Fógraíonn an tAire Humphreys athruithe ar an Scéim Fóirdheontais Pá
- Foilsithe: 28 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Meán Fómhair 2024
- Foilsíonn an tAire athbhreithniú ar an Scéim Fóirdheontais Pá
- Déanann an t-athbhreithniú moltaí leis an scéim a leathnú agus a fheabhsú, lena leathnaítear í go fostaithe lasmuigh den earnáil phríobháideach san áireamh
- D’urraigh an tAire €3.7 milliún sa bhreis i mBuiséad 2024 le roinnt moltaí san athbhreithniú a chur i bhfeidhm
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, TD Heather Humphreys, inniu athruithe a dhéanfar ar an Scéim Fóirdheontais Pá ag teacht sna sála ar athbhreithniú cuimsitheach ar an scéim.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Fóirdheontais Pá fostóirí na hearnála príobháidí a spreagadh le fostaíocht suntasach agus inmharthana a thairiscint do dhaoine faoi mhíchumas. Déantar é sin trí fhóirdheontas a thairiscint d’fhostóirí.
Tá moltaí an athbhreithnithe bunaithe ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí. Úsáidtear taighde agus dea-chleachtas ó thíortha eile san athbhreithniú freisin.
Déantar sé mholadh san athbhreithniú:
1. Íosmhéid na n-uaireanta riachtanach sa scéim a ísliú ó 21 go 15 uair sa tseachtain (in Aibreán 2024, cuireadh an moladh seo i bhfeidhm nuair a laghdaíodh íosmhéid na n-uaireanta riachtanach don scéim ó 21 uair sa tseachtain go 15 uair).
2. Na téarmaí ‘easnamh táirgiúlachta’ agus ‘gearrdháileadh táirgiúlachta’ a bhaint den scéim.
3. An scéim a leathnú go fostóirí a fhostaíonn duine atá ag teacht ar ais ag an obair agus Sochar Cumais Pháirtigh á fháil aige.
4. An scéim a leathnú go hearnáil an phobail agus deonach agus earnáil tráchtála státurraithe.
5. Athbhreithniú a dhéanamh ar an ráta fóirdheontais ar bhonn rialta.
6. An scéim a chur chun cinn agus eolas a scaipeadh ina leith.
Agus í ag fógairt fhoilsiú an athbhreithnithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá mé sásta an t-athbhreithniú seo a fhoilsiú inniu. Is tacaíocht ríthábhachtach í an Scéim Fóirdheontais Pá le haghaidh fostóirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas, agus rinne mé an t-athbhreithniú tráthúil seo a choimisiúnú chun bealaí a aimsiú chun í a leathnú agus a fheabhsú.
“Tá an t-athbhreithniú seo bunaithe ar an-chuid rannpháirtíochta agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach aon duine agus eagraíocht a thóg an t-am chun cur leis an gcomhairliúchán poiblí. Tá lúcháir orm go bhfuair muid os cionn 1,200 freagra.
“Tá sé soiléir ó bhur n-aiseolas gur gá scéim sholúbtha agus inrochtana a bheith againn a oibríonn níos fearr dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus d’fhostóirí.
“Tá sé tábhachtach freisin go dtacaíonn muid le daoine faoi mhíchumas fostaíocht a bheith acu má’s féidir leo obair a dhéanamh. Tá go leor buntáistí sóisialta, eacnamaíochta agus sláinte a bhaineann le post a bheith agat. Tugtar níos mó neamhspleáchais agus smachta do dhaoine ina saolta féin. Tá sé ríthábhachtach tacú le fostóirí agus iad ag soláthar na ndeiseanna seo do dhaoine faoi mhíchumas.”
Oibreoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí thar na míonna amach romhainn chun moltaí an athbhreithnithe seo a chur i bhfeidhm. Beidh an scéim nuashonraithe i bhfeidhm ó Eanáir 2025.
Tá an t-athbhreithniú ar an Scéim Fóirdheontais Pá ar fáil ag Item was unpublished or removed
Nótaí:
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Fóirdheontais Pá tacú le daoine faoi mhíchumas le dul isteach san fhostaíocht trí fhóirdheontas a thairiscint d’fhostóirí na hearnála príobháidí.
Íocann an scéim íosráta fóirdheontais de €6.30 san uair leis an bhfostóir, ar féidir é a mhéadú go €9.45 in aghaidh na huaire ag brath ar líon na ndaoine atá fostaithe faoin scéim.
Ní mór 15 uair sa tseachtain ar a laghad a bheith sa chonradh fostaíochta a thairgtear agus féadfaidh fóirdheontas a éileamh le haghaidh uasmhéid de 39 uair sa tseachtain.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo.