Fógraíonn an tAire Humphreys go gcuirfear síneadh le bearta sealadacha chun breitheanna a chlárú
- Foilsithe: 28 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Beidh tuismitheoirí in ann breith a naíonán nuabhreithe a chlárú go leictreonach a fhad le deireadh mhí Eanáir 2021, dar leis an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D.
Déantar breitheanna a chlárú, de ghnáth, ag oifig clárúcháin shibhialta.
Mar gheall ar chúinsí eisceachtúla atá á gcruthú ag COVID-19, chuir Oifig an Ard-Chláraitheora áis leictreonach agus phoist i bhfeidhm ní ba luaithe i mbliana. Bhí an áis seo le héag ag deireadh na míosa.
Fuair an tAire Humphreys cead ón Aireacht inniu (an 28 Lúnasa 2020) chun leanúint leis an rogha seo a chur ar fáil do thuismitheoirí go dtí deireadh mhí Eanáir 2021.
Ó tugadh na bearta sealadacha isteach i Márta i mbliana, cláraíodh breitheanna 22,420 leanbh.
Ag labhairt faoin mbeart, dúirt an tAire Humphreys:
“D’aontaigh an rialtas le mo mholadh chun roinnt bearta sealadacha a shíneadh lena chinntiú go leantar le seirbhísí clárúcháin a oibriú.
“I measc na moltaí seo, tá a cheadú do thuismitheoirí chun breitheanna a chlárú go leictreonach nó tríd an bpost. Déantar seo lena chinntiú go ndéantar an próiseas seo chomh héasca agus is féidir do thuismitheoirí, a bhfuil iarracht á déanamh acu, ar nós gach duine dínn, chun déileáil a fheabhas agus is féidir le COVID-19.
“Mhol mé freisin, gur cheart go mbeadh foireann Oifig an Ard-Chláraitheora (atá mar chuid den Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialach) in ann tabhairt faoi fheidhmeanna Cláraitheoirí áitiúla sa chás go bhfuil ar aon seirbhís chlárúcháin áitiúil dúnadh mar gheall ar shrianta COVID-19."
Laghdóidh an síneadh seo an brú atá ar oifigí cláraithe shibhialta agus cinnteoidh sé go leantar le seirbhís a sholáthar. Ceadaítear Sochar Linbh a íoc agus chun Cártaí Leighis a leithdháileadh trí bhreith linbh a chlárú.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Oibríonn FSS an tseirbhís chlárúcháin shibhialta ag 61 láthair fud fad na tíre. Níorbh fhéidir le hoifigí poiblí na seirbhíse oscailt don phobal, seachas trí choinne lena éascú do lánúineacha ar mian leo pósadh, a chinntiú go gcloítear leis an treoir maidir le sláinte phoiblí.
Níor lorg FSS riamh ar Oifig an Ard-Chláraitheora chun seirbhísí a sholáthar thar a cheann agus d’éirigh le gach oifig áitiúil seirbhís leanúnach a sholáthar, ach gan teacht phoiblí a bheith ar an tseirbhís sin.
Figiúirí
Cláraítear thart ar 60,000 breith in Éirinn gach bliain. Is ionann an meánlíon breitheanna in aghaidh na míosa, ar an ábhar sin, agus 5,000. Is é an meánmhéid breitheanna ón mbliain 2019 5,030.
Is gnách go ndéanann tuismitheoirí iarratas chun breith a linbh a chlárú dhá sheachtain i ndiaidh gur rugadh an leanbh. Is é an meánam próiseála inar cheart breith a chlárú, agus an próiseas reatha á úsáid, 20 lá féilire ón dáta breithe.
Tá sonraí iomlána ar bhreith a chlárú go leictreonach ar fáil anseo.