English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fograíonn an tAire Humphreys íocaíocht an Deontais Tacaíochta Cúramóra

  • Gheobhaidh 125,000 cúramóir agus a dteaghlaigh deontas bliantúil €1,850
  • Aithnítear sa phacáiste €260 milliún an ról ríthábhachtach a bhíonn ag cúramóirí ar fud na tíre

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go n-íocfar an Deontas Tacaíochta Cúramóra le thart ar 125,000 cúramóir ar fud na tíre.

Tá an deontas bliantúil €1,850 mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach a dhéanann cúramóirí gach lá.

Beidh sé ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine aosta nó do dhuine faoi mhíchumas, beag beann ar a n-acmhainn nó ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Meastar go mbeidh costas iomlán thart ar €260 milliún ar an deontas atá á íoc.

Íoctar an deontas i leith gach duine a gcuirtear cúram ar fáil dóibh chun an costas breise a bhaineann le cúram a sholáthar a chur san áireamh agus chun na dúshláin ar leith atá roimh na cúramóirí seo a aithint.

Tá beagnach 14,000 cúramóir ag cur cúraim ar fáil do bheirt nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i leith gach duine atá faoina gcúram.

Íocfar an Deontas Tacaíochta Cúramóra go huathoibríoch le gach duine a fhaigheann an Liúntas Cúramóra (bíodh sin ina ráta iomlán nó ina leathráta), Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Bhaile.

Beidh sé ar fáil freisin do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfaigheann aon cheann de na híocaíochtaí seo.

Agus íocaíocht an Deontais Tacaíochta Cúramóra á fógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfaighidh os cionn 125,000 cúramóir an Deontas Bliantúil Tacaíochta Cúramóra €1,850 an tseachtain seo. Íocfar é seo go huathoibríoch leo siúd a fhaigheann na scéimeanna Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúraim Bhaile.

“Nuair a ceapadh mar Aire Coimirce Sóisialaí mé, mhéadaigh mé an Deontas Tacaíochta Cúramóra go €1,850. Tá sé seo mar chuid de shraith beart a thug mé isteach mar aitheantas ar ról ríthábhachtach chúramóirí agus ar an méid a chuireann siad leis an tsochaí.

“Mar chuid de Bhuiséad 2022, d'fhógair mé freisin feabhais ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil agus ar an neamhaird chaipitil den chéad uair le blianta fada.

“Tá bearta á gcur i bhfeidhm agam freisin chun scéim a chur ar fáil chun a chinntiú go gcuirfear ranníocaíochtaí íoctha ar fáil do chúramóirí fadtéarmacha le haghaidh bearnaí ina dtaifead árachais shóisialaigh den chéad uair i stair an Stáit. Cuirfidh sé seo le soláthar an Phinsin Stáit do chúramóirí a bhfuil breis agus 20 bliain dá saol caite acu ag soláthar cúraim. Tá sé seo mar chuid dár bhfreagra ar Choimisiún an Rialtais ar phinsin – ag aithint go bhfuil tacaíocht tuillte ag ár gcúramóirí fadtéarmacha ina leith seo.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do gach cúramóir in Éirinn as an obair ríthábhachtach agus luachmhar a dhéanann sibh chun tacú leo siúd a bhfuil cabhair agus cúnamh uathu.

“Agus muid ag obair i dtreo an chéad Bhuiséid eile, beidh ár gcúramóirí mar thosaíocht i mo chur chuige mar Aire agus is é an uaillmhian atá agam na a thuilleadh tacaíochta breise a thabhairt daofa.”

Nóta d'Eagarthóirí:

Conas cáiliú don Deontas Tacaíochta Cúramóra

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta Cúramóra má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Bhaile (LCB).

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, is féidir go gcáileoidh tú fós má chomhlíonann tú na coinníollacha seo:

  • go bhfuil tú 16 bliana d'aois nó os a chionn
  • go bhfuil gnáthchónaí ort i Stát na hÉireann
  • go gcuireann tú cúram ar fáil don duine go lánaimseartha
  • go bhfuil tú ag tabhairt aire don duine ar feadh tréimhse leanúnach sé mhí ar a laghad, agus áirítear sa tréimhse seo an chéad Déardaoin i Mí an Mheithimh
  • go gcónaíonn tú leis an duine atá faoi do chúram nó go bhfuil teacht ort go tapa le córas díreach cumarsáide amhail teileafón nó aláram

Ní cháilíonn tú don Deontas Tacaíochta Cúramóra más rud é:

  • go bhfuil tú fostaithe, go bhfuil tú féinfhostaithe, nó ag freastáil ar chúrsa oiliúna nó oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain. (Tabhair faoi deara: ní mór duit a thaispeáint dúinn go bhfuil cúram leordhóthanach ag an duine atá faoi do chúram agus tú ar obair, ar chúrsa oideachais, nó araon)
  • go bhfaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist
  • go bhfuil ranníocaíochtaí creidiúnaithe á bhfáil agat
  • go bhfuil cónaí ort in ospidéal, i ionad téarnaimh nó ina leithéid d’institiúid

Má tá níos mó ná duine amháin faoi do chúram, gheobhaidh tú deontas do gach duine atá faoi do chúram.

Tá an Deontas Tacaíochta Cúramóra díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.

Miondealú Contae ar Fhaighteoirí Deontais Tacaíochta Cúramóra:

Contae Líon na bhFaighteoirí
CEATHARLACH 1,983
AN CÁBHÁN 2,061
AN CLÁR 2,937
CORCAIGH 15,043
DÚN NA NGALL 5,240
BAILE ÁTHA CLIATH 27,796
GAILLIMH 6,382
CIARRAÍ 4,289
CILL DARA 5,092
CILL CHAINNIGH 2,321
LAOIS 2,399
LIATROIM 984
LUIMNEACH 6,732
AN LONGFORT 1,470
3,860
MAIGH EO 3,814
AN MHÍ 4,349
MUINEACHÁN 1,541
UÍBH FHAILÍ 2,789
ROS COMÁIN 2,049
SLIGEACH 1,751
TIOBRAID ÁRANN 5,433
PORT LÁIRGE 3,278
AN IARMHÍ 2,883
LOCH GARMAN 4,991
CILL MHANTÁIN 3,577