Fógraíonn na hAirí Humphreys agus O’Brien Bearta nua chun tacú le scéimeanna Fostaíochta Pobail agus TÚS i rith COVID
- Foilsithe: 2 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2021
Cuireadh síneadh leis na conarthaí go dtí Iúil 2021 chun dul chun sochair 7000 rannpháirtí
Rinneadh athruithe ar rialacha do rannpháirtithe níos sine ná 55 bliain a shoiléiriú
Cuirfear 3000 áit bhreise ar fáil ar scéimeanna
Bunaíodh Fóram Rannpháirteachais le Páirtithe Leasmhara
Faoi na bearta a d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, agus an tAire Stáit Joe O’Brien, TD, inniu, bainfidh scéimeanna Fostaíochta Pobail (FP) agus TÚS tairbhe as tacaíochtaí breise atá á gcur ar fáil dóibh.
Ó thús na paindéime, cheadaigh na hAirí Humphreys agus O’Brien síneadh a chur le conarthaí rannpháirtithe FP agus TÚS a dtiocfadh deireadh leo i rith shrianta Leibhéal 5 roinnt uaireanta, agus ba é an uair ba dhéanaí deireadh mhí an Mhárta. Go dtí seo, bhain breis agus 5,000 rannpháirtí tairbhe as na socruithe seo.
Bainfidh rannpháirtithe sa dá scéim a raibh a gconarthaí ceaptha críochnú i gcaitheamh na tréimhse ó Mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, tairbhe anois as síneadh breise a fhad leis an 2 Iúil.
Rachaidh seo chun sochair na 5,000 rannpháirtí siúd a bhfuil síneadh ar a gconradh acu faoi láthair, agus chun sochair 2,000 rannpháirtí sa bhreis ar gnách go dtiocfadh deireadh lena gconradh idir an t-am i láthair na huaire agus tús Iúil.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Baineann fíor-ríthábhacht leis an obair a dhéanann oibrithe FP agus TÚS maidir le pobail áitiúla fud fad na tíre. D’éist mé leis na deacrachtaí a tháinig aníos i roinnt scéimeanna i rith COVID agus tá súil agam go gcabhróidh na bearta atá á bhfógairt inniu againn le dul i ngleic leis na saincheisteanna seo.
“Tugaim tús áite do chinntiú go bhfuil leanúnachas agus cinnteacht ann i dtaobh scéimeanna FP agus TÚS i gcaitheamh na srianta reatha.
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Coimirce Sóisialaí, aithním go hiomlán an méid a chuireann scéimeanna FP agus TÚS ar bhonn laethúil lenár mbailte, sráidbhailte agus paróistí ar fud na tíre.
“Táim faoin tuairim le fada an lá gur gá caitheamh le Fostaíocht Pobail ní hamháin mar thacaíocht thábhachtach fostaíochta agus forbartha, ach mar sheirbhís lárnach pobail, go háirithe i gceantair thuaithe.
“Chéad chéim thábhachtach iad na hathruithe atá á bhfógairt againn inniu agus táim muiníneach gur féidir linn a chinntiú, trí rannpháirteachas méadaithe le páirtithe leasmhara, go gcruthaíonn an obair thábhachtach a dhéanann scéimeanna FP agus TÚS na tairbhí is mó d’oibrithe agus do phobail araon.
Dúirt an tAire freisin:
“Faoi Chlár Spreagthach an Rialtais in Iúil anuraidh, bhain mé faomhadh amach do 3,000 áit bhreise chun tacú le scéimeanna FP agus TÚS.
“Déanann na háiteanna breise seo béim a leagan ar thiomantas an Rialtais do FP agus TÚS agus cuirfidh siad deiseanna ar fáil do scéimeanna nua agus éascóidh sé níos mó daoine ar na scéimeanna reatha.
“Tabharfaidh mo Roinn an chéad tús áite do na háiteanna breise seo, agus iad siúd a thagann aníos ó fholúntais reatha, a líonadh, a luaithe a thosaíonn an geilleagar agus an tsochaí ag gluaiseacht arís i ndiaidh Covid agus nuair a laghdaítear na srianta sláinte poiblí. Beartaím, ar an ábhar sin, an líon atreoruithe a dhéanann oifigí áitiúla Intreo le FP agus TÚS a mhéadú go mór, a luaithe a thosaíonn an tír ag athoscailt.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Cuirfidh na bearta seo go léir cinnteacht bhreise ar fáil do scéimeanna FP, rannpháirtithe agus na seirbhísí pobail tábhachtacha a sholáthraíonn siad, agus tacaíocht á tabhairt, i gcomhthráth, le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach i rith thimpeallacht dhúshlánach seo Covid.
“Cuirfidh na bearta atá á fhógairt inniu againn cinnteacht ar fáil do rannpháirtithe FP agus TÚS fad a bhíonn ardleibhéil srianta sláinte poiblí i bhfeidhm go fóill.
“Ba mhaith liom athdhearbhú a thabhairt do rannpháirtithe tionscadail FP agus TÚS freisin go gcuirfear deireadh le conarthaí atá ceaptha críochnú i ndiaidh an 2 Iúil 2021, ar bhonn pleanáilte agus céimnithe.”
Lorg na hurraitheoirí FP soiléiriú ag cruinniú a chuir na hAirí Humphreys agus O’Brien ar siúl le hurraitheoirí tionscadail FP agus TÚS in Eanáir, maidir le hathrú ar na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht ar scéimeanna FP a tugadh isteach in Iúil 2017. Chuir an t-athrú seo srian uasta 3 bliana i ndiaidh a chéile ar rannpháirtíocht. D’iarr na hAirí ar oifigigh sa Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú a dhéanamh ar an tsaincheist seo.
D’fhógair an tAire O’Brien:
“I ndiaidh d’oifigigh Roinne an t-athbhreithniú a dhéanamh, táim sásta a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú difear do rannpháirtithe a bhí 55 bliain d’aois nó níos sine, nuair a tháinig an t-athrú ar an riail in Iúil 2017 agus a bhí rannpháirteach i scéim FP cheana féin ag an tráth sin, agus tá an rogha acu leanúint de bheith rannpháirteach in FP ar feadh a fhaide le sé bliana i ndiaidh a chéile.
“D’iarr mé ar m’oifigigh treoir níos mionsonraithe a ullmhú a eiseofar do gach scéim FP sna laethanta amach romhainn.
“Leanaimid freisin le saincheisteanna eile a scrúdú a tháinig chun solais ag an gcruinniú in Eanáir.”
Fógraíodh inniu freisin go mbunófar go luath Fóram FP agus TÚS nua ina bhfuil ionadaithe de scéimeanna FP agus TÚS agus oifigigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Is é cuspóir an Fhóraim plé a dhéanamh ar agus dearcthaí a mhalartú ar shaincheisteanna oibríochtúla a imríonn tionchar ar an dá scéim.
Mhínigh an tAire Humphreys:
“Chun na tairbhí uasta a bhaint amach do rannpháirtithe agus do phobail, creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbíonn idirchaidreamh rialta agus leanúnach idir an Roinn agus iad siúd a sholáthraíonn na seirbhísí ríthábhachtacha seo ar an talamh.
“Beidh an fóram nua seo tiomnaithe d’eolas a roinnt le agus éisteacht le dearcthaí i measc urraitheoirí FP agus TÚS maidir le ceisteanna oibríochtúla a imríonn tionchar ar an dá scéim.
“Creidim go mbeidh an fóram seo an-áisiúil chun eolas a sholáthar d’fhorbairtí a thiocfaidh ar sheirbhísí amach anseo san fhadtéarma fad a thagaimid as COVID-19.”
Nótaí don Eagarthóir
Bearta tacaíochta fostaíochta agus gníomhachtaithe iad scéimeanna FP agus TÚS do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile a bhfuil íocaíochtaí fadtéarmacha á bhfáil acu ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Bíonn baint ag rannpháirtithe sna scéimeanna i réimse seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla ar fud na tíre. Áirítear leo seo bainistíocht taitneamhachtaí áitiúla, tionscadail chomhshaoil, ealaíona agus cultúr, spórt, cúram leanaí, bailte slachtmhara, seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánúcháin ó dhrugaí. Anuas ar chur le seirbhísí áitiúla a sholáthar, déanann na rannpháirtithe, trína gcuid oibre ar na scéimeanna seo, réimse scileanna gairm bheatha agus taithí oibre a fhorbairt a chabhraíonn le feabhas a chur ar a n-ionchais féin chun fostaíocht lánaimseartha a bhaint amach.
Tá breis agus 19,500 duine rannpháirteach i scéimeanna FP agus breis agus 4,000 rannpháirteach in TÚS faoi láthair.
In 2020, rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí €425 milliún a infheistiú i scéimeanna FP agus TÚS.