English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfaighidh 1.4 milliún duine Íocaíocht Bhónais Dheireadh Fómhair an tseachtain seo chugainn

  • Íocaíochtaí breise ar fiú €350 milliún iad le híoc an tseachtain seo chugainn
  • An chéad cheann de 10 n-íocaíocht chnapshuime chun cabhrú leis an gCostas Maireachtála
  • Íocaíochtaí chun tacú le teaghlaigh, pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go n-íocfar Bónas Dheireadh Fómhair le 1.4 milliún duine an tseachtain seo chugainn.

Soláthraíonn Bónas Dheireadh Fómhair méadú 100% ar an ráta seachtainiúil íocaíochta d’fhaighteoirí incháilithe amhail pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas.

Is é Bónas Dheireadh Fómhair an chéad cheann de 10 n-íocaíocht chnapshuime ar luach iomlán €1.4 billiún chun cabhrú leis an gCostas Maireachtála.

Fógraíodh na híocaíochtaí cnapshuime mar chuid den Bhuiséad Coimirce Sóisialaí a fógraíodh níos luaithe an mhí seo.

Cabhróidh an buiséad Coimirce Sóisialaí – an ceann is mó riamh sa Stát – le teaghlaigh le Costas Maireachtála trí mheascán d’íocaíochtaí cnapshuime, tacaíochtaí spriocdhírithe agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

Agus í ag fógairt na sonraí inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, is é an tosaíocht atá agam ná tacaíocht a thabhairt do na daoine is mó a mbíonn tionchar mór ag an gcostas maireachtála orthu.

“Sin an fáth a bhfuil an chéad íocaíocht de dheich n-íocaíocht chnapshuime á fógairt agam inniu idir seo agus an Nollaig.

“Beidh siad seo chomh tábhachtach sin ó thaobh tacaíocht a thabhairt dár bpinsinéirí, dár gcúramóirí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do theaghlaigh atá ag obair.

“Tacóidh íocaíocht dhúbailte na seachtaine seo chugainn le 1.4 milliún duine ar fud an Stáit.

“Agus ina dhiaidh sin beidh tuilleadh tacaíochtaí ann an mhí seo chugainn, lena n-áirítear íocaíocht chnapshuime €300 dóibh siúd a fhaigheann an Liúntas Breosla agus íocaíocht chnapshuime €200 dóibh siúd a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair.

“Beidh íocaíocht €400 do Chúramóirí agus Tacaíocht Mhíchumais i mí na Samhna chomh maith le híocaíochtaí dúbailte Sochar Linbh i mí na Samhna agus mí na Nollag.”

Nótaí:

Íoctar Bónas Dheireadh Fómhair go huathoibríoch - ní gá do dhaoine iarratas a dhéanamh.

Fuair an tAire Humphreys méaduithe íocaíochta i ngach réimse agus réimse tacaíochtaí spriocdhírithe, chomh maith leis an tsraith d’íocaíochtaí cnapshuime, a thiocfaidh i bhfeidhm ó Eanáir 2025. Tá liosta iomlán de bhearta Coimirce Sóisialaí Bhuiséad 2025 ar fáil ag Item was unpublished or removed