Fógraíonn na hAirí Humphreys agus McGrath sonraí maidir le 4 thacaíocht chnapshuime costais maireachtála le híoc an tseachtain seo
- Foilsithe: 15 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- €325 milliún ar an iomlán le híoc le 865,000 duine
- bainfidh daoine aosta, teaghlaigh i bhfostaíocht agus daoine faoi mhíchumas leas as
- Íocaíocht chnapshuime Liúntais Bhreosla €400
- Íocaíocht €500 as costas maireachtála dóibh siúd a bhfuil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht á fáil acu
- €500 Deontas Tacaíochta Míchumais
- Íocaíocht €200 le daoine a bhfuil Liúntas Maireachtála Aonair á fháil acu
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, inniu sonraí 4 íocaíocht chnapshuime ar leith a íocfar an tseachtain seo. Bainfidh daoine aosta, teaghlaigh i bhfostaíocht agus daoine faoi mhíchumas leas as na híocaíochtaí. San iomlán, bainfidh os cionn 865,000 duine leas as íocaíochtaí costais mhaireachtála na seachtaine seo.
Is iad na híocaíochtaí cnapshuime atá á n-íoc an tseachtain seo ná:
- íocfar €500 Deontas Tacaíochta Míchumais le 216,000 duine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine á fháil acu
- íocfar Íocaíocht Chnapshuime Liúntais Bhreosla €400 le breis agus 370,000 teaghlach
- íocfar cnapshuim €500 Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le 44,000 teaghlach**
- íocfar íocaíocht chnapshuime €200 leis an 234,000 duine a fhaigheann Liúntas Maireachtála Aonair
Ag fógairt na sonraí inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is maith is eol dom maidir le dúshláin chostais mhaireachtála atá roimh a lán daoine anois. Tá praghsanna fuinnimh ag ardú agus tá méadú tagtha ar chostas na siopadóireachta seachtainiúla. Is mian leis an Rialtas tacú agus sin an fáth a gcuirfidh na híocaíochtaí atá á n-eisiúint agam an tseachtain seo airgead i bpócaí daoine aosta, teaghlaigh i bhfostaíocht agus daoine faoi mhíchumas.
"Cuideoidh an raon leathan Íocaíochtaí Cnapshuime seo leis an ualach a mhaolú orthu siúd is leochailí i rith mhíonna an Gheimhridh. Mar shampla, gheobhaidh duine faoi mhíchumas a chónaíonn ina (h)aonar agus a fhaigheann an liúntas breosla € 1,100 breise ina c(h)untas an tseachtain seo.
“Tá íocaíochtaí spriocdhírithe na seachtaine seo sa bhreis ar an Íocaíocht Dhúbailte Sochair Linbh agus Íocaíocht Dhúbailte an Fhómhair a íocadh amach le seachtainí beaga anuas chun tacú le daoine leis an gcostas Maireachtála.
“Ina theannta sin, ó Eanáir, méadófar gach íocaíocht sheachtainiúil €12 sa tseachtain.”
Dúirt an tAire McGrath:
“Is cuid dhílis den phacáiste Buiséid cuimsitheach iad na híocaíochtaí cnapshuime atá á ndéanamh an tseachtain seo chun cúnamh a sholáthar do theaghlaigh chun déileáil le hardú an chostais mhaireachtála.
“Agus an buiséad á chur le chéile, ba é an aidhm a bhí againn ná a chinntiú go ndéantar an tacaíocht a thugtar a sheacadadh go tráthúil, go mbainfidh gach teaghlach sa stát leas as go pointe áirithe agus go mbeadh sé forchéimnitheach trí thacú leo siúd ar ioncam níos ísle faoin méid is mó.
“Ciallaíonn na ceithre íocaíocht seo, nuair a chuirtear iad leis an gcéad cheann de na trí chreidmheas fuinnimh € 200 a íocadh níos luaithe an mhí seo, chomh maith leis na híocaíochtaí breise um chosaint shóisialta agus sochar leanaí a riaradh cheana féin, go bhfuil os cionn € 1.2 billiún i gcúnamh seachadta go dtí seo.
“Sna seachtainí atá amach romhainn, déanfar laghdú aon uaire ar táille ranníocaíochta an mhic léinn agus íocaíochtaí dúbailte leo siúd atá incháilithe le haghaidh deontais cothabhála SUSI. I mí Eanáir, cuirfear laghduithe cánach ioncaim agus méaduithe ar leas seachtainiúil i bhfeidhm. Creidim go léiríonn an pacáiste foriomlán tacaíochtaí freagra inláimhsithe ar na billí substaintiúla agus na costais shubstaintiúla atá roimh theaghlaigh faoi láthair.”
Chomh maith leis an tsraith d'íocaíochtaí cnapshuime, fuair an tAire Humphreys leathnú mór ar an Scéim Liúntais Bhreosla – rud a thacaíonn le suas le 81,000 teaghlach nua lena gcostas breosla den chéad uair – agus méaduithe fairsinge €12 in aghaidh na seachtaine chuig gach buníocaíocht. Tiocfaidh na bearta seo i bhfeidhm in Eanáir 2023.