Fógraíonn an tAire Humphreys deontas nua €500 i dtreo costas bréagfhoilt nó gruaig ionaid
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022
- Deontas atá ceaptha tacú le mná nó fir atá thíos le caillteanas gruaige mar gheall ar bhreoiteacht
- Meastar go rachaidh an tionscnamh chun sochair thart ar 2,000 duine i rith na chéad bhliana
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, (Dé Céadaoin, an 25 Bealtaine) deontas nua a mhéid le €500 i dtreo costas bréagfhoilt gruaig ionaid do dhaoine a bhíonn thíos caillteanas gruaige mar gheall ar bhreoiteacht.
Meastar go dtacóidh an deontas nua le thart ar 2,000 bean nó fear sa chéad bhliain ina dtabharfar isteach é.
Cuirfear an deontas ar fáil faoi Scéim Sochair Cóireála na Roinne Coimirce Sóisialaí agus íocfaidh sé as caillteanas gruaige a eascraíonn as ailse agus foirmeacha d’alóipéice.
Dúirt an tAire Humphreys agus an fhógairt á déanamh aici:
“Tá an deontas nua seo á thabhairt isteach mar aitheantas ar an tionchar fisiciúil agus síceolaíoch is féidir le caillteanas tobann gruaige a imirt ar shaol duine.
“Baineann an tionscnamh seo, a ndéantar soláthar dó i mBuiséad 2022, le tacú le daoine a bhíonn thíos le foirmeacha d’alóipéice nó d’ailse.
“Cabhróidh an deontas a mhéid le €500 le bréagfholt a cheannach do dhaoine a bhíonn thíos leis an tráma a chruthaíonn caillteanas gruaige.
“Tá súil le Dia agam go dtabharfaidh an deontas seo cabhair éigin chun caighdeán beatha daoine óna dteastaíonn sé a fheabhsú. Tá sé ceaptha tacú le mná nó fir a chailleann rud éigin a ndéanann an oiread sin dínn talamh slán de ar bhonn laethúil.”
Dúirt an tUasal Paddy Pender le Alopecia Ireland:
“Tá ríméid ar Alopecia Ireland tar éis gur cuireadh in iúl dóibh go gcuirfear an Deontas Athsholáthair Gruaige ar fáil.
“Bíonn ag streachailt le go leor dínn bréagfhoilt agus próistéisí ardchaighdeáin a chothabháil nuair a bhímid thíos le halóipéice. Tabharfaidh an deontas seo lámh mhór chúnta le cuid den strus a chuireann an riocht orainn a mhaolú.
“Déanann alóipéice difear do dhaoine ar bhealaí éagsúla ach is eol dúinn go léir an crá a chruthaíonn caillteanas gruaige. Táimid buíoch den tacaíocht airgeadais i dtreo ár ngruaig álainn a athchóiriú!”
Eolas breise:
Beidh an deontas €500 ar fáil do dhaoine, agus dá gcéile cleithiúnach, a bpáirtnéir sibhialta nó a gcomháitritheoir a shásaíonn riachtanais leighis agus coinníollacha ÁSPC scéim Sochair Cóireála na Roinne.
Is féidir le fostaithe a íocann ranníocaíochtaí ÁSPC faoi Aicmí A, E, P agus H anuas ar dhaoine féinfhostaithe atá faoi árachas faoi Aicme S cáiliú don deontas.
Is ionann a bheidh an méid a íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an costas iomlán a bheidh ar earra amháin athsholáthair gruaige in aghaidh na bliana féilire, a mhéid le costas €500 agus beidh sé ar fáil ón 28 Bealtaine 2022. Níl sé ar fáil do dhaoine a gcuirtear cóireálacha máinliachta nó logánta ar fáil dóibh.
Íocann an scéim as caillteanas gruaige a eascraíonn ó ghalar nó galar cosúil le hailse agus roinnt foirmeacha d’alóipéice a chóireáil. Is iad na saghsanna alóipéice ar féidir deontas a íoc dóibh:
- bunalóipéice coilm (ar a dtugtar cicatricial alopecias freisin);
- alóipéice fibrosing tosaigh agus planopilaris léicin (alóipéice choilm);
- alóipéice spreagtha ag ceimiteiripe (anagen effluvium); agus
- alóipéice a eascraíonn ó mháinliacht nó tráma, dónna san áireamh.
Tá sonraí iomlána faoi conas cáiliú don deontas i dtreo costas bréagfhoilt nó gruaig ionaid ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí anseo Item was unpublished or removed
CRÍOCH