English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys Buiséad Coimirce Sóisialaí níos mó ná riamh ar fiú €2.3 billiún é

Fógraíonn an tAire Humphreys Buiséad Coimirce Sóisialaí níos mó ná riamh ar fiú €2.3 billiún é

  • Pacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit
  • Sraith de thacaíochtaí airgeadais chun cabhrú le daoine leis an gCostas Maireachtála
  • Íocaíocht faoi dhó den Sochar Linbh i mí na Nollag
  • Cnapshuim Míchumais agus Cúramóra €400 i mí na Samhna
  • Cnapshuim de €400 d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlach Oibre i mí na Samhna
  • Cnapshuim Liúntais Bhreosla €300 i mí na Samhna
  • Cnapshuim €200 dóibh siúd atá ag fáil an Mhéadaithe um Mhaireachtáil Aonair
  • Íocaíocht aonuaire €100 an Linbh dóibh siúd a fhaigheann Méadú do Leanbh Cáilithe ar a nÍocaíocht Leasa Shóisialaigh
  • Bónas na Nollag agus Bónas Costas Maireachtála Eanáir le híoc le 1.3 milliún duine
  • Ar fud an bhoird méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla de €12 ó Eanáir 2024

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, pacáiste buiséid de €2.3 billiún inniu a thacóidh le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal.

Cabhróidh an Buiséad Coimirce Sóisialaí, an ceann is mó riamh sa Stát, le teaghlaigh agus le saoránaigh leochaileacha trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

Comhcheanglófar arduithe iomlána de €12 in aghaidh na seachtaine le sraith íocaíochtaí cnapshuime i réimsí mar Chúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas, Sochar Linbh, Liúntas Breosla agus an Liúntas Maireachtála Aonair.

Beidh Bónas Nollag i mí na Nollag, agus Bónas Costas Maireachtála Eanáir ina dhiaidh sin, a thacóidh le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, lucht cuardaigh fostaíochta agus teaghlaigh.

I measc na mbeart Coimirce Sóisialaí a fógraíodh inniu tá:

  • Íocaíocht Chnapshuime €300 do gach teaghlach a fhaigheann íocaíocht Liúntais Bhreosla i mí na Samhna 2023;
  • Íocaíocht dhúbailte Sochar Linbh do theaghlaigh a fhaigheann an íocaíocht seo le híoc i mí na Nollag 2023;
  • Cnapshuim €200 do phinsinéirí agus daoine faoi mhíchumas a fhaigheann an Méadú um Mhaireachtáil Aonair i mí na Samhna 2023;
  • Íocaíocht aonuaire de €400 do gach cúramóir a fhaigheann an Deontas Tacaíochta Cúramóra i mí na Samhna 2023;
  • Íocaíocht aonuaire de €400 do dhaoine a fhaigheann Pinsean Easláine, Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall i mí na Samhna 2023[1];
  • Cnapshuim €400 i mí na Samhna 2023 do theaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre;
  • Bónas na Nollag i mí na Nollag, agus Íocaíocht Dhúbailte eile ina dhiaidh sin i mí Eanáir chun cabhrú leis an gCostas Maireachtála; agus
  • Íocaíocht aonuaire de €100 in aghaidh an linbh dóibh siúd a fhaigheann an Méadú do Leanbh Cáilithe ar a n-íocaíocht leasa shóisialaigh, a íocadh i mí na Samhna 2023.

I measc na mbeart eile a seachadadh freisin tá:

  • Sochar Pá-Choibhneasa nua le tabhairt isteach do Lucht Cuardaigh Fostaíochta i R4 2024
  • Ardóidh rátaí seachtainiúla na n-íocaíochtaí do leanaí cáilithe faoi €4 i mí Eanáir 2024, rud a thabharfaidh go dtí €54 iad dóibh siúd atá 12 bliana d’aois agus níos sine agus €46 do dhaoine faoi 12 bliana d’aois
  • Méadú iomlán €12 ar íocaíochtaí seachtainiúla ó Eanáir 2024
  • Méadaíodh Neamhaird Tuilleamh Liúntas Cúramóra go €450 Singil / €900 Lánúin
  • Méadófar an Liúntas um Chúram Baile faoi €10 go €340 in aghaidh na míosa le héifeacht ó Eanáir 2024
  • Síneadh an scéim Saorthaistil chuig daoine a bhfuil deimhniú leighis orthu nach bhfuil in ann tiomáint ó mhí Iúil 2024
  • Íostairseach uaireanta seachtainiúla d’fhostóirí chun leas a bhaint as an Scéim Fóirdheontas Pá laghdaithe ó 21 go 15 uair
  • Scéim na mBéilí Scoile Te le leathnú chuig 900 Bunscoil eile a d’fhreagair Léiriú Suime
  • Ardú €54 ó Eanáir 2024 ar thairseacha na hÍocaíochta do Theaghlach Oibre do gach méid teaghlaigh
  • Síneadh Sochar Tuismitheora ó 7 seachtaine go 9 seachtaine ó Lúnasa 2024
  • &Síneadh Sochar Linbh go dtí daoine 18 mbliana d’aois in oideachas lánaimseartha ó Mheán Fómhair 2024

Ag fógairt an Bhuiséid Coimirce Sóisialaí inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá lúcháir orm inniu bearta Coimirce Sóisialaí ar fiú thart ar €2.3 billiún iad a fhógairt. Léiríonn an pacáiste seo an pacáiste leasa shóisialaigh is mó i stair an Stáit.

“Tá na bearta atá sa Bhuiséad deartha chun tacú leis na daoine is leochailí inár sochaí leis an gcostas maireachtála méadaithe agus dírítear go háirithe ar dhul i ngleic le bochtaineacht leanaí.

“Is cúis áthais dom arís arduithe ginearálta ar íocaíochtaí seachtainiúla a chinntiú – a rachaidh chun sochair pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas.

“Tá réimse íocaíochtaí cnapshuime á bhfógairt agam inniu freisin cosúil le Buiséad na bliana seo caite lena n-áirítear íocaíochtaí dúbailte um Nollaig agus Eanáir, cnapshuim Liúntas Breosla €300, Cnapshuim €200 don Liúntas Maireachtála Aonair, agus cnapshuimeanna €400 don Tacaíocht Mhíchumais agus do Chúramóirí.”

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:

“Tá an-áthas orm raon beart spriocdhírithe a bhaint amach chun tacú le teaghlaigh le leanaí, lena n-áirítear méadú ar an scéim Béilí Te Scoile, síneadh a chur le Sochar Linbh go dtí 18 mbliana d’aois in oideachas lánaimseartha agus méadú €54 ar na tairseacha seachtainiúla um Íocaíocht Teaghlaigh Oibre. Táim ag síneadh an tSochair Tuismitheora go naoi seachtaine freisin agus tá méadú €10 in aghaidh na míosa ar an Liúntas Cúraim Baile. Tá íocaíocht cnapshuime nua de €100 in aghaidh an linbh urraithe agam freisin nuair a bhíonn méadú do leanbh cáilithe á íoc.

“Chun tacú le daoine faoi mhíchumas táim bródúil a bheith ag fógairt go bhfuilimid ag laghdú na tairsí in aghaidh na huaire d’fhostóirí chun leas a bhaint as an Scéim Fóirdheontas Pá ó 21 go 15 uair an chloig. Tá sé seo bunaithe ar aiseolas ón earnáil agus cabhróidh sé le tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas dul i mbun fostaíochta.

“Tá áthas ar leith orm Pas Saorthaistil mo Roinne a leathnú chun tacú le daoine a bhfuil deimhniú leighis acu nach bhfuil in ann tiomáint. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne Epilepsy Ireland ar a raibh mé ag plé leis le dhá bhliain anuas ar an ábhar seo. Is athrú beag é seo ach déanfaidh sé difríocht mhór.

“Tá an tairseach ioncaim don Liúntas Cúramóra á mhéadú agam go €450 do dhuine singil agus €900 do lánúin. Seo an dara huair dom an Tástáil Acmhainne do Chúramóirí a leathnú ó ceapadh mé i m’Aire agus ciallóidh sé go mbeidh na mílte cúramóirí eile i dteideal íocaíochta anois. I dteannta na n-athruithe seo ar an tástáil acmhainne, tá sé beartaithe agam freisin Meitheal Idir-Rannach a bhunú leis an Roinn Sláinte chun scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar chóras iomlán na tástála acmhainne le haghaidh íocaíochtaí cúramóirí.

“Tá sé tábhachtach go dtosaímid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin inbhuanaitheachta fadtéarmacha atá roimh ár gcóras pinsean.

“Níos luaithe i mbliana chinn an Rialtas gan an aois pinsin a ardú ach ina ionad sin glacadh le cur chuige tomhaiste chun rátaí ranníocaíochta ÁSPC a mhéadú ar bhonn céimnithe, incriminteach thar roinnt blianta.

“Ag an am céanna chinn an Rialtas roinnt feabhsuithe a thabhairt isteach ar an gcóras; áirítear orthu seo teidlíochtaí pinsin do chúramóirí fadtéarmacha a fheabhsú, ligean do dhaoine ar mian leo oibriú níos faide a bpinsean a iarchur agus ráta íocaíochta níos airde a fháil trí é sin a dhéanamh, agus aistriú chuig cur chuige ranníocaíochtaí iomlána níos cothroime chun teidlíochtaí pinsin a ríomh.

“Tá céimeanna chun na feabhsuithe seo a chur i bhfeidhm faoi lánseol agus tá an reachtaíocht faoi scrúdú réamhreachtaíochta san Oireachtas faoi láthair. Tá an córas ar líne chun cur ar chumas cúramóirí fadtéarmacha rochtain a fháil ar a dteidlíocht fheabhsaithe atá ar bun cheana féin agus cuirfear tús le pinsin fheabhsaithe a eisiúint sa bhliain nua.

“Chun freastal ar na costais bhreise a bhaineann leis an aois pinsin a choinneáil ag 66, tá sé tábhachtach go dtosóimid ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin inbhuanaitheachta fadtéarmacha atá os comhair ár gcóras Pinsean le harduithe céimnithe ar rátaí ÁSPC. Mar gheall ar fheidhmíocht láidir an Chiste Árachais Shóisialaigh beidh na méaduithe seo incriminteach thar roinnt blianta ag tosú le méadú 0.1% ó 1ú mí Dheireadh Fómhair 2024

“Sochar fadtéarmach tábhachtach d’oibrithe is ea aois an phinsin a choinneáil ag 66 bliana d’aois. Teastaíonn ón Rialtas freisin feabhas a chur ar na tairbhí gearrthéarmacha atá ar fáil d’oibrithe. Ar an gcúis seo agus ag an am céanna le tabhairt isteach na méaduithe ÁSPC an bhliain seo chugainn, tabharfaimid isteach córas nua Sochar Pá-Choibhneasa. Is leasú tábhachtach é seo ar ár gcóras leasa shóisialaigh a laghdóidh an turraing ioncaim a bhíonn ag daoine a chailleann a bpost.

“Fógróidh mé sonraí iomlána ar na hathruithe seo níos déanaí i mbliana mar chuid den Bhille Leasa Shóisialaigh.”

Maidir leis na bearta atá á dtabhairt isteach don Liúntas Cúramóra, dúirt an tAire Humphreys go raibh áthas ar leith uirthi raon na scéime a leathnú trí neamhairdeanna tuillimh seachtainiúla a mhéadú faoi €100.

Ina theannta sin, bainfidh Cúramóirí a fhaigheann an Deontas Tacaíochta Cúramóra leas as cnapshuim de €400 i mí na Samhna. Gheobhaidh duine a cháilíonn le haghaidh míchumas agus íocaíocht cúramóra ar leathráta íocaíocht bhónais amháin de €400.

Agus luach tacaíochtaí in-oibre á n-aithint aici, tá an tAire Humphreys ag cabhrú le teaghlaigh oibre ar ioncam íseal trí chnapshuim de €400 a chur ar fáil dóibh siúd a fhaigheann an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre. Ina theannta sin, tá an tairseach ioncaim don íocaíocht seo á ardú faoi €54 do gach méid teaghlaigh.

Tabharfar scéim nua Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa isteach i Ráithe 4 2024. Nascfaidh an scéim nua seo íocaíocht cuardaitheora poist duine lena dtuilleamh roimhe sin agus stair oibre, rud a laghdaíonn an turraing ioncaim a d’fhéadfadh a bheith os comhair oibrithe má chailleann sé/sí a phost go tobann.

Dúirt Joe O’Brien, an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Comhtháthú agus Carthanas:

“Soláthróidh an Buiséad seo tacaíochtaí do na daoine is leochailí inár sochaí trí bhearta mar an méadú ar an Íocaíocht Leanbh Cáilithe, na tairseacha Íocaíochta do Theaghlach Oibre, síneadh na mBéilí Scoile Te agus an tsraith íocaíochtaí cnapshuime.

“Tá áthas ar leith orm a fheiceáil go n-íoctar €100 do gach leanbh ina leith siúd a bhfuil Méadú do Leanbh Cáilithe á íoc acu agus ar ndóigh is céim thábhachtach é gach ardú ar na croí-rátaí.

“Is gné thábhachtach iad na bearta seo chun an sprioc atá leagtha amach sa Treochlár um Chuimsiú Sóisialta a bhaint amach agus chun dul i ngleic le heisiamh sóisialta.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Tá liosta iomlán de bhearta an Bhuiséid Coimirce Sóisialaí ar fáil ar www.Gov.ie/DSPBudget2024.

Níl an íocaíocht aonuaire de €400 do dhaoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall agus/nó Deontas Tacaíochta Cúramóra, iníoctha ach i leith íocaíocht amháin, fiú má cháilíonn duine le haghaidh níos mó ná ceann amháin de na híocaíochtaí nó má tá duine ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin.

Tá tabhairt isteach Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa in 2024 faoi réir cheadú an Rialtais agus dearadh deiridh na scéime.