English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys athruithe ar thástáil acmhainne an Liúntais Mhíchumais do mhic léinn PhD

Bainfidh 'Dlí Catherine' na constaicí atá roimh mhic léinn faoi mhíchumas

Shínigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, rialacháin go foirmiúil inniu a bhainfidh na constaicí atá roimh mhic léinn PhD faoi mhíchumas.

Cinnteoidh na rialacháin go ndéanfar dámhachtainí scoláireachta do mhic léinn PhD a eisiamh ón tástáil acmhainne do Liúntas Míchumais (DA).

Rinne an tAire Humphreys an cinneadh tar éis caidreamh díreach le mac léinn PhD DCU, Catherine Gallagher.

Ag labhairt di tar éis na rialacháin a shíniú, dúirt an tAire Humphreys:

“Léirigh cás Catherine dom go raibh éagothroime soiléir sa chóras, atá bainte agam anois trí na rialacháin seo a shíniú.

“As seo amach, ní dhéanfar dámhachtainí scoláireachta do mhic léinn PhD a mheas mar ioncam sa tástáil acmhainne ar an Liúntas Míchumais. Beidh éifeacht leis an mbeart seo ón 1 Meán Fómhair 2020.

“Ciallóidh sé seo gur féidir le mic léinn mar Catherine leanúint ar aghaidh lena gcuid scoláireachtaí agus a n-íocaíocht Liúntais Míchumais a choinneáil.

“Sílim gur cheart, i bhfianaise obair chrua Catherine chun aird a tharraingt ar an gceist seo, go dtugtar ‘Dlí Catherine’ ar an reachtaíocht seo.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Seo an rud ceart le déanamh. Tá an Rialtas ag iarraidh daoine faoi mhíchumas a spreagadh agus cabhrú leo a gcuid oideachais a chur chun cinn agus aon bhacainní sa bhealach orthu a bhaint.

“In éineacht leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, tá sé ar intinn agam bualadh le príomhpháirtithe leasmhara mar Chónaidhm na hÉireann um Míchumas, AHEAD Ireland agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) chun é seo a phlé tuilleadh sna seachtainí amach romhainn.

“Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Catherine as é seo a chur ar mo shúile dom, tá áthas orm gur éirigh linn réiteach a fháil go tapa agus guím gach rath uirthi ina cuid staidéir ag DCU."