Fógraíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien leasuithe móra ar CE, Tús agus an Scéim Shóisialta Tuaithe
- Foilsithe: 29 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Teorainn Ama Sé Bliana maidir le RSS bainte
- Síneadh ar Incháilitheacht do Thús
- Solúbthacht chun Cead a thabhairt do Scéimeanna earcú go díreach
- Scéim Phíolótach Nua do Dhaoine Fásta Cáilithe le hiniúchadh
- Osclaíonn an próiseas iarratais d'Íocaíocht Ex-Gratia do Mhaoirseoirí CE
Fuair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, faomhadh na Comh-Aireachta le haghaidh roinnt athchóirithe móra ar Fhostaíocht Pobail, Tús agus ar an Scéim Shóisialta Tuaithe.
Is é cuspóir na Fostaíochta Pobail (CE) agus Tús taithí oibre a chur ar fáil do rannpháirtithe atá dífhostaithe go fadtéarmach ina bpobail áitiúla chun cabhrú leo fostaíocht a fháil.
Tá os cionn 19,000 rannpháirtí ar CE faoi láthair, beagnach 5,000 rannpháirtí ar Tús agus díreach faoi bhun 3,000 rannpháirtí ar an Scéim Shóisialta Tuaithe (RSS). Is ionann infheistíocht an Rialtais sna trí scéim agus níos mó ná €500 milliún in 2022.
Chomh maith leis sin inniu, tá an próiseas iarratais don íocaíocht ex-gratia do Mhaoirseoirí CE agus do Mhaoirseoirí Cúnta á oscailt.
Rachaidh an íocaíocht ex-gratia seo chun tairbhe thart ar 2,500 duine ar chostas iomlán níos mó ná €24 milliún.
Athruithe ar CÉ, Tús agus RSS
Fuair an tAire Humphreys faomhadh an Rialtais do na hathruithe seo a leanas inniu:
- An teorainn ama sé bliana do gach rannpháirtí ar an Scéim Shóisialta Tuaithe a bhaint.
- Síneadh ar incháilitheacht do Tús chuig daoine a bhfuil Íocaíochtaí Míchumais á bhfáil acu
- Solúbthacht nua chun ligean do scéimeanna CE iarrthóirí incháilithe a earcú go díreach chun 30% d'áiteanna a líonadh.
- Intreo chun líon na n-atreoruithe chuig CE a mhéadú go suntasach agus beidh ar scéimeanna áiteanna a thairiscint do 60% ar a laghad de na hiarrthóirí arna n-atreorú.
- Déanfar iniúchadh ar an Scéim Phíolótach nua chun incháilitheacht a leathnú chuig Daoine Fásta Cáilithe
- Leanúint ar aghaidh ag ceadú scéimeanna chun socrúcháin aonair a leathnú agus rannpháirtithe reatha a choinneáil i gcásanna nár roghnaíodh aon iarrthóir ionaid. Ciallaíonn sé sin nár cheart go mbeadh tionchar ar sheirbhísí áitiúla mar gheall nárbh fhéidir rannpháirtithe ionaid a fháil.
Tá na bearta seo sa bhreis ar athruithe a thug an tAire Humphreys agus O’Brien isteach níos luaithe i mbliana a ligeann do rannpháirtithe ar CE agus ar RSS atá os cionn 60 bliain d'aois fanacht ar scéimeanna go dtí go rachaidh siad ar scor.
Ag fógairt na n-athruithe di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí agus Forbairt Tuaithe agus Pobail, aithním go hiomlán an ról ríthábhachtach atá ag ár n-oibrithe CE, Tús agus Scéim Shóisialta Tuaithe i bpobail áitiúla ar fud na tíre.
“Tacaíonn na scéimeanna seo le raon seirbhísí áitiúla ríthábhachtacha i réimsí mar chúram leanaí, béilí ar rothaí, cothabháil agus cúram saoráidí áitiúla agus obair ríthábhachtach eile inár bpobail.
“Tá an líon is airde fostaíochta againn in Éirinn anois agus breis agus 2.5 milliún duine ag obair. Cé go bhfuil sé seo thar a bheith dearfach, cruthaíonn sé dúshláin do scéimeanna áitiúla i dtéarmaí earcaíochta, rud a mbíonn tionchar iarmhartach aige ar sheachadadh seirbhísí tábhachtacha áitiúla i bpobail.
“Leathnóidh na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu na critéir incháilitheachta do na scéimeanna seo agus soláthróidh siad solúbthacht bhreise do mhaoirseoirí áitiúla maidir le hearcú agus coinneáil rannpháirtithe.>
“Is as pobal tuaithe mé féin agus chreid mé i gcónaí sna buntáistí a bhaineann le cláir ar nós CE, Tús agus RSS do rannpháirtithe agus do phobail.
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an próiseas iarratais don íocaíocht ex-gratia do mhaoirseoirí CE agus do mhaoirseoirí cúnta oscailte anois.
“Scríobhfaidh mo Roinn go luath chuig maoirseoirí CE agus chuig maoirseoirí cúnta CE a bhféadfadh teidlíocht láithreach a bheith acu ag tabhairt cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo."
Dúirt an tAire Stáit, Joe O’Brien T.D.
“Glacann beagnach 27,000 duine páirt sna scéimeanna seo, ag obair go páirtaimseartha, chun seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla lena n-áirítear i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus i bpobail thuaithe.
“Is léir go bhfuil sé deacair ag scéimeanna líon dóthanach rannpháirtithe a earcú de bharr athruithe méadaithe na rannpháirtithe ar scéimeanna, tar éis COVID, agus sa mhargadh saothair atá ag dul i méid.
“D'fhéadfadh sé seo a bheith ina chúis le deacrachtaí do scéimeanna seirbhísí pobail ríthábhachtacha a chothabháil.
“Tacóidh na hathruithe a fógraíodh inniu le scéimeanna tríd an bpróiseas earcaíochta a neartú, ligfidh siad do scéimeanna níos mó rannpháirtithe a choinneáil thar a dteorainneacha caighdeánacha ama conartha, chomh maith leis an teorainn ama sé bliana a bhaint don ghrúpa deiridh rannpháirtithe RSS lena mbaineann sé go fóill."
Íocaíocht ex - gratia le maoirseoir CE agus maoirseoirí cúnta
D'fhógair an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien inniu freisin go bhfuil an próiseas iarratais don íocaíocht ex-gratia do mhaoirseoirí CE agus do mhaoirseoirí cúnta oscailte anois.
D'aontaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí agus na ceardchumainn, SIPTU agus Fórsa Íocaíocht ex-Gratia CE i mí na Nollag 2021, a dhéanann ionadaíocht do mhaoirseoirí CE agus do mhaoirseoirí cúnta CE. Rachaidh sé chun tairbhe thart ar 2,500 duine atá fostaithe ag scéimeanna CE ar chostas iomlán níos mó ná €24 milliún. Ar aois scoir a bhaint amach, gheobhaidh maoirseoirí incháilithe CE agus maoirseoirí cúnta CE íocaíocht aonuaire i leith ama fostaithe ag scéimeanna CE. Beidh thart ar 700 duine a chuaigh ar scor ó 2008 i leith in ann iarratas a dhéanamh ar íocaíocht ón scéim seo láithreach bonn. Ón tseachtain seo amach, tá an Roinn ag eisiúint litreacha chuig an gcéad ghrúpa tairbhithe seo, ag lorg iarratas ar íocaíocht.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is cláir ghníomhacha sa mhargadh saothair iad Fostaíocht Pobail (CE) agus Tús atá deartha chun deis a thabhairt do dhaoine dífhostaithe fadtéarmacha agus do dhaoine eile faoi mhíbhuntáiste obair úsáideach a dhéanamh laistigh dá bpobail ar bhonn sealadach, ar théarma seasta.
Is scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) a chuireann deiseanna fostaíochta páirtaimseartha ar fáil d'fheirmeoirí agus d'iascairí agus do mhná atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh sonraithe, agus atá tearcfhostaithe ina bpríomhghairm bheatha.
Tá RSS deartha agus seachadta go sonrach do dhaoine cáilithe áirithe in aois oibre a dtiteann a n-ioncam faoi bhun teorainneacha áirithe. Tarraingíonn an obair luachmhar a dhéanann na rannpháirtithe ar na scileanna atá acu cheana féin a d'fhéadfaí a fhorbairt tuilleadh agus a roinnt le linn a rannpháirtíochta.
I measc na gcineálacha oibre a nglacann rannpháirtithe CE, Tús agus RSS páirt iontú tá bainistíocht taitneamhachtaí áitiúla, tionscadail chomhshaoil, na healaíona agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, Bailte Slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánaithe drugaí.
Íocaíocht ex-gratia CE
Socraíonn an íocaíocht seo moladh ón gCúirt Oibreachais maidir le pinsin i leith maoirseoirí CE agus maoirseoirí cúnta.
D'aontaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí agus na ceardchumainn, SIPTU agus Fórsa Íocaíocht ex-Gratia CE i mí na Nollag 2021, a dhéanann ionadaíocht do mhaoirseoirí CE agus do mhaoirseoirí cúnta CE. Rachaidh sé chun tairbhe thart ar 2,500 duine atá fostaithe ag scéimeanna CE. Tá costas iomlán os cionn €24 milliún ag baint leis. Ar aois scoir a bhaint amach, gheobhaidh maoirseoirí incháilithe CE agus maoirseoirí cúnta CE íocaíocht aonuaire CE Ex-Gratia i leith ama fostaithe ag scéimeanna CE.
Ríomhfar an Íocaíocht ex-Gratia CE bunaithe ar an am iarbhír a oibrítear, agus ríomhfar na tréimhsí ama a chaitear i bhfostaíocht pháirtaimseartha ar bhonn pro rata. Maidir le maoirseoirí CE agus maoirseoirí cúnta CE a cháilíonn, beidh an íocaíocht seo bunaithe ar an scálaphointe tuarastail nuair a thiocfaidh deireadh leis an bhfostaíocht CE. Tá an íocaíocht faoi réir uasteorainn €600 in aghaidh na seachtaine ar feadh uasmhéid de choicís in aghaidh na bliana. Is ón 1 Iúil 2008 go dtí an 31 Nollaig 2023 an tréimhse cháilitheach don Íocaíocht CE Ex-Gratia.
Tá oifigigh na Roinne Coimirce Sóisialaí i mbun cumarsáide i scríbhinn faoi láthair le maoirseoirí CE agus le maoirseoirí cúnta CE a bhféadfadh teidlíocht láithreach a bheith acu don scéim ag tabhairt cuiridh dóibh iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo agus dóibh siúd a chuaigh ar scor ó 2008.