Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil breis is 131,000 teaghlach chun Liúntas Feabhsaithe don Scoilbhlian Nua a fháil
- Foilsithe: 10 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Á breis is €72 milliún de thacaíocht le híoc le breis is 131,000 teaghlach
- Tá €100 eile sa bhreis á thabhairt in aghaidh an pháiste mar fhreagairt ar Dhúshláin Costas Maireachtála
- €260 do leanaí idir 4-11 bliana d’aois; €385 do leanaí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfaighidh breis is 131,000 teaghlach an Liúntas Feabhsaithe Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ó inniu ar aghaidh.
Tá an íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí ceaptha chun tacú le teaghlaigh incháilithe íoc as na costais a bhaineann le héidí scoile agus coisbhirt a cheannach roimh an téarma scoile atá le teacht.
Mhéadaigh an tAire Humphreys na rátaí íocaíochta i mbliana nuair a chuir sí €100 in aghaidh gach páiste leo chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hardú sa chostas maireachtála atá ag cur as do theaghlaigh.
Ciallaíonn sé seo go n-íocfar €260 i leith gach páiste atá in aois 4 bliana-11 bhliain.
Agus íocfar €385 i leith gach páiste atá 12 bhliain nó níos sine agus atá ag freastal ar oideachas dara leibhéal.
San iomlán, déanfar íocaíochtaí ar fiú breis is €72 milliún san iomlán iad go huathoibríoch le 131,000 teaghlach, i leith níos mó ná 231,000 páiste, ó inniu ar aghaidh. Cuirfear fógra amach faoin íocaíocht uathoibríoch chuig custaiméirí tríd an bpost nó trína gcuntas MyWelfare.
Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliaiin fós ar oscailt le haghaidh iarratas agus beidh go dtí an 30 Meán Fómhair agus moltar do theaghlaigh incháilithe cur isteach air. Déanfar cinntí i leith na gcásanna seo a phróiseáil de láimh, agus má tá duine ina teideal, eiseofar íocaíocht a luaithe is a phróiseáiltear iad.
D’fhógair an tAire Humphreys tús na n-íocaíochtaí le linn a cuairte ar an ngnó teaghlaigh Lennon & Sons Drapery i Muinchille, Contae an Chabháin.
Ag labhairt le linn na cuairte, dúirt an tAire Humphreys:
“Táim sásta a fhógairt go n-íocfar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le breis is 131,000 teaghlach ar fud an Stáit ó inniu ar aghaidh.
“Tá méadú €100 curtha leis an íocaíocht seo in aghaidh an pháiste mar aitheantas ar na dúshláin leanúnacha bainteach leis an gcostas maireachtála a bhfuil ar theaghlaigh déileáil leo.
“Tá an Scéim féin iontach tábhachtach chun an t-ualach airgeadais a bhaineann le héide agus bróga scoile roimh an téarma scoile nua a laghdú.
“Gheobhaidh daoine na híocaíochtaí seo ina gcuntais bhainc ó inniu.
“Ach, tá a dhóthain ama fós ag aon teaghlach nár chuir isteach air go fóill mar beifear fós ag glacadh le hiarratais go dtí an 30 Meán Fómhair.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Mar eolas, tuigimid go maith a riachtanaí is a atá sé leanúint orainn ag tacú le teaghlaigh i dtaca le Costais Mhaireachtála.
“Sin an fáth ar fhógair mé an mhí seo caite €100 breise i leith gach páiste a fhaigheann an Sochar Linbh.
“Tá an tAire Norma Foley ar thús cadhnaíochta maidir leis an Scéim Leabhair in Aisce, a thosóidh sna bunscoileanna ó Mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.
“Ach tá lúcháir orm freisin a bheith in ann leanúint leis an méadú ar Chlár na mBéilí Teo.
“Ciallóidh leathnú an chláir chuig gach bunscoil DEIS agus chuig gach scoil speisialta faoi dheireadh na bliana seo, go mbeidh rochtain ag 1,000 scoil ar mhaoiniú do bhéilí scoile teo.
“Agus ó 2024 ar aghaidh, cuirfimid tús le feidhmiú céimneach na mBéilí Teo chuig na bunscoileanna uile atá fágtha.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i leith costas éadaí agus coisbhirt scoile.
Is é €260 an liúntas a íoctar i leith gach leanbh incháilithe atá 4 - 11 bliana d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2023 agus íoctar liúntas €385 i leith gach leanbh incháilithe idir 12 agus 22 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2023. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 agus 22 bhliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta san fhómhar 2023 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.
Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn 071-9193318 agus 0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Tá sé mar rogha ag daoine freisin ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá fiosrúchán acu maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.
Is é an 30 Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil.
Tá tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil ar fáil ag bscfa.
Miondealú de réir Contae
Contae | Líon iomlán na bhFaighteoirí (Teaghlaigh) ar bronnadh liúntas orthu |
Ceatharlach | 2,238 |
An Cabhán | 2,248 |
An Clár | 3,169 |
Corcaigh | 12,505 |
Dún na nGall | 6,115 |
Baile Átha Cliath | 33,650 |
Gaillimh | 5,994 |
Ciarraí | 4,583 |
Cill Dara | 5,264 |
Cill Chainnigh | 2,119 |
Laois | 2,394 |
Liatroim | 1,062 |
Luimneach | 5,852 |
An Longfort | 1,723 |
Lú | 5,207 |
Maigh Eo | 3,870 |
An Mhí | 4,681 |
Muineachán | 1,806 |
Uíbh Fhailí | 2,369 |
Ros Comáin | 1,703 |
Sligeach | 1,897 |
Tiobraid Árann | 4,782 |
Port Láirge | 4,157 |
An Iarmhí | 2,859 |
Loch Garman | 5,348 |
Cill Mhantáin | 3,695 |
Iomlán | 131,288 |