English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil reachtaíocht shuntasach á foilsiú don Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir

  • Timpeall 800,000 oibrí le rollú i scéim nua coigiltis scoir ó Eanáir 2025
  • In aghaidh gach €3 a shábhálfaidh oibrí, cuirfear €4 eile chun sochair a c(h)untais coigiltis scoir
  • Comhlacht poiblí nua, An tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir, le bunú chun an córas a riar
  • An tAire Humphreys: ‘Tá sé seo ar cheann de na leasuithe is mó ar an gcóras pinsin i stair an Stáit”
  • Tuilleadh eolais ar www.gov.ie/autoenrolment

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu foilsiú an Bhille um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir 2024.

Réiteoidh an Bille, a thabharfar faoi bhráid an Oireachtais go luath, an bealach do thart ar 800,000 oibrí a thabhairt isteach sa scéim coigiltis scoir den chéad uair.

Agus í ag fógairt fhoilsiú an Bhille inniu, dúirt an tAire Humphreys “tá sé seo ar cheann de na leasuithe is mó ar an gcóras pinsin i stair an Stáit, agus is cloch mhíle thábhachtach é chun tacú le daoine le linn na mblianta nuair a bheidh siad ar scor.”

Faoi láthair, tá thart ar 35% d’oibrithe sa Stát nach bhfuil aon phinsean ceirde nó príobháideach acu rud a fhágann go mbeidh siad ag brath go hiomlán ar an bPinsean Stáit nuair a rachaidh siad ar scor.

Faoi Uathrollú, beidh rochtain ag fostaithe ar scéim coigiltis scoir san ionad oibre atá cómhaoinithe ag a bhfostóir agus ag an Stát.

Ar achtú na scéime, déanfar fostaithe idir 23 agus 60 bliain d’aois, a thuilleann os cionn €20,000 in aghaidh na bliana, agus nach bhfuil ag íoc isteach i scéim pinsin cheana féin, a uathrollú.

Ar bhealach atá cosúil le seanchóras na gCuntas Speisialta Dreasachta Coigiltis (CSDC), déanfaidh an fostóir na ranníocaíochtaí a dhéanann an fostaí a mheaitseáil agus déanfaidh an Stát iad a bhreisiú.

Go praiticiúil, in aghaidh gach €3 a chuireann an fostaí isteach, ranníocfaidh an fostóir €3 freisin, agus ranníocfaidh an Stát €1.

Ciallaíonn sé sin go n-infheisteofar €7 sa phota coigiltis scoir in aghaidh gach €3 a chuireann an fostaí isteach.

Déanfar rátaí ranníocaíochta a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana.

Agus é ag tosú in 2025, ranníocfaidh fostaithe 1.5% dá dtuilleamh comhlán, déanfaidh a bhfostóir é a mheaitseáil, agus breiseoidh an Stát é.

Méadóidh na rátaí seo de réir a chéile gach trí bliana go dtí go sroichfidh siad uasráta ranníocaíochta 6% in aghaidh an fhostaí, 6% in aghaidh an fhostóra, móide 2% ón Stát ó 2034 ar aghaidh.

Mar gheall go dtabharfar isteach é de réir a chéile, tabharfar am d’fhostóirí buiséadú agus pleanáil a dhéanamh agus d’fhostaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua.

Agus foilsiú an Bhille á fhógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:

“Baineann an reachtaíocht shuntasach seo lenár n-oibrithe, agus go háirithe ár ndaoine óga, a chosaint nuair a shroicheann siad aois scoir.

“Táthar ag caint faoi Uathrollú le blianta fada anuas, agus is comhartha soiléir é an lá inniu go bhfuilimid lándáiríre faoi.

“Soláthróidh an reachtaíocht seo an bonn don athchóiriú is radacaí ar thírdhreach na bpinsean in Éirinn leis na cianta.

“Domsa mar Aire, níl sé inghlactha ná inmharthana go mbeadh 35% d’oibrithe san earnáil phríobháideach gan chlúdach.

“Táimid inár n-eisceacht le rófhada ó thaobh clúdach pinsin de – agus tá sé sin chun athrú anois.

“Is píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é seo maidir le todhchaí na n-oibrithe a chosaint agus táim ag tnúth lena thabhairt os comhair an Oireachtais díreach i ndiaidh Shaoire na Cásca.”

Is é sprioc an Uathrollaithe ná clúdach pinsin agus leordhóthanacht pinsin in Éirinn a mhéadú.

Is í Éire an t-aon tír san ECFE nach n-oibríonn an córas seo nó córas dá chineál fós mar mhodh chun coigilteas pinsin a chur chun cinn.

Príomhghné de chórais dá leithéid is ea go n-oibríonn siad ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ar bhonn ‘rogha a bheith páirteach’.

Beidh cead ag rannpháirtithe roghnú gan a bheith páirteach nó a ranníocaíochtaí a chur ar fionraí tar éis tréimhse rannpháirtíochta éigeantach sé mhí. Tabharfar ar ais isteach sa chóras arís iad tar éis dhá bhliain mura bhfuil socrú pinsin malartach acu.

Chun oibrithe a spreagadh le bheith rannpháirteach ann, déanfaidh an fostóir coigilteas scoir daoine a roghnaíonn fanacht sa chóras a mheaitseáil ar bhonn euro ar euro. Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil freisin in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an t-oibrí. Ciallaíonn sé seo go n-infheisteoidh an fostóir agus an Stát le chéile €4 eile in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí.

Meastar go bhféadfadh oibrí ar an meánphá náisiúnta a ranníocann go seasta ar feadh 40 bliain ciste coigiltis de bheagnach €750,000 a chruthú, lena n-áirítear torthaí infheistíochta, thar thréimhse a s(h)aoil oibre.

Déanann an Bille foráil freisin do bhunú comhlachta Stáit nua, an tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir, chun an scéim a riar agus chun feidhmiú mar idirghabhálaí idir rannpháirtithe agus na cuideachtaí infheistíochta airgeadais, cuideachtaí a mbeidh sé de chúram orthu coigilteas rannpháirtithe a mhéadú. Gníomhóidh an tÚdarás ar mhaithe le leas na rannpháirtithe, baileoidh sé ranníocaíochtaí, socróidh sé go n-infheisteofar ranníocaíochtaí, bainisteoidh sé cuntais rannpháirtithe a mbeidh rochtain orthu trí thairseach ar líne, agus éascóidh sé íocaíocht coigiltis ag tráth scoir.

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:

“Is eol dúinn go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide agus is dea-scéal é sin.

“Ach ciallaíonn athruithe ar an déimeagrafaic go bhfuil go leor brú ag teacht ar an bPinsean Stáit agus caithfimid bealaí a aimsiú chun é a fhorlíonadh amach anseo.

“Is é an Pinsean Stáit bunchloch ár gcóras pinsin agus tá sé le fanacht mar sin.

Ach tabharfaidh Uathrollú beagán breise d’oibrithe sa todhchaí i dtéarmaí ioncaim chun tacú le dea-chaighdeáin mhaireachtála.

“De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, níl clúdach pinsin forlíontach ach ag 35% d’oibrithe san earnáil phríobháideach. Ba mhaith liom é sin a athrú. “Gan uathrollú d’fhéadfadh go dtiocfadh laghdú nach dteastaíonn ar chaighdeáin mhaireachtála go leor daoine nuair a théann siad ar scor.”

Dúirt an tAire freisin:

“Tá sé ríthábhachtach go nglacfaimid leis an tionscnamh seo anois agus an deis againn.

“Táimid ag caint faoi phinsean oibrithe nua a thabhairt isteach le blianta fada anuas agus táimid ar tí é a bhaint amach faoi dheireadh.

“Le tacaíocht ó mo chomhghleacaithe sa Dáil agus sa Seanad, tá sé ar intinn agam an reachtaíocht seo a achtú chomh tapa agus is féidir, agus go mbeidh na chéad oibrithe rollaithe i mí Eanáir 2025.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

I measc príomhghnéithe na scéime tá: -

1) Feidhmiú De Réir a Chéile

  • Déanfar gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde nó a chomhionann cheana féin, idir 23 agus 60 bliain d’aois agus a thuilleann os cionn €20,000 thar a gcuid fostaíochta go léir, a uathrollú.
  • Agus na chéad rolluithe le tarlú ag tús 2025, déanfar Uathrollú a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse deich mbliana, le ranníocaíochtaí fostóra agus fostaithe araon ag tosú ag 1.5%, agus ag méadú gach trí bliana faoi 1.5 pointe céatadáin go dtí go sroichfidh siad 6% faoi dheireadh faoi Bhliain 10 (2034). Leis an gcéimniú seasta seo, tabharfar am d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.

2) Tacaíochtaí Coigiltis

  • Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí meaitseála leis na ranníocaíochtaí sin a dhéanann fostaithe suas go €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Aithníonn sé seo an luach a ghnóthaíonn fostóirí trí sheasmhacht bhreise a bheith ag a bhfostaithe le linn dóibh a bheith ar scor agus cabhraíonn sé le fostaithe leis an gcostas a bhaineann le coigilteas pinsin a charnadh.
  • Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil le ranníocaíochtaí freisin in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí, suas go dtí €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Tá sé seo sa bhreis ar an €3 a thabharfaidh an fostóir freisin.
  • Ciallaíonn sé seo, in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh fostaí go gcuirfidh a f(h)ostóir €4 sa bhreis lena p(h)ota coigiltis scoir, – is é sin le rá go méadóidh gach ranníocaíocht €3 ó fhostaí go €7 go huathoibríoch sula n-infheistítear é.
  • Spreagfaidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit seo daoine chun fanacht sa chóras Uath-Rollaithe agus laghdófar an costas a bhaineann le coigilteas le haghaidh scoir do dhaoine aonair.

3) Rogha

  • Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
  • Déanfar fostaithe incháilithe a rollú go huathoibríoch/‘liostáilte isteach’ ach beidh an rogha acu tar éis sé mhí de rannpháirtíocht éigeantach chun tarraingt as nó rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
  • Beidh raon de thrí rogha coigiltis scoir ag fostaithe le roghnú astu ar straitéis infheistíochta ardriosca, meánriosca agus ísealriosca.
  • Maidir le fostaithe nach ndéanann rogha ghníomhach, cuirfear iad i straitéis infheistíochta réamhshocraithe ar bhonn ‘saolré’, á n-aistriú ón gciste riosca is airde go dtí an ciste riosca is ísle de réir a n-aoise agus iad ag druidim le haois scoir.

4) Simplíocht

  • Tá costais agus ualaí riaracháin le coinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí bhunú an Údaráis Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir, an comhlacht a riarfaidh an córas.
  • Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú nó i soláthar scéime ceirde dá ngnólachtaí féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú.
  • Rud atá tábhachtach, ní bheidh ar dhaoine atá ag bogadh ó phost amháin go post eile scéim pinsin a athrú nó dul isteach i scéim nua. Fanfaidh siad ina mbaill den scéim Uathrollaithe ar bhonn ‘leanann an ciste an duine’.
  • Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.