Fógraíonn an tAire Humphreys na dátaí do na hÍocaíochtaí Cnapshuime maidir le Costas Maireachtála
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Eiseofar 10 n-íocaíocht chnapshuime de luach os cionn €1.4 billiún roimh an Nollaig chun cuidiú le Costas Maireachtála
- Íocaíochtaí chun tacú le teaghlaigh, pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
- Rachaidh an íocaíocht dhúbailte mhí Dheireadh Fómhair, atá le híoc an mhí seo, chun leasa 1.4 milliún duine
- 2 Íocaíochtaí dúbailte den Sochar Linbh roimh an Nollaig
- Deontais Tacaíochta de €400 do Dhaoine faoi Mhíchumas agus íocaíocht chnapshuime de €400 do Chúramóirí le híoc an mhí seo chugainn
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu na dátaí íocaíochta do na tacaíochtaí Costas Maireachtála Coimirce Sóisialta de luach níos mó ná €1.4 billiún a tugadh isteach mar chuid de Bhuiséad na seachtaine seo caite.
Cabhróidh an buiséad um Choimirce Sóisialaí — an buiséad is mó i stair an Stáit — le teaghlaigh, pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh a bhfuil Costas Maireachtála acu trí mheascán d’íocaíochtaí cnapshuime, tacaíochtaí spriocdhírithe agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.
I measc na n-íocaíochtaí cnapshuime a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad tá:
- Dúbailt ar Shochar Linbh i mí na Samhna agus i mí na Nollag araon, a thacóidh le 678,000 teaghlach maidir le níos mó ná 1.2 milliún leanbh.
- Íocaíocht Dhúbailte mhí Dheireadh Fómhair an mhí seo, ag déanamh leasa do 1.4 milliún duine.
- Íocfar Íocaíocht Tacaíochta de €400 do Dhaoine faoi Mhíchumas an mhí seo chugainn do dhaoine faoi mhíchumas.
- Fuarthas Íocaíocht Chnapshuime de €300 um Liúntas Breosla mar chuid den Bhuiséad freisin. Íocfar é seo sa tseachtain dár tús an4 Samhain go dtí breis agus 387,000 teaghlach.
- Sa tseachtain céanna, íocfar Íocaíocht chnapshuime de €400 do Theaghlaigh i bhFostaíocht go 46,000 teaghlach.
- Beidh Íocaíocht chnapshuime de €200 go dtí beagnach 254,000 duine a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair i mí na Samhna.
- Beidh íocaíocht tacaíocht leanaí de €100 - ar a dtugtaí ‘Méadú i leith Leanbh Cáilithe’ roimhe seo - sa tseachtain dár tús an 25 Samhain. Tacóidh sé sin le 340,000 leanbh.
- Soláthrófar Íocaíocht Tacaíochta Cúramóra de €400 do chúramóirí na tíre i rith na seachtaine dár tús an 11 Samhain.
- Íocfar Íocaíocht Bhónas na Nollag sa tseachtain dár tús an 2 Nollaig.
Dúirt an tAire Humphreys inniu, ag fógairt na sonraí, gur dearadh na híocaíochtaí chun tacú le teaghlaigh agus daoine aonaracha ar fud an Stáit leis an Chostas Maireachtála.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm an sceideal íocaíochta don 10 n-íocaíocht chnapshuime a fhógairt inniu, a fógraíodh an tseachtain seo caite mar chuid de Bhuiséad 2025.
“Tacóidh na híocaíochtaí seo atá os cionn €1.4 billiún san iomlán lenár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh sna míonna amach romhainn.
“Is ionann Buiséad 2025 agus an pacáiste cáinaisnéise coimirce sóisialta is mó i stair an Stáit.
“Dearadh an meascán d’íocaíochtaí cnapshuime chun tacú le daoine i rith mhíonna an gheimhridh chomh maith leis na rátaí seachtainiúla agus réimse tacaíochtaí spriocdhírithe chun brú airgeadais atá ag go leor teaghlach ar fud an Stáit a laghdú.”
Leagtar na híocaíochtaí do gach ceann de na Tacaíochtaí Cnapshuime thíos:
Beart Bhuiséad 2025 | Dáta Íocaíochta | Líon na bhFaighteoirí |
Íocaíocht Dhúbailte um Chostas Maireachtála Mhí Dheireadh Fómhair | Seachtain dár tús an 28 Deireadh Fómhair 2024 | 1.4 milliún faighteoir |
Íocaíocht Dhúbailte den Sochar Linbh | An 5 Samhain 2024 | 678,000 teaghlach maidir le 1.2 milliún leanbh |
Íocaíocht costas maireachtála de €400 dóibh siúd atá ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Oibre | Seachtain dár tús an 4 Samhain 2024 | 46,000 teaghlach |
Íocaíocht Cnapshuime de €300 um Liúntas Breosla | Seachtain dár tús an 4 Samhain 2024 | 387,000 teaghlach |
Íocaíocht Cnapshuime de €400 do dhaoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláine* | Seachtain dár tús an 4 Samhain 2024 | 213,000 faighteoir |
Íocaíocht de €200 do dhaoine a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair | Seachtain dár tús an 11 Samhain 2024 | 254,000 faighteoir |
Íocaíocht Cnapshuime de €400 do dhaoine a fhaigheann Deontas Tacaíochta do Chúramóirí* (Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile san áireamh) | Seachtain dár tús an 11 Samhain 2024 | 145,000 cúramóir |
Íocaíocht aonuaire de €100 do gach leanbh a bhfuil Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilithe roimhe seo) a íoc ina leith | Seachtain dár tús an 25 Samhain 2024 | 340,000 Leanbh |
Íocaíocht Dhúbailte Bhónas na Nollag | Seachtain dár tús an 2 Nollaig 2024 | 1.4 milliún faighteoir |
Íocaíocht Dhúbailte den Sochar Linbh | An 3 Nollaig 2024 | 678,000 teaghlach maidir le 1.2 milliún leanbh |
Nótaí:
Fuair an tAire Humphreys méaduithe íocaíochta i ngach réimse agus réimse tacaíochtaí spriocdhírithe, chomh maith leis an sraith d’íocaíochtaí cnapshuime, a thiocfaidh i bhfeidhm ó Eanáir 2025. Tá liosta iomlán na mbeart Buiséid Coimirce Sóisialaí 2025 ar fáil ag Item was unpublished or removed
Tá an íocaíocht aonuaire de €400 do dhaoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall agus/nó Deontas Tacaíochta Cúramóra, iníoctha ach i leith íocaíocht amháin.