English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys méadú ar an neamhaird ioncaim a ghabhann leis an Liúntas Míchumais agus le Pinsean na nDall

  • beidh daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall in ann €165 a thuilleadh in aghaidh na seachtaine agus a n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil
  • tá suas le 15,000 duine faoi mhíchumas atá fostaithe nó féinfhostaithe chun tairbhe a bhaint as an méadú
  • cuirfidh an méadú ar na tairseacha ioncaim níos mó airgid ar ais i bpócaí daoine
  • beidh an beart i bhfeidhm ón gcéad sheachtain de mhí Eanáir ar aghaidh

Shínigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, rialacháin inniu a mhéadóidh an neamhaird ioncaim a ghabhann leis an Liúntas Míchumais agus le Pinsean na nDall.

Cuirfidh na rialacháin a shínigh an tAire inniu méadú €25, ó €140 go €165, leis an neamhaird ioncaim (an ioncaim ar a ndéantar neamhaird sa tástáil acmhainne) do dhaoine atá ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall.

Dearadh Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall chun tacú le faighteoirí liúntas agus iad sa tóir ar dheiseanna fostaíochta, más féinfhostaíocht a bheidh i gceist nó fostaíocht inárachaithe.

Faoi láthair, nuair atá duine fostaithe, cuirtear neamhaird ioncaim ar luach €140 i bhfeidhm. Thar a cheann sin, déantar neamhaird ar 50% den tuilleamh idir €140 agus €375 don tástáil acmhainne.

Beidh an beart i bhfeidhm ón gcéad sheachtain de mhí Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh an mhéadaithe:

  • féadfaidh duine ar bith a mbíonn ceann de na liúntais seo á bhfáil acu deiseanna fostaíochta a thapú, nó filleadh ar an bhfostaíocht, agus níos mó dá n-íocaíocht a choinneáil
  • féadfaidh tuairim is 15,000 duine faoi mhíchumas atá fostaithe nó féinfhostaithe faoi láthair (agus ceann de na liúntais seo á bhfáil acu) níos mó dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil

Fógraíodh an beart mar chuid de Bhuiséad 2023 agus leanann sé moltaí a rinneadh mar chuid de thaighde Indecon maidir le Costas an Mhíchumais.


Sampla de dhuine a bhainfeadh tairbhe as an méadú

Tá Jim faoi mhíchumas. Bíonn sé ag obair go páirtaimseartha agus tuilleann sé €350 in aghaidh na seachtaine.

Faoi láthair gheobhadh sé íocaíocht Liúntas Míchumais €110.50 in aghaidh na seachtaine.

Mar thoradh an mhéadaithe ar neamhaird ioncaim, mar aon leis an méadú €12 ar an íocaíocht sheachtainiúil Liúntas Míchumais, ó mhí Eanáir ar aghaidh gheobhaidh Jim €24.50 breise in aghaidh na seachtaine mar chuid dá íocaíocht Liúntas Míchumais a mhéadóidh go €135 in aghaidh na seachtaine.


Tuilleadh eolais faoin bhfógra seo

Agus an méadú á fhógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:

"Tá mé an-sásta rialacháin a shíniú inniu a mhéadóidh tuilleamh do dhaoine ar mhíchumas.

"Is é cuspóir an ghnímh seo ná tacú le daoine ar mhíchumas ar mhaith leo deiseanna fostaíochta a thapú.

"Táimid ag súil go mbainfidh tuairim is 15,000 duine a bhfuil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á bhfáil acu tairbhe as an méadú.

"Cuireann sé áthas orm go raibh trí Bhuiséad i ndiaidh a chéile anois ann, inar éirigh liom neamhaird ioncaim a mhéadú.

"Cuideoidh méadú ar an neamhaird ioncaim le níos mó daoine faoi mhíchumas ar mhaith leo deiseanna fostaíochta a thapú, nó ar mhaith leo filleadh ar an bhfostaíocht."


Nótaí

Is é atá Liúntas Míchumais ná íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne do dhaoine faoi mhíchumas atá idir 16 agus 66 bliana d’aois. Faoi dheireadh mhí Mhéan Fómhair 2022, bhí 157,133 duine ag fáil Liúntas Míchumais.

Tá tuairim is 14,800 duine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu fostaithe nó féinfhostaithe.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Pinsean na nDall a íoctar le daoine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu. Faoi dheireadh mhí Mhéan Fómhair 2022, bhí 1,049 duine ag fáil Phinsean na nDall.

Tá tuairim is 50 duine a bhfuil Pinsean na nDall á fháil acu fostaithe nó féinfhostaithe.

Mar chuid de Bhuiséad 2021, cuireadh méadú €20 in aghaidh na seachtaine ar an neamhaird ioncaim do thuilleamh níos ísle mar chuid den dá íocaíocht. Méadaíodh é ó €120 go €140 in aghaidh na seachtaine.

Mar chuid de Bhuiséad 2022, cuireadh méadú €25 in aghaidh na seachtaine ar an neamhaird ioncaim do thuilleamh níos airde mar chuid den dá íocaíocht, á méadú ó €350 go €375 in aghaidh na seachtaine.