English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys athchóiriú ar an Scéim Sochar Cóireála chun leasa daoine óga

  • Ní bheidh ar dhaoine idir 25-28 bliain d’aois oibriú anois ach ar feadh 9 mí chun leas a bhaint as cóireálacha fiaclóireachta, súl agus cluasa
  • Rachaidh an beart chun leasa do bheagnach 80,000 duine ar chostas €2.8 milliún in aghaidh na bliana

Tá athchóiriú fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, ar an Scéim Sochar Cóireála, a rachaidh chun leasa beagnach 80,000 duine óg atá idir 25-28 bliain d’aois.

Go dtí seo, bhí ar an gcohórt seo a bheith i bhfostaíocht ar feadh cúig bliana chun cáiliú do thacaíochtaí Stáit le haghaidh cóireálacha fiaclóireachta, súl agus cluas.

Ón lá inniu ar aghaidh, tá an tréimhse seo á laghdú go dtí naoi mí.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil líon na ranníocaíochtaí ÁSPC a theastaíonn chun rochtain a fháil ar shochair den sórt sin laghdaithe anois ó 260 go 39.

Rachaidh an beart seo chun leas do bheagnach 80,000 duine óg agus rinne an tAire Humphreys é mar chuid den phacáiste leasa shóisialaigh don Bhuiséad 2022.

Faoin scéim, soláthraítear seirbhísí fiaclóireachta, súl agus cluas d’fhostaithe árachaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine atá ar scor, a bhfuil an líon riachtanach ranníocaíochtaí ÁSPC cáilitheacha acu. Tá sé ar fáil freisin do chéile cleithiúnach, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir na ndaoine a cháilíonn. Is féidir le daoine leas a bhaint as réimse cóireálacha, saor in aisce nó páirtmhaoinithe.

Ag fógairt an bhirt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"Is éard atá i gceist leis an athrú seo ná a chinntiú go mbíonn rochtain níos éasca ag ár n-oibrithe óga ar thacaíochtaí ríthábhachtacha faoin scéim Sochar Cóireála.

"Roimhe seo, bhí ar oibrí óg sa chohórt seo ranníocaíochtaí ÁSPC a charnadh thar thréimhse cúig bliana,

"Tá sé sin laghdaithe go naoi mí anois - agus léiríonn sé go bhfuilimid ag iarraidh tacú lenár ngairmithe óga maidir le cóireáil fiaclóireachta, súl agus cluas.

"Táimid ag súil go mbainfidh beagnach 80,000 den Lucht Oibre óg leas as, rud a léiríonn chomh tábhachtach agus atá an tionscnamh seo.

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

"Is í an scéim Sochar Cóireála an scéim indibhidiúil is mó de chuid na Roinne i dtéarmaí éilimh, agus próiseáladh agus íocadh breis le 1.4 milliún in 2021.

"Tá lúcháir orm an scéim a leathnú chun leasa níos mó oibrithe, go háirithe ár gcohórt níos óige, agus mholfainn do gach duine a bhfuil i dteideal cinntiú go mbainfidh siad leas iomlán as a gcuid ranníocaíochtaí ÁSPC.”

Nótaí don Eagarthóir:

Cáilíonn thart ar 2.25 milliún duine le haghaidh Sochair Cóireála.

Faoin Scéim Sochar Cóireála, is féidir le duine cáiliú le haghaidh:

  • Sochar fiaclóireachta - scrúdú béil bliantúil agus íocaíocht €42 i dtreo scime nó snas nó, más gá go cliniciúil, cóireáil pheiriadach, uair sa bhliain féilire. Má tá costas glantacháin nó cóireála peiriadach níos mó ná €42, ní mór don chustaiméir an t-iarmhéid a íoc - teoranta ag €15 ar scála nó scim. Níl aon teorainn ar an iarmhéid a ghearrtar ar chóireáil pheiriadach.
  • Sochar optúil - tástáil radharc na súl saor in aisce gach 2 bhliain agus deontas le haghaidh spéaclaí nó lionsaí tadhaill.
  • Áiseanna éisteachta - Uasdeontas de €500 in aghaidh an áis éisteachta gach ceithre bliana (€1,000 do phéire), chomh maith le deontas suas le €100 le haghaidh costas deisiúcháin gach ceithre bliana.

Tá conarthaí ag an Roinn Coimirce Sóisialaí le breis agus 3,000 Fiaclóir, Radharceolaí agus Éisteolaí chun cóireálacha Sochar Cóireála a sholáthar. Is féidir le custaiméirí a n-incháilitheacht a sheiceáil lena soláthraí cóireála sula bhfaigheann siad aon chóireáil. Is féidir le soláthraithe é seo a dhéanamh laistigh de soicindí ar thairseach ar líne Comhpháirtithe Leasa na Roinne.

CRÍOCH