,000 leanbh leas as an leathnú
- Leathnaíonn Clár na mBéilí Scoile Te ó 30 Scoil go dtí breis is 1400 scoil
- “Beidh rochtain chinnte ag aon leanbh a bheirtear in Éirinn ar Bhéile Te faoin am a dtosaíonn siad ar scoil.” - an tAire Humphreys
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go bhfuil 900 bunscoil faofa don Chlár Béilí Scoile Te.
Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbainfidh 150,000 leanbh breise leas as béilí te cothaitheacha an bhliain seo chugainn.
Agus í ag fógairt sonraí na 900 scoil, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil 900 bunscoil breise faofa don Chlár Béilí Scoile Te.
“Nuair a ceapadh mé i m'Aire Coimirce Sóisialaí i mí an Mheithimh 2020, bhí Béilí Teo á bhfáil ag 30 scoil. Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh breis agus 1,400 bunscoil ag baint leasa as Béilí Scoile Te ó Aibreán na bliana seo chugainn.
“Mar Aire, tá rún daingean agam leanúint ar aghaidh ag leathnú an Chláir Béilí Scoile Te chuig gach Bunscoil in Éirinn.
“Is í an aidhm atá agam ná go mbeidh rochtain chinnte ag aon leanbh a bheirtear in Éirinn ar Bhéile Te faoin am a dtosaíonn siad ar scoil.
“Ciallaíonn an leathnú mór atá á fhógairt agam inniu go bhfuilimid ar an mbóthar ceart anois chun an cuspóir sin a bhaint." amach.”
Tugadh isteach Clár na mBéilí Scoile Te in 2019 mar chlár píolótach beag de 30 scoil.
Tá fás suntasach curtha leis an gClár le blianta beaga anuas ag an Aire Humphreys agus tá gach Bunscoil DEIS i dteideal Béile Te a fháil anois.
Níos luaithe i mbliana, chuir an tAire Humphreys in iúl go raibh sé ar intinn aici Clár na mBéilí Scoile Te a rolladh amach i ngach Bunscoil. Mar chuid den phlean leathnaithe suntasach seo, chuathas i dteagmháil le gach bunscoil a bhí fágtha agus iarradh orthu foirm léirithe spéise a chur isteach má bhí suim ag a scoil tús a chur le soláthar béilí scoile te.
Fuarthas léirithe spéise ó bhreis agus 900 Bunscoil i leith 150,000 leanbh agus tá cuireadh á thabhairt do na scoileanna seo inniu páirt a ghlacadh i gClár na mBéilí Scoile Te ó 2024 ar aghaidh.
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an maoiniú do scoileanna le haghaidh Chlár na mBéilí Scoile agus is é cúram na scoileanna a soláthraí a roghnú ar bhealach oscailte, cothrom agus trédhearcach i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le treoracha ón AE maidir le soláthar.
Scríobhfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí anois chuig gach ceann de na scoileanna seo le comhairle a chur orthu maidir leis na chéad chéimeanna eile ina leith seo chun am a thabhairt do scoileanna le hullmhú ionas go mbeidh a ndaltaí in ann leas a bhaint as béilí te ó Aibreán 2024 ar aghaidh.
Tá liosta iomlán de 900 Bunscoil nua a faomhadh do Bhéilí Scoile Te ó Aibreán 2024 ar fáil anseo.
Nótaí:
Is é cuspóir Chlár na mBéilí Scoile ná bia rialta, cothaitheach a sholáthar do leanaí chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Cuid thábhachtach is ea an clár de bheartais chun freastal ar scoil agus gnóthachtáil bhreisithe oideachais a spreagadh.
Tugadh isteach cuid na mBéilí Scoile Te sa bhliain 2019 agus tá méadú suntasach tagtha air ó phíolóta bheag de 30 scoil go clár a chuireann béilí cothaitheacha te ar fáil do 500 bunscoil faoi láthair. Cinnteoidh fógra an lae inniu gurb ionann líon iomlán na scoileanna a fhaigheann béilí te agus 1,400 ó Aibreán 2024.