Fógraíonn an tAire Humphreys €980 milliún i méaduithe coimirce sóisialaí nua atá le teacht i bhfeidhm inniu.
- Foilsithe: 1 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2024
- Sraith méaduithe íocaíochta a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir ar aghaidh
- Méadú €12 ar íocaíochtaí seachtainiúla – ag tacú lenár bpinsinéirí, ár gcúramóirí agus daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal
- Méadú €54 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- Méadú €10 ar ráta míosúil an Liúntais Cúraim Baile
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD inniu, go bhfuil €980 milliún i méaduithe Coimirce Sóisialaí le teacht i bhfeidhm inniu.
Déanann na feabhsuithe, atá mar chuid de Bhuiséad 2024, foráil maidir le méaduithe ar íocaíochtaí do phinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal.
Is é €980 milliún costas iomlán na bhfeabhsuithe i mí Eanáir.
Is iad na bearta a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir ná:
- méadú €12 ar uasráta na mbuníocaíochtaí seachtainiúla ar fad – a rachaidh chun sochair os cionn 1.4 milliún duine agus méaduithe comhréireacha do Chleithiúnaithe Aosaithe Cáilithe.
- Méadú €54 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na nÍocaíochtaí do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. Soláthróidh sé seo tacaíocht airgeadais bhreise do theaghlaigh ar ioncam íseal agus beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo.
- Méadú €10 ar ráta míosúil an Liúntais Chúraim Baile go €340 in aghaidh na míosa. Tá an méadú seo ann chun tacú le daoine a bhfuil ról luachmhar acu i sochaí na hÉireann – tuismitheoirí nó caomhnóirí a thugann aire do leanbh faoi mhíchumas trom.
- Méadú €4 ar Leanbh Cáilithe in íocaíochtaí i leith leanaí atá ag daoine a fhaigheann sochair leasa shóisialaigh, rud a ardaíonn an íocaíocht sin go €46 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois agus €54 in aghaidh na seachtaine do leanaí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.
Tá na bearta seo sa bhreis ar na naoi gcnapíocaíocht, ar fiú breis is €1.2 Billiún iad, a fuair an tAire Humphreys mar chuid de Bhuiséad 2024 chun cabhrú le teaghlaigh leis an gcostas maireachtála.
Íocadh ocht gcinn de na híocaíochtaí seo roimh an Nollaig, lena n-áirítear Íocaíocht Bhónais na Nollag, íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh, €300 breise d’fhaighteoirí an Liúntais Breosla, €200 breise d’fhaighteoirí an Liúntais Maireachtála Aonair, €400 breise d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht, Íocaíocht €400 do Chúramóirí agus Deontas Tacaíochta Míchumais €400.
Beidh íocaíocht dhúbailte bhreise freisin sa tseachtain dar tús an 29 Eanáir 2024, íoctha ar an mbonn céanna le Bónas na Nollag, a íocfar ag na rátaí ardaithe a bheidh i bhfeidhm ón 2 Eanáir.
Agus bearta Coimirce Sóisialaí mhí Eanáir á bhfógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil €980 milliún d’fheabhsuithe ar íocaíochtaí le teacht i bhfeidhm inniu.
“Fuarthas na méaduithe seo mar chuid den phacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit agus rachaidh siad chun tairbhe do na céadta mílte teaghlach ar fud na tíre, lena n-áirítear ár gcúramóirí, ár bpinsinéirí, ár dtuismitheoirí aonair agus daoine faoi mhíchumas.
“Tá áthas orm go háirithe na híocaíochtaí i leith Leanaí Cáilithe agus na tairseacha um Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a mhéadú arís. Is tacaíochtaí ríthábhachtacha iad seo a chabhraíonn le bochtaineacht na leanaí a laghdú.
“Tá na bearta seo sa bhreis ar an tsraith Íocaíochtaí Cnapshuime a eisíodh le seachtainí beaga anuas agus dearadh iad chun níos mó airgid a chur ar ais i bpócaí daoine agus chun cabhrú le teaghlaigh ar fud na tíre leis an mbrú a bhaineann le costais mhaireachtála.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
Beart buiséid dar tús mhí Eanáir 2024 | Ag tosú | Líon na dTairbhithe |
Beidh méadú €12 in aghaidh na seachtaine ar uasráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla ar fad le harduithe comhréireacha do dhaoine fásta cáilithe agus dóibh siúd atá ar rátaí laghdaithe íocaíochta. | Le héifeacht ón gcéad seachtain i mí Eanáir. | Os cionn 1.4 milliún. |
Beidh méadú €4 ar ráta seachtainiúil an Mhéadaithe i leith Leanaí Cáilithe do leanaí de gach aois; ó €42 go €46 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois, agus ó €50 go €54 in aghaidh na seachtaine do leanaí atá 12 bhliain d’aois agus níos sine. | Le héifeacht ón gcéad seachtain i mí Eanáir. | Os cionn 370,000 leanbh. |
Tá méadú €54 ar thairseach sheachtainiúil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. | Le héifeacht ón 4 Eanáir 2024. | Thart ar 45,000 faighteoir na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht reatha. Ina theannta sin, beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo. |
Beidh méadú €10 ar ráta an Liúntais Cúraim Baile go €340 in aghaidh na míosa. | Le héifeacht ón 1 Eanáir 2024. | Os cionn 63,000 leanbh. |