English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys go n-íocfar Sochar Linbh i leith daoine 18 mbliana d’aois ón tseachtain seo chugainn

  • Sochar Linbh leathnaithe chuig daoine 18 mbliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas
  • Rachaidh sé chun sochair do theaghlaigh ina bhfuil 60,000 leanbh breise gach bliain
  • An tAire Humphreys: ‘Baineann sé seo le hairgead a chur ar ais i bpócaí na dteaghlach atá ag obair’

Rinne an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, an Sochar Linbh (an 1 Bealtaine) a leathnú chuig daoine 18 mbliana d’aois inniu.

Déanfar na chéad íocaíochtaí an tseachtain seo chugainn agus rachaidh siad chun tairbhe do thart ar 60,000 leanbh atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas.

Fuair an tAire Humphreys comhaontú chun Sochar Linbh a leathnú chuig daoine 18 mbliana d’aois mar chuid de Bhuiséad 2024 agus tá an beart le cur i bhfeidhm ar dtús ó mhí Mheán Fómhair.

I mí Feabhra, áfach, d’fhógair an tAire go raibh a Roinn in ann na hathruithe a thabhairt isteach i mí na Bealtaine – ceithre mhí níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús.

Agus í ag fógairt go bhfuil an Sochar Linbh a leathnú do leanaí atá 18 mbliana d’aois, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil Sochar Linbh á leathnú go daoine 18 mbliana d’aois ón lá inniu ar aghaidh.

“Bhí sé seo ina thosaíocht dom ón mBuiséad agus bhí an beart le teacht i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair ar dtús. I mí Feabhra, áfach, d’fhógair mé go rabhamar in ann an t-athrú a chur chun feidhme ceithre mhí níos luaithe ó mhí na Bealtaine.

“Rachaidh sé sin chun tairbhe do na mílte teaghlach ar fud na tíre, ar tháinig deireadh lena Sochar Linbh go dtí seo chomh luath agus a bhain a leanbh 18 mbliana d’aois amach.

“Agus go leor leanaí anois ag tosú ar an mbunscoil ag cúig bliana d’aois, mar aon leis an méadú ar líon na ndaltaí atá ag déanamh na hidirbhliana, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine 18 mbliana d’aois atá fós sa mheánoideachas.

“Tá Sochar Linbh ar cheann de na sásraí amháin atá ar fáil dom chun tacú le teaghlaigh atá ag obair agus níos mó airgid a chur ar ais ina bpócaí.

“Creidim gur athrú fadtéarmach chun feabhais é an Sochar Linbh a leathnú chuig daoine atá 18 mbliana d’aois san oideachas lánaimseartha agus tacóidh sé le teaghlaigh ar fud na hÉireann amach anseo.”

“Táimid ag súil go mbainfidh thart ar 60,000 leanbh tairbhe as gach bliain mar thoradh ar an athrú suntasach seo.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Íoctar Sochar Linbh faoi láthair le níos mó ná 650,000 teaghlach i leith níos mó ná 1.2 milliún leanbh le caiteachas measta atá níos mó ná €2.1 billiún in 2024.

Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt gach mí ag ráta míosúil €140 an leanbh.

I gcás linbh a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici tar éis mhí na Bealtaine 2023 agus atá fós in oideachas lánaimseartha, beidh sé/sí incháilithe arís ó mhí na Bealtaine 2024 go dtí go bhfuil 19 mbliana d’aois slánaithe aige/aici.

Ní gá don tuismitheoir/don chaomhnóir athiarratas a dhéanamh má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha agus má tá deimhniú oideachais reatha ag an Roinn. Déanfar an íocaíocht a chur i bhfeidhm arís ó mhí na Bealtaine 2024 fad is a bheidh an deimhniú bailí agus leanfar leis an íocaíocht fad is a bheidh deimhniú bailí oideachais i bhfeidhm nó go dtí go mbeidh 19 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh, cibé acu is túisce.

Má tá 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh tar éis mhí na Bealtaine 2024, síneofar an Sochar Linbh go huathoibríoch go dtí an 19ú breithlá nó dáta éaga an deimhnithe reatha.

I gcásanna ina mbeidh an deimhniú oideachais as feidhm roimh an 19ú breithlá, eiseofar deimhniú oideachais nua don tuismitheoir/don chaomhnóir sula rachaidh sé as feidhm. Ní mór é seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais ionas gur féidir íocaíocht an tSochair Linbh a atosú.

Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le tuismitheoir/caomhnóir más gá deimhniú oideachais nuashonraithe a chur ar fáil.

Do dhaoine ar gá dóibh a gcuid sonraí íocaíochta a nuashonrú,is é an bealach is tapúla agus is éasca chun sonraí íocaíochta a athrú ná ar líne ag MyWelfare.ie.

Ceangailte leis seo, tá briseadh síos de na daoine a cháilíonn láithreach de réir contae má tá siad fós i mbun oideachais agus má tá siad deimhnithe faoi láthair:

Contae Líon leanaí
Ceatharlach 884
An Cabhán 998
An Clár 1565
Corcaigh 6747
Dún na nGall 2140
Baile Átha Cliath 14487
Gaillimh 3245
Ciarraí 1782
Cill Dara 3147
Cill Chainnigh 1133
Laois 1051
Liatroim 441
Luimneach 2454
An Longfort 581
1998
Maigh Eo 1708
An Mhí 2816
Muineachán 834
Uíbh Fhailí 1057
Ros Comáin 867
Sligeach 790
Tiobraid Árann 2136
Port Láirge 1682
An Iarmhí 1249
Loch Garman 2106
Cill Mhantáin 1946
Iomlán 59844