English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí maidir le hÍocaíocht Dhúbailte Sochair Linbh agus Íocaíochtaí Bhónas na Nollag

  • Gheobhaidh 650,000 teaghlach íocaíochtaí dúbailte Sochair Linbh amárach
  • Bónas na Nollag le híoc le thart ar 1.3 milliún duine lena n-áirítear Pinsinéirí, Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
  • Íocaíochtaí de bhreis is €500 milliún san iomlán chun tacú le daoine leis an gCostas Maireachtála

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go n-íocfar Íocaíocht Dhúbailte Sochair Linbh amárach (Dé Máirt an 5 Nollaig) chun tacú le 650,000 teaghlach leis an gCostas Maireachtála.

Ciallaíonn an beart go n-íocfar €280 in aghaidh an linbh i leith breis agus 1.2 milliún leanbh ar fud an Stáit.

D’fhógair an tAire Humphreys sonraí Bhónas na Nollag freisin, a íocfar le thart ar 1.3 milliún duine an tseachtain seo lena n-áirítear Pinsinéirí, Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas.

Ag dearbhú na sonraí íocaíochta do na híocaíochtaí Dúbailte Sochair Linbh, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfaighidh 650,000 teaghlach Íocaíocht Dhúbailte Sochair Linbh Dé Máirt chun tacú leo leis an gcostas maireachtála. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh teaghlaigh íocaíochtaí de €280 in aghaidh an linbh amárach.

“Tuigim go maith an brú atá ar theaghlaigh go háirithe roimh an Nollaig. Tá Sochar Leanaí ar cheann de bheagán uirlisí laistigh den Roinn Coimirce Sóisialaí gur féidir liom a úsáid chun tacú le teaghlaigh atá ag obair. Tuigim ó mo laethanta ag obair sa Chomhar Creidmheasa cé chomh mór is atá teaghlaigh ag brath ar an íocaíocht mhíosúil Sochair Linbh agus tá áthas orm sonraí na híocaíochta dúbailte seo a fhógairt inniu a thabharfaidh tacaíocht do na céadta míle teaghlach atá ag obair go dian ar fud na tíre.”

Chomh maith leis na híocaíochtaí Dúbailte Sochair Linbh, fuair an tAire Humphreys comhaontú freisin maidir le hÍocaíocht Bhónas na Nollag ar chostas breis agus €320 milliún.

Déanfar an íocaíocht do 1.3 milliún duine an tseachtain seo lena n-áirítear Pinsinéirí, Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas. Gheobhaidh daoine a mBónas Nollag ar an lá céanna is a fhaigheann siad a n-íocaíocht phríomhúil sheachtainiúil de ghnáth.

Ag fógairt sonraí Bhónas na Nollag, dúirt an tAire Humphreys:

“Is tráth an-speisialta den bhliain í an Nollaig, ach is féidir leis a bheith costasach do dhaoine aonair agus do theaghlaigh.

“Tá áthas orm sonraí Íocaíochtaí Bhónas na Nollag a fhógairt inniu. Bainfidh thart ar 1.3 milliún duine leas as lena n-áirítear ár bpinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair.

“Is tacaíocht ríthábhachtach é Bónas na Nollag, go háirithe dár seanóirí. Gheobhaidh daoine a n-íocaíocht bhónais ar an lá céanna is a fhaigheann siad a bpinsean seachtainiúil nó íocaíocht phríomhúil eile de ghnáth.

“Mar is gnáth, spreagfainn daoine, nuair is féidir, siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil roimh an Nollaig i mbliana.”

Nótaí:

Íocaíocht mhíosúil €140 do gach leanbh is ea Sochar Linbh. Tá an íocaíocht do mhí na Nollag méadaithe faoi dhó go €280 do gach leanbh.

Íoctar Sochar Linbh le teaghlaigh le leanaí i leith gach linbh cháilithe suas go dtí 16 bliana d’aois.

Leanfar den íocaíocht a íoc i leith leanaí go dtí a 18ú breithlá má tá siad in oideachas lánaimseartha nó má tá siad faoi mhíchumas.

Ó Mheán Fómhair 2024, leathnófar Sochar Linbh chuig daoine atá 18 mbliana d’aois agus in oideachas lánaimseartha. Clúdóidh sé seo iad siúd atá ag an dara leibhéal nó leanaí eile fad is a fhanann siad in oideachas lánaimseartha (go dtí a 19ú breithlá). Bainfidh teaghlaigh leas as an mbeart seo i leith timpeall 60,000 duine atá 18 mbliana d’aois.

Miondealú Contae ar Fhaighteoirí Sochair Linbh:

Contae Líon na dTeaghlach Líon na Leanaí
An Clár 14,958 28,507
Corcaigh 72,321 136,186
An Cabhán 10,781 21,163
Ceatharlach 9,001 16,648
Dún na nGall 22,466 43,966
Baile Átha Cliath 172,020 309,397
Gaillimh 33,746 64,820
Cill Dara 35,183 64,933
Cill Chainnigh 11,697 22,574
Ciarraí 19,013 35,185
An Longfort 6,031 11,806
20,671 38,440
Luimneach 26,457 49,882
Liatroim 4,375 8,636
Laois 11,762 22,531
An Mhí 30,709 57,904
Muineachán 8,394 17,111
Maigh Eo 16,699 32,547
Uíbh Fhailí 10,530 19,985
Ros Comáin 8,145 16,121
Sligeach 8,437 16,273
Tiobraid Árann 21,967 42,194
Port Láirge 16,798 31,367
An Iarmhí 13,439 25,370
Cill Mhantáin 21,338 39,282
Loch Garman 21,881 40,639

Bónas na Nollag

Íocfar Bónas na Nollag an tseachtain seo. Bainfidh thart ar 1.3 milliún duine leas as, lena n-áirítear pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair. Gheobhaidh daoine a fhaigheann Sochar Breoiteachta ar feadh níos faide ná 12 mhí an bónas freisin, mar a fuair siad in 2022.