Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí an chéad Bhónais Eanáir riamh
- Foilsithe: 29 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- 1.3 milliún duine a bheidh Íocaíocht Cnapshuime Dhúbailte á fáil acu an tseachtain seo
- Pacáiste €342 milliúin chun tacú lenár bpinsinéirí, lenár gcúramóirí, lenár ndaoine faoi mhíchumas, lenár dtuismitheoirí aonair agus lenár dteaghlaigh ar ioncam íseal
- Is é an Bónas Eanáir an naoú híocaíocht cnapshuime atá urraithe faoi Bhuiséad 2024
- An tAire Humphreys: Is éard atá i gceist leis seo ná tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus níos mó airgid a chur ar ais i bhur bpóca
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD inniu, sonraí an Bhónais Eanáir, a thacóidh le 1.3 milliún duine leis an gCostas Maireachtála.
Le linn na seachtaine seo, eiseofar Íocaíocht Cnapshuime Dúbailte go leithéidí dár bpinsinéirí, dár gcúramóirí, dár ndaoine faoi míchumas, dár dtuismitheoirí aonair agus dár dteaghlaigh ar ioncam íseal.
Is é an Bónas Eanáir an naoú híocaíocht cnapshuime a urraíodh faoin Bhuiséad 2024.
Íocfar é ar an mbonn céanna le Bónas na Nollag agus beidh na méaduithe ar an gcroí-ráta seachtainiúil a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana san áireamh.
Ag fógairt na sonraí den íocaíocht dúbailte inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Le dhá bhliain go leith anuas, tá an Rialtas seo i ndiaidh tacaíochtaí airgeadais nach bhfacthas riamh a chur i bhfeidhm chun cabhrú le teaghlaigh deileáil leis an gcostas maireachtála.
“Agus tá áthas orm an tseachtain seo, go leanfaidh na tacaíochtaí seo ar aghaidh leis an mBónas Eanáir.
“Dá bharr sin, gheobhaidh 1.3 milliún duine íocaíocht cnapshuime dúbailte mar thacaíocht in aghaidh na seachtaine - ár bpinsinéirí, ár gcúramóirí, ár ndaoine faoi mhíchumas, ár dtuismitheoirí aonair agus ár dteaghlaigh ar ioncam íseal, san áireamh.
“Is éard atá i gceist leis seo ná níos mó airgid a chur ar ais i bhur póca agus ag aithint go bhfuil teaghlaigh faoi bhrú ó thaobh airgid de, i ndiaidh tréimhse na Nollag go háirithe.”
Bhí an pacáiste Coimirce Sóisialaí i mBuiséad 2024 an pacáiste is mó i stair an Stáit agus chabhraigh sé le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, agus teaghlaigh leis an gCostas Maireachtála trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.
Chomh maith leis an tsraith íocaíochtaí cnapshuime, fuair an tAire Humphreys méaduithe leasa ar bhonn uilechoiteann de €12 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024, agus raon beart spriocdhírithe le teacht i bhfeidhm i rith 2024.
Tá an liosta iomlán seo de bhearta um Chosaint Shóisialta Bhuiséad 2024 ar fáil ag www.Gov.ie/DSPBudget24.
Nótaí d'Eagarthóirí:
Íocann an íocaíocht dúbailte go huathoibríoch - ní gá do dhaoine iarratas a chur isteach.
Tá an liosta d'íocaíochtaí atá incháilithe den Bhónas Eanáir ar fáil anseo.
Scéim | Garbhuimhreacha de Fhaighteoirí |
Pinsean Stáit Neamhranníocach | 98,186 |
Liúntas Cuardaitheora Poist* | 116,350 |
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | 43,606 |
Pinsean Neamh-ranníocach Baintrí/Baintreach Fir | 1,060 |
Liúntas Leasa Forlíontach* | 3,125 |
Liúntas Costais Laethúla* | 6,641 |
Cúnamh Feirme | 4,299 |
Fostaíocht don Phobal | 18,710 |
Scéim Shóisialta Tuaithe | 2,802 |
Tionscnamh Post | 384 |
TÚS | 4,625 |
An Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair | 2,520 |
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas* | 2,103 |
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair | 2,753 |
Clár Socrúcháin Taithí Oibre | 174 |
Liúntas Míchumais | 158,150 |
Pinsean na nDall | 992 |
Liúntas Cúramóra | 92,840 |
Liúntas Cúraim Baile | 52,125 |
Íocaíocht Caomhnóra (neamhranníocach) | 575 |
Scéim Choimisiún Magdalen | 694 |
Pinsean Stáit (Ranníocach) | 510,350 |
Pinsean Baintrí Marthanaí, Baintrí Fir Marthanaí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) | 124,900 |
Shochair Bháis faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde | 696 |
Sochar Banchéile Thréigthe | 4,460 |
Sochar Cumais Pháirtigh | 3,026 |
Pinsean Easláine | 55,169 |
Sochar Míthreorach | 13,680 |
Sochar Breoiteachta* | 16,343 |
Sochar Cúramóra | 3,757 |
Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) | 1,155 |
- Tá tréimhse 12 mhí ar íocaíocht nó scéim leasa shóisialaigh incháilithe ag teastáil chun a bheith incháilithe don Bhónas.
Miondealú de réir an Chontae den Íocaíocht Dúbailte Eanáir:
Contae | Garbhuimhreacha de Fhaighteoirí den Íocaíocht Dúbailte Eanáir |
Ceatharlach | 18,559 |
An Cabhán | 20,812 |
An Clár | 34,644 |
Corcaigh | 145,216 |
Dún na nGall | 51,226 |
Baile Átha Cliath | 317,445 |
Gaillimh | 66,287 |
Ciarraí | 46,717 |
Cill Dara | 50,538 |
Cill Chainnigh | 25,983 |
Laois | 22,219 |
Liatroim | 11,010 |
Luimneach | 59,305 |
An Longfort | 13,602 |
Lú | 37,753 |
Maigh Eo | 41,695 |
An Mhí | 44,882 |
Muineachán | 17,031 |
Uíbh Fhailí | 23,156 |
Ros Comáin | 20,056 |
Sligeach | 20,559 |
Tiobraid Árann | 50,133 |
Port Láirge | 35,606 |
An Iarmhí | 26,469 |
Loch Garman | 47,871 |
Cill Mhantáin | 38,148 |