English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys Sonraí Íocaíochta le haghaidh Íocaíocht Cnapshuime Costas Maireachtála €200

  • Tacaíocht bhreise do bhreis agus 1.3 milliún pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonair
  • Íocaíochtaí de €261 milliún san iomlán le híoc sa tseachtain dar tús Dé Luain 24 Aibreán
  • Bainfidh daoine a fhaigheann Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht tairbhe freisin as Tacaíocht le haghaidh Costais Mhaireachtála

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go n-íocfar cnapshuim de €200 mar thacaíocht don chostas maireachtála le breis agus 1.3 milliún daoine sa tseachtain dar tús Dé Luain 24 Aibreán.

Déanfar an íocaíocht le grúpaí amhail pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, baintreacha agus tuismitheoirí aonair, agus déanfar an íocaíocht i dteannta le gnáthíocaíochtaí seachtainiúla.

Íocfar an chnapshuim €200 le daoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht ach nach bhfuair an chnapshuim lena bpríomhíocaíocht.

Tá an íocaíocht seo mar chuid de phacáiste beart a d’aimsigh an tAire Humphreys i mí Feabhra agus tá sí sa bhreis ar an €2.2 billiún de thacaíochtaí dá bhforáiltear i mBuiséad 2023.

Ag fógairt na sonraí inniu di, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá tionchar ag na brúnna costais mhaireachtála ar shaol daoine ar fud na tíre seo.

“I mí Feabhra, bhí an-áthas orm faomhadh an Rialtais a fháil le haghaidh breis agus €410 milliún de thacaíochtaí breise a bheidh le híoc le teaghlaigh sna míonna amach romhainn. Is í an íocaíocht chnapshuime €200 seo an chéad cheann de na bearta sin agus leanfar í i mí an Mheithimh le €100 breise in aghaidh an linbh do dhaoine a fhaigheann Sochar Linbh.

“Gheobhaidh tuismitheoirí a fhaigheann an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua €100 breise do gach leanbh an samhradh seo freisin.

“Cuireann an pacáiste beart seo, chomh maith leis an €2.2 billiún de thacaíochtaí a fuarthas mar chuid de Bhuiséad 2023, béim ar ár dtiomantas leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar an gcostas maireachtála méadaithe a bhíonn ar ár saoránaigh.

“Ó thús na tréimhse deacra seo, ní bhfuarthas aon easnamh riamh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí.

“Agus mar sin, tá áthas orm inniu sonraí na tacaíochta breise seo a fhógairt, rud a chreidim a rachaidh chun tairbhe don oiread sin teaghlach i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.”

I mí Feabhra, d'fhógair an Rialtas pacáiste costais mhaireachtála nua €1.2 billiún a thugann túsáit do thacaíocht do na daoine is leochailí. Tá an íocaíocht chnapshuime €200 seo mar chuid de na bearta Coimirce Sóisialaí ar fiú €410 milliún iad, lena n-áirítear freisin an méid seo a leanas:

  • Gheobhaidh daoine a fhaigheann sochar linbh cnapshuim €100 in aghaidh an linbh bhreise i mí Mheithimh.
  • Íocfar íocaíocht bhreise €100 freisin i mbliana do gach leanbh a n-íoctar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ina leith. I gcás leanbh atá idir 4 agus 11 bhliain d'aois, íocfar €260 ina leith agus íocfar €385 i leith iad siúd atá idir 12 agus 22 bhliain d'aois.

Chríochnaigh an tAire Humphreys:

“Léiriú eile is ea na bearta seo ar thiomantas an Rialtais cabhrú leis an méadú ar an gcostas maireachtála. Léiríonn sé seo, fiú cúpla mí tar éis dúinn an Buiséad Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit a thabhairt isteach, go leanfaimid ag freagairt d’fhonn na daoine is mó a bhfuil gá acu leo a chosaint.”

Nótaí don Eagarthóir:

Íocaíocht chnapshuime €200 le híoc sa tseachtain dar tús 24 Aibreán le daoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha á bhfáil acu. Íocfar í seo le príomhfhaighteoirí na n-íocaíochtaí a fhaigheann Bónas na Nollag. Íocfar í freisin le daoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht agus nach bhfuil an chnapshuim ar a bpríomhíocaíocht faighte acu.

Gheobhaidh daoine a n-íocaíocht chnapshuime €200 ar an lá céanna a fhaigheann siad a bpríomhíocaíocht de ghnáth. Gheobhaidh daoine aonair incháilithe íocaíocht chnapshuime amháin.

Líon na ndaoine a gheobhaidh an Íocaíocht Chnapshuime €200 do Chostas Maireachtála:

Scéim Faighteoirí Measta
Pinsean Stáit Neamhranníocach 98,000
Liúntas Cuardaitheora Poist 60,000
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora 41,000
Pinsean Baintreachais Neamhranníocach 1,000
Liúntas Leasa Forlíontach 3,100
Liúntas Costas Laethúil 3,000
Cúnamh Feirme 4,500
Fostaíocht Phobail 18,600
Scéim Shóisialta Tuaithe 2,800
Tionscnamh Poist 6,200
TUS 5,000
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair 2,300
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas 3,600
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair 2,900
Liúntas Míchumais 158,000
Pinsean na nDall 1,000
Liúntas Cúramóra 50,000
Liúntas Cúraim Baile 50,000
Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht 39,000
Sochar Breoiteachta (>12 mhí) 17,000
Sochar Cuardaitheora Poist (> 12 mhí) 15,000
Sochar Cuardaitheora Poist Féinfhostaithe 1,000
Pinsean Stáit (Ranníocach) 512,600
Pinsean Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) 124,800
Sochar Báis Díobhálacha Ceirde 700
Sochar Banchéile Thréigthe 4,400
Sochar Cumais Pháirtigh 3,100
Pinsean Easláine 56,700
Sochar Míthreorach 13,800
Sochar Cúramóra 3,500
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) 1,100