Fógraíonn an tAire Humphreys athruithe ar Dheontais d’Áiseanna Éisteachta
- Foilsithe: 12 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Deontais a mhéid le €500 d’áis éisteachta; a mhéid le €1,000 do phéire áiseanna éisteachta gan bheith ort comhíocaíocht a dhéanamh
Cuirfidh an Roinn a mhéid le €100 ar fáil i dtreo deisiúchán ar áiseanna éisteachta
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., inniu go ndearnadh athruithe ar na deontais atá ar fáil i dtreo áiseanna éisteachta a cheannach.
Mar chuid de na bearta a fógraíodh i mBuiséad 2021, tá deontas bunráta a mhéid le €500 ar fáil anois i dtreo áis éisteachta, agus tá deontas a mhéid le €1,000 ar fáil do phéire áiseanna éisteachta.
Cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí deontas a mhéid le €100 ar fáil freisin i dtreo an chostais a bhíonn ar áiseanna éisteachta a dheisiú.
Tagann na bearta faoi chuimsiú Scéim Sochair Cóireála na Roinne.
Sular thug an tAire Humphreys na hathruithe isteach, d’íoc an Roinn leath an chostais a bhí ar áis éisteachta a mhéid le deontas uasta €500 in aghaidh na háise. Bhí ar an gcustaiméir ar a laghad leath an chostais a bhí ar an áis a íoc freisin.
Foráiltear anois sa bheart de chuid an Bhuiséid a tugadh isteach go n-íocfaidh an custaiméir iarmhéid an chostais atá os cionn €500 in aghaidh an ghléis atá ar a n-áis éisteachta agus íocfaidh siad iarmhéid an chostais os cionn €100 atá ar dheisiúcháin a dhéanamh.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Cuireann áiseanna éisteachta go mór le caighdeán na beatha i measc go leor daoine a mb’fhéidir go mbeidís ní b’aonraithe murach iad.
“Faoi mar a gheall mé i mo chéad Bhuiséad leasa shóisialaigh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, tá deontas a mhéid le €500 á íoc ag mo Roinn anois faoin mbeart seo i dtreo gach áis éisteachta agus a mhéid le €100 i dtreo deisiúchán ar áis éisteachta, agus níl ar an gcustaiméir comhíocaíocht chomhionann a dhéanamh.
“Spreagaim duine ar bith a cháilíonn do dheontas chun an tacaíocht seo a fháil, agus tá súil agam go gcuirfidh sé feabhas ar a stíl mhaireachtála agus go gcabhróidh sé leo freastal ar a riachtanais éisteachta.”
Bhain 14,000 duine leas as tacaíocht airgeadais i dtreo áiseanna éisteachta agus chuir thart ar 800 duine isteach ar chúnamh i dtreo deisiúchán a dhéanamh ar áis éisteachta in 2020.
D’fhéadfadh fostaithe agus daoine féinfhostaithe agus a gcéile nó a bpáirtnéir cleithiúnach cáiliú, bunaithe ar thaifead ranníocaíochtaí ÁSPC duine.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Cuireann an Scéim Sochair Cóireála seirbhísí fiaclóireachta, optúla agus cluaise ar fáil d’oibrithe faoi árachas, daoine féinfhostaithe, daoine ar scor agus dá gcéile/bpáirtnéir cleithiúnach a bhfuil an líon riachtanach de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) íoctha acu.
Chun cáiliú do Shochar Cóireála, caithfidh gur íoc duine ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) ar Aicme A, E, H nó S.
Is féidir le custaiméirí a gcáilitheacht don deontas seo agus do gach sochar cóireála a sheiceáil ar www.MyWelfare.ie.
Íoctar an deontas go díreach le soláthraithe seirbhíse cláraithe a bhfuil conradh leis an Roinn acu. Mar thoradh air sin, ní íocann an custaiméir ach aon chostas os cionn mhéid an deontais.
Is féidir teacht ar an eolas iomlán ar Shochar Cóireála Breoiteachta ag Item was unpublished or removed