Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Scéim nua leathnaithe Liúntais Breosla ar oscailt anois d'iarratais
- Foilsithe: 5 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Iarratais ar tugadh cuireadh dóibh faoin Tástáil Acmhainne i leith Daoine Os Cionn 70 nua
- Tá os cionn 80,000 teaghlach nua faoi réir le bheith incháilithe do Liúntas Breosla
- Osclófar d’iarratais inniu le bearta ag teacht i bhfeidhm ón 2 Eanáir
- Déan iarratas ar líne ag MyWelfare.ie
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys TD, inniu go n-osclófar iarratas nua ar líne ar scéim an Liúntais Bhreosla.
Tacóidh an córas nua leis an leathnú is mó a rinneadh riamh ar an Scéim Liúntais Bhreosla, scéim a bhfuiltear ag súil uaithi go mbeidh os cionn 80,000 teaghlach breise incháilithe den chéad uair d'íocaíocht.
Mar chuid den leathnú seo, tá Tástáil Acmhainn Daoine Os Cionn 70 nua um Liúntas Breosla á tabhairt isteach. Fúithi seo:
- Is féidir le duine aonair os cionn 70 bliain d'aois ioncam €500 sa tseachtain a bheith aige/aici agus is féidir le lánúin ioncam €1,000 sa tseachtain a bheith acu.
- Ní bheidh ar dhaoine os cionn 70 bliain d'aois íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh bheith á fáil acu a thuilleadh le bheith incháilithe do Liúntas Breosla.
- I gcás lánúine ina bhfuil duine amháin os cionn 70 bliain d'aois agus duine faoi bhun 70 bliain d'aois, déanfar iad a mheas faoi chritéir Tástáil Acmhainn Daoine Os Cionn 70 bliain d'aois.
- Ina theannta sin, tá an tAire Humphreys chomh maith ag cur méadú breis agus faoi dhó ar an méid coigiltis a ndéantar neamhaird orthu sa mheasúnú acmhainne ar íocaíocht an Liúntais Bhreosla i leith daoine os cionn 70 bliain d'aois.
- Faoi seo, déanfar neamhaird iomlán feasta ar an gcéad €50,000 i gcoigiltis agus infheistíochtaí sa tástáil acmhainne.
Is é seo a leanas an Neamhaird nua Caipiteal/Coigiltis ar Liúntas Breosla i leith Daoine Os Cionn 70 bliain d'aois:
Acmhainní Seachtainiúla | Caipiteal atá faoi mheasúnú |
An chéad €50,000 | Neamhní |
An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh €1,000 |
An chéad €10,000 eile | €2 in aghaidh €1,000 |
Iarmhéid (aon chaipiteal os cionn €70,000) | €4 in aghaidh €1,000 |
Agus an scéim nua á fógairt aici i leith Daoine Os Cionn 70 Bliain d'Aois, dúirt an tAire Humphreys:
"Mar Aire, an rud nár mhaith liom a fheiceáil is é go mbeadh eagla ar aon seanduine an teas a chur ar siúl.
"D'oibrigh ár seanóirí go dian ar feadh a saoil; tá a gcuid déanta acu agus ba mhaith liom a chinntiú go mbeidís ina suí go te.
"Sin an fáth go bhfuil an scéim nua Liúntais Bhreosla seo i leith Daoine Os Cionn 70 bliain d'aois á tabhairt isteach agam, a chinnteoidh go mbeidh na mílte agus na mílte duine aosta eile sa bhreis cáilithe anois don íocaíocht.
"Tá iarratas nua ar líne forbartha ag mo Roinn atá éasca le húsáid agus beidh sé oscailte d'iarratais ón lá inniu. Mholfainn go láidir dóibh siúd a cheapfadh go mb'fhéidir go mbeidís incháilithe anois don íocaíocht iarratas a dhéanamh ar líne trí MyWelfare.ie.
"Is é iarratas ar líne an bealach is gasta agus is éasca le hiarratas a dhéanamh. Mar sin féin, mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne tá foirm iarratais ar fáil ar www.gov.ie/fuelallowance nó trí theagmháil a dhéanamh le 081 820 0400. Beidh leagan níos giorra den fhoirm ar fáil do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois as seo go ceann coicíse."
D'fhógair an tAire inniu freisin go leathnófaí an Scéim chaighdeánach Liúntais Bhreosla i leith Daoine Faoi 70 bliain d'aois:
Ón 2 Eanáir 2023:
- Méadófar an tairseach acmhainne seachtainiúil dóibh siúd atá 70 bliain d'aois de €80 in aghaidh na seachtaine, ó €120 go €200 os cionn an ráta seachtainiúil iomchuí de Phinsean Ranníocach Stáit.
- Ní áireofar a thuilleadh íocaíochtaí ó íocaíochtaí um Shochar Míthreorach agus ó íocaíochtaí Cúramóirí Leathráta sa mheasúnú acmhainne ar Liúntas Breosla d'iarratasóirí atá faoi bhun 70 bliain d'aois agus os a chionn araon.
Is é an bealach is éasca agus is gasta chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ná tríd an gCóras Iarratais nua ar Líne ag MyWelfare.ie. Beidh an córas nua ar fáil d'iarratais ón lá inniu. Tiocfaidh gach athrú i bhfeidhm ón 2 Eanáir, 2023, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh anois roimh ré.
Tá an Roinn ag súil le héileamh suntasach faoi na bearta nua Liúntais Breosla agus déanfar a n-íocaíochtaí a shiardhátú dóibh siúd a cháilíonn, de réir mar is cuí, go dtí an 2 Eanáir, 2023.
Note d'Eagarthóirí:
Liúntas Breosla
- Is íocaíocht tástála acmhainne í Liúntas Breosla chun cabhrú le costais téimh an gheimhridh.
- Déantar an íocaíocht ag an ráta seachtainiúil €33 nó más fearr, trí dhá íocaíocht chnapshuime.
- Faoi láthair, faigheann os cionn 370,000 teaghlach an íocaíocht Liúntais Bhreosla.
- Níl ach liúntas breosla amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
- Tá coinníollacha reatha maidir le Liúntas Breosla um chomhdhéanamh tí fós i bhfeidhm.
- Ní gá dóibh siúd atá cáilithe athiarratas a dhéanamh ar an íocaíocht.
- Ba cheart d'fhaighteoirí Liúntas Fadtéarmach Cuardaitheora Poist (12 mhí), Cúnamh Feirme agus Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Liúntais Idirthréimhseacha Cuardaitheora Poist iarratas a dhéanamh ar a nIonad Intreo áitiúil nó ar Oifig an Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
- Ba cheart d'fhaighteoirí Liúntas Fadtéarmach Leasa Forlíontach (12 mhí) teagmháil a dhéanamh le hionadaí na Roinne ag a nIonad Intreo áitiúil.
- Tá deireadh eolais faoin Liúntas Breosla ar fáil ar an Suíomh gréasáin na Roinne anseo.
- Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie