English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Gorman go bhfuil síneadh 9 seachtaine curtha le Saoire agus Sochar Tuismitheora íoctha

  • Ón 1 Lúnasa, is féidir le gach tuismitheoir leas a bhaint as 9 seachtaine saoire agus sochair
  • Bronnadh breis agus 78,000 éileamh ar Shochar Tuismitheora in 2023
  • Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Tuismitheora ná ar MyWelfare.ie

D’fhógair an tAire Heather Humphreys agus Roderic O’Gorman inniu ón 1 Lúnasa go mbeidh tuismitheoirí in ann leas a bhaint as Saoire agus Sochar Tuismitheora íoctha 9 seachtaine.

Ciallaíonn an beart go méadaíonn an líon seachtainí gur féidir le tuismitheoirí am saor ón obair a thógáil, le tacaíocht airgeadais ón Stát, ó 7 seachtaine go 9 seachtaine faoi na scéimeanna Saoire agus Sochair do Thuismitheoirí.

Baineann an tacaíocht leis an mbeirt tuismitheoirí agus tá sí mar chuid d’uaillmhian an Rialtais a chinntiú gur féidir le tuismitheoirí am fiúntach cáilíochta a bheith acu lena leanaí nuabheirthe ar an eolas go dtabharfar tacaíocht airgeadais dóibh.

Tá Saoire agus Sochar Tuismitheora ar fáil do thuismitheoirí incháilithe a bhfuil leanbh faoi bhun 2 bhliain d’aois acu nó a d’uchtaigh leanbh le 2 bhliain anuas.

In 2023, bronnadh beagnach 78,200 éileamh ar Shochar Tuismitheora – i gcomparáid le 16,700 in 2020.

Bronnadh breis agus 38,800 éileamh ar Shochar Tuismitheora sa chéad leath den bhliain seo.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá leathnú déanta againn ar na scéimeanna Saoire agus Sochair do Thuismitheoirí thar roinnt Buiséad, ó 2019 nuair a tugadh isteach coicís saoire agus sochair ar dtús.

“Tá ríméad orm go bhfuilimid ag méadú líon na seachtainí saoire íoctha is féidir le gach tuismitheoir a ghlacadh arís, an uair seo ó 7 seachtaine go 9 seachtaine ón 1 Lúnasa.

“Is beart é seo a mbainfidh na mílte teaghlach a bhfuil leanaí óga acu ar fud na tíre tairbhe as.

"Léiríonn an méadú suntasach atá tagtha ar an ráta glactha cé chomh tábhachtach agus atá sé do thuismitheoirí agus an tóir atá air i measc tuismitheoirí.

“Tá an t-am a chaitear le leanbh nuabheirthe i míonna luatha a saoil an-tábhachtach ar fad agus cabhróidh leathnú na scéimeanna sin le tuismitheoirí níos mó ama a chaitheamh lena leanaí le linn na céime tábhachtaí seo de shaol a linbh.”

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá sé an-tábhachtach go dtacaítear le tuismitheoirí am a chaitheamh lena leanaí le linn na chéad chúpla bliain luachmhara sin. Tá ríméad orm go mbeidh tuismitheoirí a bhfuil leanbh faoi bhun 2 bhliain d’aois acu nó a d’uchtaigh leanbh laistigh den 2 bhliain dheireanacha i dteideal coicís bhreise de shaoire thuismitheoireachta le pá a fháil ó mhí Lúnasa ar aghaidh.

“Ó 2020 i leith, tá saoire tuismitheora le pá méadaithe faoi cheathair ag an Rialtas, ó choicís suas go naoi seachtaine. Chomh maith le hinfheistíocht níos airde ná riamh a dhéanamh i luathfhoghlaim agus i gcúram leanaí, leanfaimid orainn ag obair chun tacú le tuismitheoirí agus chun a chinntiú go bhfaighidh leanaí an tús is fearr sa saol.”

Nótaí:

Tá Sochar Tuismitheora ar fáil do thuismitheoirí fostaithe agus féinfhostaithe a bhfuil an líon riachtanach ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) acu. Tá sé ar fáil do thuismitheoirí laistigh de 2 bhliain ó bhreith nó uchtú a linbh.

Íoctar Sochar Tuismitheora ar ráta €274 sa tseachtain. Is ionann an ráta seo agus an ráta do Shochar Máithreachais, Atharthachta agus Uchtaíoch.

Ón 1 Lúnasa ar aghaidh, beidh íocaíocht 9 seachtaine ar fáil do gach tuismitheoir, rud a léiríonn íocaíocht €2,466 in aghaidh an tuismitheora.

Scéim sholúbtha a thacaíonn le teaghlaigh í an scéim um Shochar Tuismitheora, rud a éascaíonn do thuismitheoirí leas a bhaint as an sochar i mbloc 9 seachtaine as a chéile nó i mbloic sheachtainiúla ar leith thar thréimhse níos faide.

Is féidir le tuismitheoirí suas le 9 n-iarratas ar leith ar shaoire a chur isteach le linn an chéad dá bhliain de shaol a linbh. Léiríonn na figiúirí atá san áireamh líon na n-éileamh a bronnadh don tréimhse a moladh agus d’fhéadfadh níos mó ná éileamh amháin a bheith ag tuismitheoir le linn na tréimhse ag brath ar an mbealach a d’úsáid siad a saoire tuismitheora.

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Tuismitheora ná ar líne ar MyWelfare.ie.