Foilsíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn den Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025
- Foilsithe: 20 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I measc na ngealltanas a seachadadh tá saoire atharthachta breise, leathnú ar Chlár na mBéilí Te Scoile, seoladh straitéisí ‘Bealaí chun Oibre’ agus ‘Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann’.
D’fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Cuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn den Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 inniu.
Príomhthiomantas sa Chlár don Rialtas is ea an Treochlár cúig bliana agus leagann sé amach bealach soiléir chun bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú.
Leagtar amach sa tuarascáil, arna faomhadh ag an gComh-Aireacht inné, an dul chun cinn atá déanta maidir le spriocanna an Treochláir a bhaint amach.
Tá roinnt de na gealltanais sa Treochlár seachadta cheana féin ag an Rialtas mar chuid den dá Bhuiséad roimhe seo.
Ina measc seo tá Saoire Tuismitheora agus Sochar Tuismitheora breise a thabhairt isteach; síneadh a chur le Clár na mBéilí Te Scoile; méaduithe ar an Íocaíocht do Leanbh Cáilithe agus méaduithe ar na croí-rátaí leasa shóisialaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir, 2022.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Léiríonn foilsiú na tuarascála seo tiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm an Treochláir um Chuimsiú Sóisialta.
“Tá uaillmhian an Treochláir chun bochtaineacht chomhsheasmhach in Éirinn a laghdú mar thosaíocht trasna an Rialtais agus tacaíonn Clár an Rialtais léi.
“Aithníonn an tuarascáil seo cuid den dul chun cinn atá á dhéanamh againn maidir le dul i ngleic le bochtaineacht agus le cuimsiú sóisialta a mhéadú.
“Mar shampla, leagann sé béim ar bhearta a thugamar isteach sa dá bhuiséad deiridh, a bhí deartha chun tacú le teaghlaigh agus saoránaigh leochaileacha.
“Áirítear leis seo, mar shampla, an cinneadh chun an ráta íocaíochta do leanaí cáilithe a mhéadú, rud atá cruthaithe chun an bhochtaineacht a laghdú.”
Agus é ag fáiltiú roimh an bhfoilseachán seo, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá áthas orm an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an ‘Treochlár don Chuimsiú Sóisialta 2020-2025’ a fhoilsiú.
“Ta príomhthiomantas an Treochláir; bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú, ina thosaíocht domsa mar Aire le freagracht as an Treochlár a chur i bhfeidhm, agus do gach duine a bhfuil sé de chúram air tionscnaimh a sheachadadh chun an tiomantas sin a bhaint amach.
“Leanfar le hobair ar fud an Rialtais le linn 2022 chun príomhghealltanais an Treochláir a chur chun cinn agus a chomhlíonadh.”
Leanadh ar aghaidh le hobair i rith 2020 agus 2021 le linn na paindéime ar sheachadadh na dtiomantas, le roinnt acu á mbaint amach go hiomlán nó á mbaint amach agus iad ag leanúint ar aghaidh, agus go leor eile i bhfeidhm. Tá seachadadh líon teoranta tiomantas taobh thiar den sceideal, mar gheall ar thionchar COVID-19 agus an gá le foireann a ath-imscaradh chuig seirbhísí túslíne i réimsí áirithe. Tá seachadadh na dtiomantas go léir ina thosaíocht ag an Rialtas in 2022 i gcónaí.
Dúirt an tAire O'Brien:
“D’aibhsigh na hamanna deacra seo a thábhachtaí atá an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta agus an gá atá le fócas leanúnach ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí chun leibhéil na bochtaineachta in Éirinn a laghdú. Tá áthas orm a fheiceáil, in ainneoin na srianta a cuireadh ar Ranna Rialtais le 21 mí anuas, gur tosaíocht i gcónaí é dul chun cinn maidir le spriocanna an Treochláir a bhaint amach.”
Tá an tuarascáil agus an Cárta Tuairisce ar fáil anseo.
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí
D’fhaomh an Rialtas an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025: Uaillmhian, Spriocanna, Tiomantais agus foilsíodh é i mí Eanáir 2020. Seo an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna an Treochláir a bhaint amach. Is é príomh-uaillmhian an Treochláir ná “bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí san AE.” Aistríonn an Treochlár an uaillmhian seo ina 7 Sprioc a bhfuil 66 tiomantas uathúil (gníomhaíocht) mar bhonn taca leo a ghlacfar chun cabhrú leis na spriocanna seo a bhaint amach.
Faoi dheireadh Mheán Fómhair 2021:
- baineadh amach 21 de 69 tiomantas an Treochláir go hiomlán nó baineadh amach iad le seachadadh leanúnach;
- Bhí 4 thiomanta eile i bhfeidhm de réir an sceidil le seachadadh leanúnach;
- Bhí 37 tiomantas i bhfeidhm, agus cuireadh moill ar sheachadadh roinnt de bharr thionchar na phaindéim COVID-19;
- Bhí obair ar 5 thiomantas fós le tosú; agus
- Cuireadh 2 siar mar gheall ar an bpaindéim.
I measc na dtiomantas a seachadadh thar na chéad 21 mí den Treochlár tá:
- Forfheidhmiú agus rolladh amach na Scéime Náisiúnta um Chúram Leanaí.
- Tá tabhairt isteach trí seachtaine breise de Shaoire Tuismitheora agus de Shochar Tuismitheora ar fáil do gach tuismitheoir linbh a rugadh nó a uchtaithe ar nó tar éis an 1 Samhain 2019 (agus cúig seachtaine á thabhairt san iomlán). Áirítear le Buiséad 2022 2 sheachtain bhreise a thabhairt isteach, rud a thabharfaidh an t-iomlán go 7 seachtaine in 2022.
- Méadú ar chlár na mBéilí Te Scoile in 2021, le 189 scoil, lena n-áirítear 171 scoil DEIS, ag fáil maoinithe faoin gclár.
- Leithdháileadh €5m ar an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2020 chun Tacú le Deiseanna Fostaíochta agus iad a Fheabhsú do Chúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas, agus bronnadh maoiniú de bhreis ar €2.3 milliún ar 17 dtionscadal i mí na Nollag 2020.
- Bunaíodh Comhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair, a bhfuil príomhról aici maidir le comhairle a chur ar an Aire agus ar an Rialtas maidir le freagairtí beartais phoiblí chun tacú le téarnamh an mhargaidh saothair.
- Bearta sonracha leasa a chur san áireamh i mBuiséid 2021 agus 2022 chun tacú le teaghlaigh atá i bhfostaíocht ar ioncam íseal lena n-áirítear:
1. Méadú €10 in aghaidh na seachtaine ar thairseach ioncaim na hÍocaíochta Teaghlaigh i bhFostaíocht do gach méid teaghlaigh;
2. Arduithe sna rátaí Méadaithe do Leanbh Cáilithe go €40 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi 12 bliana d'aois agus €48 sa tseachtain do leanaí 12 bhliain d'aois agus níos sine;
3. Méadú €5 in aghaidh na seachtaine ar uasráta na n-íocaíochtaí in Aois Oibre, lena n-áirítear Liúntas Cúramóra, Liúntas Míchumais, Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora agus Íocaíochtaí Aistrithe Cuardaitheora Poist, le harduithe comhréireacha do rátaí laghdaithe agus rátaí do Dhaoine Fásta Cáilithe; agus
4. Méadú €10 ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua do leanaí níos sine agus níos óige.
- Straitéisí náisiúnta a fhoilsiú a thacóidh le seachadadh tiomantas an Treochláir lena n-áirítear:
1. An Straitéis Breisoideachais agus Oiliúna (FET) 2020-2024 "An Fhoghlaim a Bhunathrú" i mí Iúil 2020;
2. An Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025 i mí na Nollag 2020;
3. Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann - an Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 i mí an Mhárta 2021;
4. Straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 i mí Iúil 2021;
5. Litearthacht d'Aosaigh ar feadh an tSaoil: Straitéis 10 mbliana um Litearthacht, Uimhearthacht agus Litearthacht Dhigiteach d'Aosaigh i Meán Fómhair 2021; agus
6. ‘Tithíocht do Chách – Plean Nua Tithíochta d’Éirinn’ i Meán Fómhair 2021.