English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí íocaíochta maidir le Bónas na Nollag

  • Íocaíocht Bhónais na Nollag le híoc le breis agus 1.3 milliún duine
  • Bainfidh pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas & tuismitheoirí aonair leas as
  • Daoine ar Shochar Breoiteachta Fadtéarmach le Bónas a fháil den chéad uair
  • Íocaíochtaí ar fiú breis agus €300 milliún iad le heisiúint ón tseachtain seo chugainn
  • Molann an tAire Humphreys do dhaoine tacú le gnólachtaí beaga & siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, sonraí íocaíochta maidir le Bónas na Nollag inniu, a íocfar le tuairim is 1.3 milliún duine an tseachtain seo chugainn.

Mar chuid de chomhráite Buiséid na bliana seo, fuair an tAire Humphreys comhaontú maidir le hÍocaíocht Bhónais Nollag ar chostas breis agus €300 milliún. Déanfar an íocaíocht le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, baintreacha agus tuismitheoirí aonair agus déanfar an íocaíocht an tseachtain seo chugainn i dteannta le gnáthíocaíocht sheachtainiúil gach duine.

An tseachtain seo fuair an tAire Humphreys faomhadh an rialtais chun Bónas na Nollag a leathnú, den chéad uair, chuig daoine a bhfuil Sochar Breoiteachta fadtéarmach á fháil acu. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh daoine a bhfuil Sochar Breoiteachta á fháil acu ar feadh 12 mhí nó níos faide, an íocaíocht anois – bainfidh thart ar 17,500 duine leas as an síneadh seo. Gheobhaidh faighteoirí Sochar Breoiteachta Fadtéarmach a mBónas Nollag idir Dé Máirt, 6 Nollaig 2022 agus Dé hAoine, 23 Nollaig 2022.

Tá na híocaíochtaí Bónas Nollag sa bhreis ar an 7 n-íocaíocht chnapshuime atá déanta cheana féin chun tacú le teaghlaigh leis an gcostas maireachtála le sé seachtaine anuas. Tá costas iomlán na 8 n-Íocaíocht Chnapshuime ar fad os cionn €1.2 billiún.

Ag fógairt sonraí íocaíochta maidir le Bónas na Nollag, dúirt an tAire Humphreys:

“Is tráth an-speisialta den bhliain í an Nollaig, ach féadann sí a bheith ina tréimhse chostasach do dhaoine aonair agus do theaghlaigh, go háirithe i bhfianaise an chostais mhaireachtála reatha.

“Tá áthas orm mar sin a fhógairt go n-íocfar Íocaíocht Bhónais na Nollag an tseachtain seo chugainn. Tá an íocaíocht seo curtha ar fáil chun níos mó airgid a chur i bpócaí ár bpinsinéirí, ár gcúramóirí, daoine faoi mhíchumas, baintreacha agus tuismitheoirí aonair.

“Táim thar a bheith sásta go leathnófar Bónas na Nollag na bliana seo do dhaoine ar Shochar Breoiteachta fadtéarmach den chéad uair.

“Tá formhór mór na ndaoine ar Shochar Breoiteachta ar feadh tréimhse an-ghearr ama agus ansin filleann siad ar an obair ach tá cohórt beag daoine a bhfuil riochtaí tromchúiseacha leighis orthu a fhanann ar an íocaíocht ar feadh tréimhsí níos faide ama.

“Is daoine iad seo a d’oibrigh ar feadh a saoil, a d’íoc a gcuid ÁSPC agus a mbíonn orthu ansin sos a ghlacadh ón bhfórsa oibre mar gheall ar riochtaí sláinte tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith fadtéarmach. D'ardaigh roinnt daoine an cheist seo liom agus tá áthas orm a dhearbhú go bhfaighidh daoine atá ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí nó níos faide an íocaíocht seo anois. Bainfidh thart ar 17,500 duine leas as an athrú seo.

“Ba dhúshlánach í an bhliain seo freisin do ghnóthaí beaga agus mholfainn do dhaoine, nuair is féidir, siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil ag druidim leis an Nollaig i mbliana.”

Gheobhaidh daoine a mBónas Nollag ar an dáta céanna a fhaigheann siad a bpríomhíocaíocht de ghnáth.

Seo a leanas liosta iomlán na n-íocaíochtaí a gheobhaidh Bónas na Nollag:

Scéim Líon na bhfaighteoirí a gheobhaidh Bónas
Pinsean Stáit Neamhranníocach 93,636
Liúntas Cuardaitheora Poist* 94,080
Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora 39,930
Pinsean Baintrí(Baintreach Fir) (neamhrann) 1,110
Liúntas Banchéile Thréigthe 45
Liúntas Leasa Forlíontach* 3,120
Liúntas Costas Laethúil* 2,483
Cúnamh Feirme 4,700
Fostaíocht Phobail 19,010
Scéim Shóisialta Tuaithe 2,900
Tionscnamh Poist 446
TUS 5,268
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair 2,730
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas* 3,354
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair 2,749
Liúntas Míchumais 155,470
Pinsean na nDall 1,004
Liúntas Cúramóra 90,790
Liúntas Cúraim Baile 48,008
Íocaíocht Chaomhnóra (neamhrann) 577
Scéim Choimisiún Magdalen 409
Pinsean Stáit (Ranníocach) 494,100
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) 123,940
Sochar Báis Díobhálacha Ceirde 711
Sochar Banchéile Thréigthe 4,750
Sochar Cumais Pháirtigh 3,320
Pinsean Easláine 56,640
Sochar Míthreorach 13,777
Sochar Cúramóra 3,410
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) 1,155
Íocaíocht sochair do dhaoine 65 bliain d’aois, Sochar Cuardaitheora Poist* Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe* 15,063
Sochar Breoiteachta** 17,500
Iomlán 1,306,185
  • Tá tréimhse 12 mhí ar íocaíocht nó scéim leasa shóisialaigh incháilithe ag teastáil chun a bheith incháilithe don Bhónas. An t-am a caitheadh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime san áireamh sa tréimhse cháilitheach do chuardaitheoirí poist.

** Is meastachán é an figiúr 17,500 ar líon na bhfaighteoirí Sochar Breoiteachta Fadtéarmaí a gheobhaidh Bónas Nollag. Gheobhaidh na faighteoirí fadtéarmacha Sochar Breoiteachta seo an Bónas idir Dé Máirt 6 Nollaig 2022 agus Dé hAoine 23 Nollaig 2022.