English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys gur ritheadh reachtaíocht chun Sochar Linbh a shíneadh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois ón 1 Bealtaine

  • Sochar Linbh le síneadh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas
  • Reachtaíocht rite sa Dáil chun na hathruithe a thabhairt isteach ó mhí na Bealtaine seachas ó mhí Mheán Fómhair
  • Ó mhí na Bealtaine 2024 go dtí a 19ú breithlá, íocfar arís le tuismitheoirí incháilithe leanaí a raibh 18 mbliana d’aois slánaithe acu tar éis mhí na Bealtaine 2023

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu gur ritheadh reachtaíocht sa Dáil chun éifeacht a thabhairt do shíneadh an tSochair Linbh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois ón 1 Bealtaine.

D’éirigh leis an Aire Humphreys comhaontú a fháil chun Sochar Linbh a shíneadh mar chuid de Cháinaisnéis 2024 chuig daoine atá 18 mbliana d’aois agus tá an beart le cur i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair.

Ach le déanaí fuair an tAire cead ón gComh-aireacht na hathruithe a thabhairt isteach ceithre mhí roimhe sin ón 1 Bealtaine.

Tá reachtaíocht rite sa Dáil anois chun éifeacht a thabhairt do na hathruithe seo.

Ciallaíonn sé seo go n-íocfar Sochar Linbh ón 1 Bealtaine le haon duine atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha, nó atá faoi mhíchumas, go dtí a 19ú breithlá.

Rachaidh an beart chun tairbhe do thart ar 60,000 leanbh gach bliain.

Inniu mhínigh an tAire go dtabharfar á gcuid íocaíochtaí ar ais d’aon teaghlach atá gan íocaíocht faoi láthair ach a bhfuil leanbh atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas acu. Sna seachtainí atá romhainn, tosóidh an Roinn ag dul i dteagmháil dhíreach le teaghlaigh a bhainfidh tairbhe as an mbeart seo.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá lúcháir orm a fhógairt gur ritheadh reachtaíocht sa Dáil chun Sochar Linbh a shíneadh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois ón 1 Bealtaine.

“Bhí an beart seo le teacht i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair i dtosach. Ach le déanaí fuair mé cead ón gComh-aireacht chun an t-athrú a chur i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine.

“Is tacaíocht ríthábhachtach é Sochar Linbh don oiread sin teaghlach atá ag obair agus rachaidh an síneadh seo chun tairbhe do na mílte teaghlach ar fud na tíre, ar tháinig deireadh lena Sochar Linbh a luaithe a bhí 18 mbliana d’aois slánaithe ag a leanbh go dtí seo.

“Íocfar arís le tuismitheoirí leanaí a raibh 18 mbliana slánaithe acu tar éis mhí na Bealtaine 2023 ó mhí na Bealtaine 2024 go dtí a 19ú breithlá, chomh luath is atá a leanbh in oideachas lánaimseartha.

“Má tá tú gan íocaíocht agus má tá do leanbh 18 mbliana d’aois agus sé/sí fós in oideachas lánaimseartha, tabharfaidh an Roinn an íocaíocht de do chuid ar ais duit.

“Táimid ag súil leis go mbainfidh thart ar 60,000 leanbh tairbhe as gach bliain mar thoradh ar na hathruithe atá rite anois sa Dáil.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Beidh an Roinn Coimirce Sóisialaí i dteagmháil le faighteoirí uile an tSochair Linbh le linn na míonna amach romhainn le comhairle a sholáthar i dtaca leis na chéad chéimeanna eile.

I gcás linbh a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici tar éis mhí na Bealtaine 2023 agus atá fós in oideachas lánaimseartha, beidh sé/sí incháilithe arís ó mhí na Bealtaine 2024 go dtí go bhfuil 19 mbliana d’aois slánaithe aige/aici.

De réir mar a thiocfaidh an beart i bhfeidhm i mí na Bealtaine, ní ghearrfar aon íocaíocht ar aon idirthréimhse suas go dtí mí na Bealtaine 2024.

Ní gá don tuismitheoir/don chaomhnóir athiarratas a dhéanamh má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha agus má tá deimhniú oideachais reatha ag an Roinn. Déanfar an íocaíocht a chur i bhfeidhm arís ó mhí na Bealtaine 2024 fad is a bheidh an deimhniú bailí agus leanfar leis an íocaíocht fad is a bheidh deimhniú bailí oideachais i bhfeidhm nó go dtí go mbeidh 19 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh, cibé acu is túisce.

Má tá 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh tar éis mhí na Bealtaine 2024, síneofar an Sochar Linbh go huathoibríoch go dtí an 19ú breithlá nó dáta éaga an deimhnithe reatha.

I gcásanna ina mbeidh an deimhniú oideachais as feidhm roimh an 19ú breithlá, eiseofar deimhniú oideachais nua don tuismitheoir/don chaomhnóir sula rachaidh sé as feidhm. Ní mór é seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais ionas gur féidir íocaíocht an tSochair Linbh a atosú.

Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le tuismitheoir/caomhnóir más gá deimhniú oideachais nuashonraithe a chur ar fáil.

I gcás na ndaoine sin ar gá dóibh a gcuid sonraí íocaíochta a nuashonrú, is é an bealach is tapúla agus is éasca chun sonraí íocaíochta a athrú ná ar líne ag MyWelfare.ie.