English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys tacú buan leis an Scéim Iasacht bheag na gComhar Chreidmheasa ‘Luíonn sé le Ciall’

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí inniu, Heather Humphreys TD, go bhfuil an tionscnamh chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus teaghlaigh ar ioncam íseal trí rochtain a chur ar fáil ar iasachtaí an Chomhair Chreidmheasa, anois buan.

Is scéim iasachta an Chomhair Chreidmheasa é ‘Luíonn sé le Ciall,’ tionscnamh Scéim Micrichreidmheasa Pearsanta, a chuireann iasachtaí beaga ar fáil ar ráta íseal úis do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu.

Soláthraíonn an Scéim creidmheas inacmhainne do dhaoine ar ioncam íseal agus tá sé mar aidhm acu cleithiúnas ar sholáthraithe creidmheasa ardchostais a laghdú.

Tá formhór d’aisíocaíochtaí na hiasachtaí déanta trí shaoráid Buiséadú Teaghlaigh, An Post, a thabhaíonn táille 25c in aghaidh an idirbhirt, a mbeidh ar na Comhair Chreidmheasa íoc as. Aithníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an t-ualach a chuireann na táillí seo ar Chomhair Chreidmheasa agus chun an soláthar leanúnach a chinntiú den scéim iasachta tábhachtach seo, tá na táillí seo í n-íoc ag an Roinn, ar bhonn treoirscéime ó Eanáir 2020.

Bunaithe ar rath na treoirscéime, d’fhógair an tAire inniu bunú buan na híocaíochta de réir Reachta san Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005 (arna leasú).

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is cúis mhór áthais dom a fhógairt go bhfuil ‘Luíonn sé le Ciall,’ atá á leathadh amach i gcomhpháirtíocht lenár gComhair Chreidmheasa, le bheith buan as seo amach.

“Is scéim thábhachtach í seo a chuireann rogha creidmheasa ar ús íseal do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu, a bhfuil iasachtaí beaga ag teastáil uathu agus múrach sin, d’fhéadfaidís casadh i dtreo soláthraithe creidmheasa ardchostais.

“Cinnteoidh an íocaíocht atá déanta ag mo Roinn, ar bhonn buan, den táille idirbhirt le haghaidh aisíocaíochtaí tríd shaoráid Buiséadú Teaghlaigh, an soláthar leanúnach den scéim iasachta seo, atá beag, ach tábhachtach ar fud na hÉireann.

“Is maith atá a fhios agam, na dúshláin a bhíonn roimh theaghlaigh agus daoine ar ioncam íseal ina bhfuil iasachtaí beaga ag teastáil uathu, ó mo chuid laethanta a bheith ag obair i gComhar Creidmheasa. Fáiltím go bhfuil os cionn leath de na Comhair Chreidmheasa ag cur na scéime seo ar fáil, in os cionn 280 suíomh, agus go bhfuil sé ar fáil do dhaoine nach ball iad chomh maith le baill.

“Is cúis mhór áthais, go bhfeicfimid an soláthar leanúnach de ‘Luíonn sé le Ciall’ mar rogha eile d’iasachtaí beaga tábhachtach in áit creidmheas ardchostais, a bhuí le tacaíocht na Roinne, agus mar chéim aistir do dhaoine chun tús a chur le stair creidmheasa mhaith, agus chun bogadh ar aghaidh chuig iasachtaí caighdeánacha óna gComhair Chreidmheasa”.

Ag cur fáilte roimh an fhógra inniu, dúirt David Malone, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin de Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa:

“Cuirim fáilte roimh shíneadh an rialtais as íocaíocht a dhéanamh as na táillí idirbhearta do Chomhair Chreidmheasa atá rannpháirteach san tionscnamh Micrichreidmheasa Pearsanta, ar a dtugtar, Luíonn sé le Ciall. Bunaíodh an scéim seo in 2017 agus is rogha eile é in áit soláthraithe creidmheasa ardchostais. Domsa, díríonn an scéim iasachta faoi leith seo, ach a bhfuil tábhacht léi, ár n-aird ar an ról lárnach a bhíonn ag Comhair Chreidmheasa i bpobail na hÉireann. Bíonn Comhair Chreidmheasa i ngach pobal d’Éirinn, a sholáthraíonn coigilteas agus iasachtaí do bhaill ar bhonn neamhbhrabúis.”

Nótaí

  • Chuir Comhair Chreidmheasa tús leis an tionscnamh Micrichreidmheasa Pearsanta ‘Luíonn sé le Ciall’ in 2017 agus cuireann siad iasachtaí beaga ar fáil (suas go €5,000) ar rátaí íseal úis d’iasachtaithe ar ioncam íseal a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu. Tá sé mar aidhm acu rogha eile atá inmharthana agus inacmhainne a chur ar fáil in áit soláthraithe ardchostais creidmheasa.
  • Dearadh an scéim chun deis a chur ar fáil don duine tú a chur le stair chreidmheasa mhaith agus chun bogadh ar aghaidh go hiasachtaí caighdeánacha, agus sa deireadh, rochtain a fháil ar sheirbhísí airgeadais eile agus táirgí atá ar fáil óna gComhair Chreidmheasa.
  • Níl gá le hiarrthóirí a bheith mar bhall den Chomhar Creidmheasa. Fad is go gcónaíonn nó go n-oibríonn an duine sa cheantar, is féidir leis an gComhar Creidmheasa a n-iarratas a phróiseáil. Mar aon scéim iasachta, ní mór d’iasachtaithe a bheith in ann a gcumas aisíocaíochta maidir leis an iasachta a thaispeáint agus braithfidh an cinneadh iasachtaithe ar an gComhar Creidmheasa áitiúil.
  • Déantar formhór d’aisíocaíochtaí ar iasachtaí ag faighteoirí leasa shóisialaigh, trí shaoráid Buiséadú Teaghlaigh atá faoi chúram, An Post, a thabhaíonn táille 25c in aghaidh an idirbhirt. Faoi láthair, éascaítear 5,400 aisíocaíocht iasachta ‘Luíonn sé le Ciall’ go seachtainiúil tríd shaoráid Buiséadú Teaghlaigh.
  • Tá díreach thar 50% de na Comhair Chreidmheasa ar fad cláraithe chun a bheith rannpháirteach i Luíonn sé le Ciall - Tá 95 Comhar Creidmheasa cláraithe, agus i dteannta fo-oifigí, tá an scéim ar fáil i 281 suíomh ar bhonn náisiúnta. Tá na Comhair Chreidmheasa seo scaipthe ar fud na tíre.
  • Ar bhonn seachtainiúil, tá níos mó ná 5,400 duine ag déanamh aisíocaíochta ar iasachtaí beaga an chomhair chreidmheasa faoin scéim seo.
  • Faigheann formhór na hiasachtaithe a bhfuil rochtain acu ar Luíonn sé le Ciall, íocaíochtaí míchumais, liúntas cuardaitheora poist nó liúntas teaghlaigh aontuismitheora.
  • Ó Eanáir 2020, ar bhonn treoirscéime, íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí as na táillí idirbhirt seo chun dul i ngleic leis an ualach airgeadais a bhíonn ar Chomhair Chreidmheasa agus chun an soláthar leanúnach den scéim iasachta seo a chinntiú. *Tá an íocaíocht seo déanta go buan tríd leasú ar Alt 290 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (arna leasú).
  • Méadaíonn an leasú reachtach luach na hiasachta freisin faoin scéim ó €2,000 go €5,000, chun boilsciú a léiriú agus méadú ar chostais mhaireachtála ó bhunú na scéime in 2017, agus a ailíníonn le reachtaíocht An tAcht um Chomhar Creidmheasa (Reachtach) 2023, ó thaobh rátaí úis de.

Tá eolas maidir leis an scéim agus nuashonruithe rialta, lena n-áirítear liosta de na Comhair Chreidmheasa atá rannpháirteach ar fáil ag www.itmakessenseloan.ie.