English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys gur achtaíodh reachtaíocht shuntasach chun an córas cothabhála leanaí a athchóiriú

  • Reachtaíocht sínithe ina dlí ag an Uachtarán anois
  • Fágfar íocaíochtaí Cothabhála Leanaí as gach tástáil acmhainne leasa shóisialaigh amach anseo
  • Leasuithe chun leasa breis agus 16,000 tuismitheoir aonair agus chun cabhrú le bochtaineacht leanaí a laghdú
  • Sochar Linbh le síneadh chuig gach duine atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha ó mhí na Bealtaine

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys T.D., inniu go bhfuil reachtaíocht achtaithe chun íocaíochtaí cothabhála leanaí a fhágáil as tástáil acmhainne le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus chun foráil a dhéanamh do shíneadh an tSochair Linbh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois ón 1 Bealtaine.

Tugann an tAcht um Leas Sóisialach agus um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023 a achtaíodh an tseachtain seo éifeacht d’athchóirithe suntasacha do thuismitheoirí aonair, lena n-áirítear íocaíochtaí cothabhála a fhágáil as tástálacha acmhainne leasa shóisialaigh den chéad uair riamh.

Ciallaíonn sé sin go dtiocfaidh méadú ar íocaíocht go leor tuismitheoirí aonair a bhfuil rátaí laghdaithe íocaíochta á bhfáil acu agus go gcáileoidh daoine eile le haghaidh íocaíochta.

Meastar go rachaidh an beart seo chun tairbhe do bhreis is 16,000 tuismitheoir aonair agus go gcosnóidh sé thart ar €10 milliún in aghaidh na bliana.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Léiríonn an reachtaíocht seo leasú suntasach ar an gcóras cothabhála leanaí in Éirinn.

“Faoi na leasuithe, beidh íocaíochtaí Cothabhála Leanaí eisiata ón tástáil acmhainne Leasa Shóisialaigh den chéad uair.

“Meastar go rachaidh an beart seo chun tairbhe go díreach do thart ar 16,000 tuismitheoir aonair agus beidh ról suntasach aige maidir le bochtaineacht leanaí a laghdú.

“Nuair a bhí mé ag obair sa Chomhar Creidmheasa, chonaic mé gur íocadh an íocaíocht chothabhála leanaí roinnt seachtainí, agus go raibh seachtainí eile ann nár íocadh í.

“Agus is é an leanbh an duine is mó a bhíonn ag fulaingt sa chás sin. Agus níl mé ag iarraidh é sin a fheiceáil ag tarlú.

“Mar sin déanfaidh an reachtaíocht seo difríocht dhearfach do go leor teaghlaigh éagsúla.”

Maidir le Sochar Linbh, forálann an reachtaíocht go n-íocfar, ón 1 Bealtaine, Sochar Linbh i leith aon duine atá 18 mbliana d’aois agus in oideachas lánaimseartha, nó atá faoi mhíchumas, suas go dtí a 19ú breithlá.

Rachaidh an beart chun tairbhe do thart ar 60,000 leanbh gach bliain.

Inniu mhínigh an tAire go dtabharfar á gcuid íocaíochtaí ar ais d’aon teaghlach atá gan íocaíocht faoi láthair ach a bhfuil leanbh atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas acu. Sna seachtainí atá romhainn, tosóidh an Roinn ag dul i dteagmháil dhíreach le teaghlaigh a bhainfidh tairbhe as an mbeart seo.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Is tacaíocht ríthábhachtach é an Sochar Linbh don oiread sin teaghlach agus rachaidh an síneadh seo chun tairbhe na mílte teaghlach ar fud na tíre, ar tháinig, go dtí seo, deireadh lena Sochar Linbh chomh luath agus a bhain a leanbh 18 mbliana d’aois amach.

“Ba mhaith liom a bheith soiléir faoi seo – tá feidhm ag an mbeart seo maidir le gach duine atá 18 mbliana d’aois agus atá fós in Oideachas Lánaimseartha i mBealtaine 2024.

“Mar shampla, íocfar tuismitheoirí leanaí a bhain 18 mbliana d’aois amach le déanaí i mí Feabhra arís ó Bhealtaine 2024 suas go dtí a 19ú breithlá, má tá a leanbh in oideachas lánaimseartha.

“Má tá tú gan íocaíocht agus má tá do leanbh 18 mbliana d’aois agus sé/sí fós in oideachas lánaimseartha, tabharfaidh an Roinn an íocaíocht de do chuid ar ais duit.

“Táimid ag súil leis go mbainfidh thart ar 60,000 leanbh tairbhe as gach bliain mar thoradh ar na hathruithe atá rite anois sa Dáil.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Íocaíochtaí Cothabhála Leanaí

Tá an deireadh leis an measúnú ar íocaíochtaí cothabhála leanaí sna tástálacha maoine le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh bunaithe ar mholtaí Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Cothabhála Leanaí, ar ghlac an Rialtas leo maidir leis an gcóras leasa shóisialaigh.

Bhunaigh an Rialtas an Grúpa Athbhreithnithe chun scrúdú a dhéanamh ar raon saincheisteanna a bhaineann le cothabháil leanaí in Éirinn. Rinne iar-Bhreitheamh Cúirte Cuarda Catherine Murphy cathaoirleacht ar an ngrúpa, agus bhí gairmithe beartais, dlí agus acadúla mar chuid de.

Tá Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Cothabhála Leanaí ar fáil anseo.

Tá na Rialacháin riachtanacha agus na socruithe gaolmhara á dtabhairt chun críche faoi láthair chun na hathruithe a thabhairt i bhfeidhm sna seachtainí atá romhainn.

Sochar Linbh

Beidh an Roinn Coimirce Sóisialaí i dteagmháil le faighteoirí uile an tSochair Linbh le linn na míonna amach romhainn le comhairle a sholáthar i dtaca leis na chéad chéimeanna eile.

I gcás linbh a bhain 18 mbliana d’aois amach tar éis Bealtaine 2023 agus atá fós in oideachas lánaimseartha, beidh sé/sí incháilithe arís ó Bhealtaine 2024 suas go dtí a 19ú breithlá.

De réir mar a thiocfaidh an beart i bhfeidhm i mí na Bealtaine, ní ghearrfar aon íocaíocht ar aon idirthréimhse suas go dtí mí na Bealtaine 2024.

Ní gá don tuismitheoir/don chaomhnóir athiarratas a dhéanamh má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha agus má tá deimhniú oideachais reatha ag an Roinn. Déanfar an íocaíocht a chur i bhfeidhm arís ó mhí na Bealtaine 2024 fad is a bheidh an deimhniú bailí agus leanfar leis an íocaíocht fad is a bheidh deimhniú bailí oideachais i bhfeidhm nó go dtí go mbeidh 19 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh, cibé acu is túisce.

Má tá 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh tar éis mhí na Bealtaine 2024, síneofar an Sochar Linbh go huathoibríoch go dtí an 19ú breithlá nó dáta éaga an deimhnithe reatha.

I gcásanna ina mbeidh an deimhniú oideachais as feidhm roimh an 19ú breithlá, eiseofar deimhniú oideachais nua don tuismitheoir/caomhnóir sula rachaidh sé as feidhm. Ní mór é seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais ionas gur féidir íocaíocht an tSochair Linbh a atosú.

Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le tuismitheoir/caomhnóir más gá deimhniú oideachais nuashonraithe a chur ar fáil.

I gcás na ndaoine sin ar gá dóibh a gcuid sonraí íocaíochta a nuashonrú, is é an bealach is tapúla agus is éasca chun sonraí íocaíochta a athrú ná ar líne ag MyWelfare.ie.