English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys Neamhaird Ioncaim nua le rochtain a mhéadú chuig Scoláireacht Cothrom na Féinne UCD

  • Tionscnamh deartha chun mic léinn a thacú ar ioncaim ísle rochtain a bheith acu ar staidéar fochéime
  • Neamhaird €7,000 chun cabhrú leis na bacainní airgeadais roimh theaghlaigh atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh a mhaolú

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu ar an 17 Samhain, go mbeidh an Scoláireacht Cothrom na Féinne UCD faoi thástáil acmhainne maidir leis an neamhaird de €7,000 i gcomhair liúntais leas sóisialta áirithe.

Tá an tionscnamh deartha chun mic léinn ar ioncaim ísle a thacú chun rochtain a bheith acu ar oideachas tríú leibhéal agus na bacainní airgeadais roimh theaghlaigh ag fáil leas sóisialta a mhaolú.

Ag fógairt an athraithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is cúis áthais dom a fhógairt neamhaird ioncaim nua de €7,000 in aghaidh an mhic léinn a bheidh curtha i bhfeidhm ar chlár iontach UCD, Scoláireacht Cothrom na Féinne.

“Tabharfaidh an neamhaird seo cúnamh cothroime rochtana a sholáthar do mhic léinn, trí bhacainn airgeadais roimh theaghlaigh ag fáil leas sóisialta a bhaint.

“Mar is eol do chách, tá an deis chun a bheith rannpháirteach i gclár lánaimseartha fochéime mar thairbhe ollmhór do mhic léinn de gach aois agus cúlra.

“Tá sé ríthábhachtach, maidir leis a bheith ag cabhrú le daoine a ngairm fhéideartha sa todhchaí a thógáil agus a fhorbairt, chomh maith le tacaíocht a thabhairt dá dteaghlaigh agus ag obair ar mhaithe na sochaí ar an iomlán.

“Bhain mo chomhghleacaí Rialtais, an tAire Simon Harris, go leor amach ag cinntiú go bhfuil níos mó deiseanna chun dul ar oideachas tríú leibhéal ná a bhí ann riamh.

“Mar sin, tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn Coimirce Sóisialaí in ann a páirt a ghlacadh freisin agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann i UCD as a bheith ag obair linn chun an tionscnamh dearfach seo a chur i bhfeidhm.”

Bhronn UCD 151 Scoláireacht Cothrom na Féinne i 2022 agus tá sé beartaithe an méid deontais a mhéadú go 200 faoi 2029.

Ag cur fáilte roimh an tionscnamh freisin, dúirt Dr Bairbre Fleming, Stiúrthóir d'Ionad Rochtain agus Foghlaim ar feadh an tSaoil:

“Aithníonn UCD go dtéann mic léinn ar ioncaim ísle i ngleic le dúshláin breise maidir le rochtain a fháil chuig an ollscoil.

“Mar an ollscoil is fearr in Éirinn le haghaidh uileghabhálachta, lainseáladh an clár Scoláireacht Cothrom na Féinne chun cabhrú leis an mbaint de chuid de na bacainní a choisceann mic léinn ó chúlraí éagsúla oideachas tríú leibhéal a shroicheadh.”

“Tá gach scoláire atá againn ó theaghlaigh ar ioncam íseal, le go leor acu ina dtuismitheoirí aonaracha, cúramóirí teaghlaigh, nó ag maireachtáil faoi mhíchumas,”

“Tá ríméad orainn go bhfuil tacaíocht an Roinn Coimirce Sóisialaí againn anois a éascaíonn do mhic léinn ar ioncaim ísle a bheith páirteach inár gclár scoláireachta.”

Ag cur fáilte roimh an nuacht freisin ná Leona Rogers, máthair de bheirt a fuair scoláireacht Cothrom na Féinne i mbliana chun staidéar a dhéanamh ar Altranas Leanaí & Ginearálta ag UCD.

“Bhí an scoláireacht mar bhronntanas iontach dom,” a dúirt Leona.

“Cabhróidh sé liom a bheith ag díriú ar mo chuid staidéir gan a bheith ag smaoineamh ar airgead an t-am ar fad.”

Tá na Scoláireachtaí Cothrom na Féinne oscailte go hiarrthóirí céaduaire ar ioncam íseal, a tháinig isteach ar UCD trí cheann de na conairí iontrála agus atá mar bhall de na grúpaí tosaíochta an Phlean Rochtana Náisiúnta HEA.

Le do thoil, féach ar ucd.ie/ https://www.ucd.ie/all/cometoucd/scholarshipsandfinancialsupport/scholarships/cnf-undergraduate/

Tá an clár oscailte go hiarrthóirí céaduaire (mic léinn nua sa chéad bhliain) a ghlac leis an tairiscint staidéar a dhéanamh go lánaimseartha i gclár fochéime. Ní mór d'iarrthóirí incháilithe teacht ó theaghlach ar ioncam íseal, a bheith mar bhall den ghrúpa tosaíochta an Phlean Rochtana Náisiúnta HEA agus teacht isteach ar UCD trí cheann de na conairí iontrála. Bíonn scoláireachtaí idir €1,500 agus €14,000 in aghaidh na bliana agus bronnadh iad le haghaidh fad staidéar fochéime na mic léinn.

NÓTAÍ CHUIG NA HEAGARTHÓIRÍ

Is é an cuspóir den chlár scoláireachta seo ná chun dul i ngleic leis na bacainn airgeadais maidir le rannpháirtíocht in ardoideachas. Tá na scoláireachtaí mar mhaoiniú trí thacaíocht inbhuanaithe daonchairdiúil ó dheontóirí UCD amháin agus tá sé mar aidhm ligean do mhic léinn incháilithe a bheith rannpháirteach i saol an mhic léinn go hiomlán, go n-éireoidh leo agus go mbainfidh siad rath gairme amach.

Tugtar neamhaird ar an gcéad €7,000 maidir leis na scoláireachtaí go hiomlán (i.e neamhaird ioncaim) i gcomhair scéimeanna coimirce sóisialaí, leis an gcuid eile d'aon sparánacht eile measúnaithe de réir rialacha caighdeánaithe na scéime.

Is é cuspóir na scoláireachtaí seo ná cothromas rochtana agus rath acadúil a sholáthar do ghrúpaí tosaíochta an Phlean Rochtana Náisiúnta trí na bacainní airgeadais a bhaint.

Is é an liosta reatha de na grúpaí tosaíochta san áireamh ná

  • Mic léinn HEAR
  • Mic léinn DARE
  • Mic léinn faoi mhíchumas
  • Mic léinn lánfhásta céaduaire
  • An Lucht Siúil
  • Daoine le gradaim breisoideachais
  • Tuismitheoirí aonaracha, ag fáil Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh de réir tástála acmhainne
  • Mionlaigh eitneacha
  • Dídeanaithe, iad siúd a tugadh cead dóibh fanacht, agus iarratasóirí cosaint idirnáisiúnta
  • Mic léinn inar éirigh leo Clár Rochtana UCD a chríochnú

Beidh mic léinn ina bhfuil taithí acu leis an gcóras príosúin, foréigean teaghlaigh, cúramóirí, agus taithí leis an gcóras cúraim curtha ar an liosta seo i mbliana.

Tá na scoláireachtaí maoinithe ó fhoinsí daonchairdiúla, is é an aidhm atá leo ná tacaíocht Stáit le haghaidh mic léinn leochaileacha ar ioncam íseal atá ar an bhfad is mó ón oideachas tríú leibhéal. a threisiú seachas a athchur.