Foilsíonn an tAire Humphreys agus an tAire McEntee tuairisc an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí
- Foilsithe: 16 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 23 Samhain 2022
- Ní cuirfear íocaíochtaí cothabhála leanaí san áireamh i dtástáíl acmhainne leas sóisialta
- Cuirfear deireadh leis an riachtanas atá ann do Thuismitheoirí Aonair chun cothabáíl mar choinníoll cáilithe a iarraidh do Shochair Leasa Shóisialta
- rachaidh na leasuithe seo chun socair do thart ar 16,000 thuismitheoirí aonair ar chostas €10 milliún in aghaidh na bliana
- Fógraíonn an tAire McEntee an leasú is suntasaí riamh ar chóras na gcúirteanna teaghlaigh in Éirinn, chun é a dhéanamh níos so-thuigthe agus níos cairdiúla do theaglaigh
- Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt athbhreithniú ar fhorfheidhmiú na n-orduithe cothabhála leanaí
D'fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, tuairisc an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabáil Leanaí inniu.
Bhunaigh an rialtas an grúpa chun réimse fadbhanna a bhaineann le cothabáil léanaí in Éirinn a fhiosrú. Rinne iar-Bhreitheamh Cúirte Cuarda Catherine Murphy cathaoirleacht ar an ngrúpa, agus bhí gairmithe beartais, dlí agus acadúla mar chuid de.
Mar thoradh ar an tuairisc, d'aontaigh an rialtas an tseachtain seo tabhairt faoi bheartais chun tacaíocht láithreach a chur ar fáil do thuismitheoirí aonair.
I dtaca le déileáil Cothabhála Leanaí laistigh den chóras Leas Sóisialta:
- Ní dhéanfar tastáil acmhainne ar íocaíochtaí cothabhála leanaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí in aghaidh tuismitheoirí aonair a thuilleadh
- Bainfear an riachtanas do thuismitheoirí aonair cothabáil a iarraidh (go minic trí na Cúirteanna) mar chionnoil cáilithe d'iocaíochtaí ar nós Iocaíocht Teaghlaigh Tuismitheora Aonair
I dtaca le Cothabáil Leanaí laistigh de Chóras na gCúirteanna:
- D'fhógair an tAire Dlí agus Cirt leasuithe suntasacha inniu chun córas na gCúirteanna Teaghlaigh a dhéanamh níos sothuighte agus níos cairdiúla do theaghlaigh
- Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt athbhreithniú ar fhorfheidmiú Orduithe Cothabhála Leanaí sa chéad leath na bliana 2023 agus leasuithe a mholadh de réir mar is cuí, ar nós orduithe astaithe a neartú agus an féidirthacht a mheas faoi threoirlínte a chur i bhfeidhm ar mhéideanna cothabhála leanaí
Agus í ag fógairt na n-athhruithe inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialta Heather Humphreys:
“Is cúis áthais é dom, mar aon leis an Aire McEntee, foilsiú na tuairisce ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Chothabáil Leanaí a fhógairt inniu.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabhail leis an gCathaoirleach, Breitheamh Catherine Murphy, agus le baill eile an Ghrúpa as an mionobair atá déanta acu i dtaca leis na ceisteanna tábhachtacha agus casta seo.
“Mar thoradh ar an tuairisc seo, is cúis athais dom a rá gur cheadaigh an rialtas moltaí an ghrúpa ar fad a chur i bhfeidhm i dtaca le Cothabháíl Leanaí laistigh den Chóras a chur i bhfeidhm.
“Tabharfaidh an cinneadh chun íocaíochtaí Cothabhála Leanaí a chur as an áireamh sa Leas Sóisialta, tacaíocht do thuismitheoirí aonair agus sa mhéid sin, feicfidh cuid mhór tuismitheoirí a fhaigheann íocaíócht ar ráta laghdaithe faoi láthair, meadú ina n-íocaíocht.
“Mar chuid de na hathruithe, chuir mé deireadh leis an riachtanas do thuismitheoirí aonair chun cothabháil a iarraidh mar chuid den éileamh. Is minic go raibh orthu dul os comhair na cúirte, ach ní bheidh an strús breise seo ar thuismitheoirí aonair anois, roinnt acu a tháinig trí chliseadh caidrimh a raibh deacair orthu. Cabhróidh sé chun an t-ualach a laghdú ar ár gCóras Cúirteanna chomh maith.”
Agus í ag trácht ar na beartais Dlí Teaghlaigh a fógraíodh inniu, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee:
“Tá rún daingean agam leasú cleachtais an coráís dlí teaghlaigh ó bhonn, chun cinntiú go mbeidh córas cúirte teaghlaigh níos feidhmiúla agus níos sothuighte againn ina bhfuil an teaghlach agus páistí mar ghné lárnach dá chur chuige. Is príomhghealltanas é seo i mo Phlean Dlí agus Cirt 2022 agus is cor cinniunach atá ann inniu sa phroisias sin.”
Nótaí
Tuairisc iomlán an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí.
Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí moltaí a phlé agus comhairle a chur ar:
- ionramháíl faoi láthair d'íocaíochtaí cothabhála leanaí sa Roinn Coimirce Sóisialaí;
- sholáthar faoi bhainistíocht na Roinne Coimirce Sóisialaí i dtaca le gaolta freagracha agus
- bhunú Gníomhaireachta Cothabhála Leanaí in Éireann
Mar chuid den obair seo, rinne an Ghrúpa mionchomhairliúchán poiblí agus scrúdaigh siad cleachtas idirnáisiúnta.
Leagtar moltaí an Ghrúpa amach sa Tuairisc, a cheadaigh an Rialtas a fhoilsiú an tseachtain seo.
I dtaca leis na hathruithe ar Leas Sóisialta, mhol an Grúpa:
- nár chóir go meastar cothabháil leanaí mar acmhainní ná mar ioncam a thuilleadh in aon scéim Chabhrú Sóisialta ón Roinn Coimirce Sóisialaí
- gur chóir deireadh a chur leis an riachtanas chun cothabháil a iarraidh mar chionníoll cáilithe d’íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus d'Íocaíocht Cuardaitheora Poist
- gur chóir deireadh a chur leis na 'foralácha na ngaol freagrach,' ionas nach n-iarrfadh an Roinn Coimirce Sóisialaí roinnt den éileamh a fhorchúitheamh leis na tuismitheoirí neamhchónaitheacha
Ghlac an rialtas leis na moltaí seo go léir agus tosóidh an tAire Coimirce Sóisalaí agus a Roinn ag obair ar an reachtaíocht riachtanach anois chun na moltaí a chur i bhfeidhm.
Níór tháinig an Grúpa ar chomhaontú ar bhunú Gníomhairíochta um Chothabháíl Leanaí:
- mhol ceathrar as seachtar baill go mbunófaí Coiste Stáit um Chothabháíl Leanaí chun dul i ngleic le fadbhanna cothabhála aonair, (i gcásanna ina bhfuil cothabháíl an t-aon tacaíocht airgeadais atá á lorg). Bhí tríur de na baill i bhfách le coiste nach mbaineann le cásanna ina mbíonn 'forálacha' (cásanna a bhaineann le colscaradh, ordú scartha ó chúirt, pósadh sibhialta) agus bhí ball amháin i bhfách le coiste a chlúdaíonn cásanna go léir
- mhol triúr as seachtar baill den Ghrúpa nach mbunofaí Coiste Stáit um Chothabháil Leanaí ach go leanfadh córas Cúirteanna leasaithe ag deileail le fadbhanna le Cothabháil Leanaí
Cheadaigh an rialtas mórleasú den chóras Cúirteanna Teaghlaigh in Éirinn. Mar chuid de na leasuithe a d'fhógair an tAire McEntee inniu, deánfaidh an Roinn Dlí agus Cirt athbreithniú ar Orduithe Cothbhála Leanaí le cinntiú go bhfuil siad feidhmiúil. Scrúdóidh an Roinn an fhéidearthacht ar threoirlínte a thabhairt isteach ar mhéideanna Cothabhála Leanaí.
Seirbhís Cothabhála Leanaí RA
Tá éilimh in Éirinn chun Seirbhís Cothabhála Leanaí a thabhairt isteach cosúil leis an tseirbhís atá i bhfeidhm sa RA agus i dTuaisceart Éireann.
Léiríodh i dtuairisc neamhspléach ón Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta sa RA le déanaí:
- go meastar go bhfuil méadú ó 25% i 2011-12 go 44% i 2019-20 sa líon na dteaghlaigh scartha nach bhfuil aon shocrú do chothabháil leanaí acu
- go bhfuil méadú breis agus £1 milliún in aghaidh na seachtaine ar £440 milliún ina iomláine ar mhéid na cotabhála neamhíoctha a bhfuil dlithe do thuismitheoirí mar atá ar mhí Dheireadh Fómhair 2021
- go dtiocfaidh méadú ar riaráistí ar feadh i bhfad agus go bhfuiltear ag tuar go mbainfear £1 billiúin faoi Mhárta 2031 ag an ráta faoi láthair