Fógraíonn an tAire Humphreys go mbeidh athruithe ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2023
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go ndéanfar athruithe móra ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas ina dhiaidh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an dá scéim.
Soláthraíonn an Ciste um Fhreastal Réasúnta tacaíocht airgid do dhaoine faoi mhíchumas agus d'fhostóirí chun cabhrú leis an ionad oibre a dhéanamh níos inrochtana agus chun raon tacaíochta a sholáthar don lucht oibre. Soláthraíonn an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas maoiniú le haghaidh oiliúna ar fheasacht míchumais d'fhostaithe.
Déantar roinnt moltaí tábhachtacha san athbhreithniú freisin atá bunaithe ar aiseolas ó gheallsealbhóirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Úsáidtear taighde agus dea-chleachtas ó thíortha eile san athbhreithniú freisin. Rinneadh naoi moladh sa tuarascáil:
1. An dá scéim a chomhcheangal agus scéim sholúbtha amháin a chur ina n-ionad.
2. An próiseas iarratais a shimpliú.
3. Formheas-i-bprionsabal a sholáthar d'fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist chun cabhrú le pleanáil.
4. Na tacaíochtaí a sholáthraíonn an scéim a leathnú chuig fostóirí eile- mar shampla an earnáil dheonach agus phobail agus an earnáil tráchtála státurraithe.
5. Na tacaíochtaí a sholáthraíonn an Deontas um Fhostaithe a Choinneáil a fhadú chuig earcaigh nua agus fostaithe faoi mhíchumas a bhí fúthu cheana féin.
6. An Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas a fheabhsú chun oiliúint níos leithne a thairiscint a chuimsíonn fostóirí nach bhfuil fostaí faoi mhíchumas acu faoi láthair freisin.
7. Méid uaireanta tacaíochta a mhéadú (ateangaire, tacaíocht don lucht oibre, srl) atá incháilithe do mhaoiniú.
8. Tacú le maoiniú d'obair chumaisc agus obair ón mbaile go lánaimseartha.
9. Cur chun cinn forleathan na scéime leasaithe a chinntiú.
Dúirt an tAire Humphreys inniu agus é ag fógairt foilsiú an Athbhreithnithe:
“Tá áthas orm an t-athbhreithniú seo a fhoilsiú inniu atá bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar chomhairliúchán fairsing le geallsealbhóirí. Tá lúcháir orm go bhfuarthas os cionn 900 freagra ó eagraíochtaí, ó fhostóirí agus ó dhaoine, ó raon leathan cúlraí agus eispéiris, a thóg an t-am le cur leis.
“Is scéimeanna dearfacha iad atá deartha chun tacaíocht agus cabhair a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas san ionad oibre. Ar an drochuair, bhí líon na ndaoine a ghlac leis níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis agus is é sin an fáth ar choimisiúnaigh mé athbhreithniú ionas gur féidir linn imscrúdú a dhéanamh ar conas is féidir linn iad a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine.
“Is léir go bhfuil scéim shimplí sholúbtha ag teastáil uainn a oibríonn níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas agus d'fhostóirí.
“Tá a fhios againn go bhfuil sé níos deacra do dhaoine atá faoi mhíchumas bheith mar pháirt den lucht oibre agus tá Éire taobh thiar de mheánráta an AE maidir le rátaí fostaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas. Ag am ina bhfuil lánfhostaíocht ann, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh. Mar sin de, d’iarr mé ar m’oifigigh cur i bhfeidhm na moltaí seo a bhrostú ionas gur féidir linn scéim atá feabhsaithe go mór a chur i bhfeidhm ó R1 2024.”
Is féidir teacht ar thuarascáil an Athbhreithnithe ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas Item was unpublished or removed
Oibreoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí sna míonna amach romhainn chun na moltaí sa tuarascáil a chur i bhfeidhm agus plean chun an scéim nuashonraithe a bheith i bhfeidhm ó R1 2024.
Nótaí:
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí seirbhísí fostaíochta poiblí do dhaoine faoi mhíchumas, cabhraíonn sé leo fostaíocht íoctha a aimsiú agus ullmhaíonn sí iad d'fhostaíocht trí oiliúint agus trí thacaíochtaí fostaíochta eile. Mar aon leis sin, tá roinnt tacaíochtaí eile ar fáil d'fhostóirí, an Ciste um Fhreastal Réasúnta san áireamh ina bhfuil na deontais seo a leanas:
• Deontas Oiriúnaithe Trealaimh san Ionad Oibre (DOIO)
• Deontas d'Ateangaire le haghaidh Agallaimh Poist (DAAP)
• Deontas do Léitheoir Pearsanta (DLP)
• Deontas um Fhostaithe a Choinneáil (DCF)
Tá an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas (STFM) ar fáil freisin a thairgeann maoiniú d'fhostóirí san earnáil phríobháideach chun Oiliúint Feasachta Míchumais a chur ar fáil d'fhoireann a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
Sampla:
Más fostaí thú a bhfuil sainbhogearraí ag teastáil uait, mar shampla bogearraí formhéadúcháin, is féidir leat agus le d'fhostóir cur isteach ar an Deontas Oiriúnaithe Trealaimh san Ionad Oibre ag d'oifig Intreo áitiúil. Beidh trí mheastachán ag teastáil uait freisin ó sholáthraithe má tá praghas an oiriúnaithe os cionn €1,500, agus fianaise leighis ar an bhfáth go bhfuil gá leis an athrú seo. Déantar iarratais a athbhreithniú agus a fhaomhadh go háitiúil.
Nuair atá d'iarratas faofa, gheobhaidh d’fhostóir an méid a chuir tú isteach air chun na bogearraí riachtanacha a cheannach.