English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Scéim nua Leathnaithe Saorthaistil ar oscailt anois i gcomhair iarratais

  • Saorthaisteal ar fáil ón 29 Iúil do dhaoine a bhfuil sé deimhnithe ina leith ó thaobh leighis de go bhfuil siad neamhábalta tiomáint
  • Meastar go mbainfidh suas le 32,000 duine tairbhe as an mbeart sin in 2024
  • Spreagann an tAire Humphreys daoine chun iarratas a dhéanamh anois trí gov.ie/freetravel

D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, an próiseas iarratais inniu don Scéim nua Leathnaithe Saorthaistil.

Ó dheireadh mhí Iúil, beidh an Scéim Saorthaistil á leathnú chuig daoine nach raibh in ann tiomáint riamh mar gheall ar mhíchumas, agus chuig tiománaithe a bhfuil ceadúnas acu agus a bhfuil deimhniú leighis acu a thugann le fios nach bhfuil siad in ann tiomáint ar feadh tréimhse 12 mí nó níos faide.

Fuair an tAire Humphreys an beart mar chuid de Bhuiséad 2024 agus táthar ag súil go mbainfidh 32,000 duine tairbhe as i mbliana.

Tabharfaidh an scéim deis do dhaoine incháilithe rochtain a fháil ar shaorthaisteal ar gach iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil.

Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, chomh maith le roinnt seirbhísí a chuireann oibreoirí iompair bus agus farantóireachta príobháideacha ar fáil.

Rinne an tAire an fógra ag Busáras i gcomhar le hionadaithe ó Titimeas Éireann, ar oibrigh sí go dlúth leo chun na hathruithe a chur i gcrích.

Is féidir leo siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh foirm iarratais a íoslódáil ag gov.ie/freetravel. De rogha air sin, is féidir foirmeacha iarratais a fháil ag aon Ionad Intreo nó trí theagmháil a dhéanamh le 0818 200 400.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil iarratais ar fáil anois don leathnú suntasach seo ar an Scéim Saorthaistil.

“Ón 29 Iúil, beidh an scéim Saorthaistil ar fáil do dhaoine idir 17 agus 66 bliain d’aois nach raibh in ann tiomáint riamh mar gheall ar riocht sláinte.

“Tá an scéim á cur ar fáil agam freisin do dhaoine a bhfuil ceadúnas acu ach a bhfuil sé deimhnithe ó thaobh leighis de nach bhfuil siad in ann tiomáint ar feadh 12 mí nó níos faide.

“Meastar go rachaidh an beart seo chun tairbhe do thart ar 32,000 duine i mbliana agus tabharfaidh sé rochtain dóibh ar thaisteal saor in aisce ar gach iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil.

“Rachaidh sé chun tairbhe do dhaoine faoi raon míchumas lena n-áirítear, mar shampla, iad siúd a bhfuil titimeas orthu, agus a mbíonn costais bhreise iompair orthu, dá réir sin, go háirithe agus iad ag taisteal chun na hoibre.

“Is mian liom buíochas ar leith a ghabháil le Titimeas Éireann agus iad a mholadh as a n-iarrachtaí chun a chinntiú go bhfuil na hathruithe sin curtha i gcrích.

“Faoi dheireadh, molaim dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as an síneadh seo ar an scéim Saorthaistil iarratas a dhéanamh anois.”

Dúirt Peter Murphy, Príomhfheidhmeannach Titimeas Éireann:

“Is féidir le diagnóis nua titimis a bheith thar a bheith deacair ann féin agus is minic a bhíonn na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine a bhfuil an riocht sin orthu i bhfolach. D’fhéadfadh sé a bheith ar cheann de na gnéithe is dúshlánaí a bhaineann le maireachtáil le titimeas gan a bheith in ann tiomáint – go háirithe nuair atá duine ag iarraidh fanacht i bhfostaíocht, in oideachas nó fanacht gníomhach go sóisialta. Sin an fáth gur céim chomh tábhachtach é rochtain ar an scéim Saorthaistil a thabhairt do dhaoine a bhfuil titimeas orthu – agus do dhaoine faoi mhíchumas eile agus faoi dhálaí sláinte fadtéarmacha – nach bhfuil in ann tiomáint mar gheall ar a riocht chun an t-ualach suntasach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shrianta tiomána a laghdú.

Tá ríméad orainn iarratais a fheiceáil á n-oscailt inniu don scéim leathnaithe Saorthaistil agus is mian linn buíochas a ghabháil leis an Aire Humphreys as a toilteanas an t-athrú seo a chur i bhfeidhm, athrú atá molta ag Epilepsy Ireland le blianta fada anuas.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Cé a cháilíonn faoi láthair le haghaidh Saorthaistil?

Tá an Scéim Saorthaistil ar fáil faoi láthair do gach duine atá 66 nó os a chionn, agus do dhaoine áirithe atá faoi 66 bliain d’aois a fhaigheann íocaíochtaí cáilitheacha nó a chomhlíonann na coinníollacha leighis do Phinsean na nDall, agus a chónaíonn go buan go dleathach sa Stát.

Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil saorthaisteal ar iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, le roinnt eisceachtaí. Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí a oibríonn oibreoirí príobháideacha bus agus farantóireachta.

Faoi láthair tá thart ar 1.1 milliún duine ag fáil taistil saor in aisce. Méadaíonn an figiúr seo go dtí os cionn 1.8 milliún nuair a chuirtear pasanna compánach agus céile san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Saorthaistil tabhair cuairt ar gov.ie/freetravel.

Maidir le Titimeas agus Titimeas Éireann

Is neamhord néareolaíoch é titimeas arb é is príomhthréith dó claonadh taomanna athfhillteacha a bheith ann. Tá titimeas ar bhreis is 45,000 duine in Éirinn, lena n-áirítear idir 10,000 agus 15,000 duine atá ag maireachtáil le taomanna neamhrialaithe. Maidir leis an ngrúpa seo go háirithe, is féidir le hiarmhairtí titimeas a bheith fada buan agus suntasach. Is féidir leis difear a dhéanamh d’oideachas, d’fhostaíocht, d’fheidhmiú sóisialta, d’fhéinmheas agus do mhaireachtáil neamhspleách an duine. Caithfidh daoine le titimeas dul i ngleic le tionchar fisiceach taomanna, fo-iarsmaí cógas agus do go leor daoine, an stiogma sóisialta agus an tionchar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis. Mar gheall ar a thionchar indibhidiúil orthu siúd a chónaíonn leis, is minic a mheastar gur míchumas folaithe é. Tá baol níos mó básmhaireachta ann freisin a bhaineann le titimeas agus meastar go bhfaigheann 130 duine bás a bhaineann le titimeas in Éirinn gach bliain.

Is é Titimeas Éireann an eagraíocht náisiúnta othar a thacaíonn le daoine a bhfuil titimeas orthu agus lena dteaghlaigh agus a dhéanann ionadaíocht orthu. Is í an fhís atá ag Titimeas Éireann, a bunaíodh i 1966, ná sochaí a bhaint amach nach gcuireann teorainn ar shaol dhuine ar bith de bharr titimis.

Oibríonn siad i dtreo na físe sin trí sheirbhísí tacaíochta agus faisnéise a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil titimeas orthu agus dá dteaghlaigh; oiliúint agus oideachas a chur ar fáil faoi thitimeas i bpobail ar fud na hÉireann; feachtais feasachta a reáchtáil chun cabhrú le tuiscint ar an riocht a mhéadú; feachtais abhcóideachta a stiúradh chun cuidiú le tionchar a imirt ar athruithe dearfacha beartais do dhaoine a bhfuil titimeas orthu agus dá dteaghlaigh; agus trí infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar thitimeas in Éirinn.

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi thitimeas agus Titimeas Éireann trí chuairt a thabhairt ar epilepsy.ie.