Foilsíonn an tAire Stáit Joe O’Brien an Plean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Bia
- Foilsithe: 11 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Forbairt Pobail agus Ionchuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, plean gníomhaíochta inniu a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an mBochtaineacht Bia in Éirinn.
Bhunaigh an tAire Joe O’Brien an Mheitheal um Bochtaineacht Bia in 2021 a bhfuil ionadaithe inti ó réimse ranna an rialtais agus ón earnáil phobail agus dheonach. Rinne an tAire cathaoirleacht ar an meitheal le linn sraithe cruinnithe rialta agus tionscadal taighde ó bunaíodh é.
Is mar thoradh ar an obair fhairsing ar thug an Mheitheal um Bochtaineacht Bia fúithi é an Plean Gníomhaíochta a foilsíodh inniu, lena n-áirítear cur chuige cás-staidéir ríthábhachtach ina lorgaíodh tuairimí ó dhaoine atá díreach thíos leis an mbochtaineacht bia, chun tuiscint níos fearr ar na cúiseanna atá leis an mbochtaineacht bia a sholáthar don mheitheal agus chun bonn eolais a chur faoi mholtaí beartais lena rachfar i ngleic leis na cúiseanna sin.
Dúirt an tAire Joe O’Brien agus é ag seoladh na tuarascála le linn Fhóram Réamh-Bhuiséid Bhliantúil na Roinne Coimirce Sóisialaí le Geallsealbhóirí ón earnáil ENR ar fad:
“Chun an bhochtaineacht bia a laghdú, tá gá le hiarracht aontaithe ó gach Roinn sa Rialtas agus ón tsochaí shibhialta, chomh maith le seachadadh leanúnach na ngníomhartha atá sa Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Bia atá á sheoladh againn inniu, a mbeidh ról ríthábhachtach aige i ndul i ngleic le saincheist na Bochtaineachta Bia.
Níor cheart go mbeadh ar aon duine in Éirinn tacaíocht éigeandála a lorg chun fáil a bheith acu ar a ndóthain bia scamhardaigh.
Leanann an Plean Gníomhaíochta sin comhairliúchán le ranna rialtais ábhartha agus le heagraíochtaí na hearnála pobail agus deonaí a bhíonn ag obair sa réimse sin agus a bhíodh ina gcomhaltaí den Mheitheal. Áirítear leis idir ghníomhartha reatha agus ghníomhartha amach anseo chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht bia, lena n-áirítear an clár píolóta um Chásoibrí Bochtaineachta Bia. a sheol mé i mí Mheán Fómhair 2023 i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Luimneach agus tá súil agam go leanfar den chlár sin a mhaoiniú i mBuiséad 2025.”
Tuarascáil ar an mBochtaineacht Bia in Éirinn
I dteannta leis an bPlean Gníomhaíochta, d’fhoilsigh an tAire O’Brien tuarascáil ar chineál na Bochtaineachta Bia in Éirinn. Ba é Amárach research a thug faoin tuarascáil sin, thar cheann na Meithle um Bochtaineacht Bia. Rinneadh anailís sa tuarascáil ar leitheadúlacht na bochtaineachta bia, na cúiseanna atá leis an mbochtaineacht bia a aithint, agus an réimse soláthraithe seirbhísí agus gníomhaithe a bhaineann leis an mbochtaineacht bia a scrúdú i gcás-staidéir ar dhá limistéar – limistéar uirbeach amháin i mBaile Átha Cliath agus limistéar tuaithe amháin i gCúige Chonnacht. Thug an tuarascáil chun suntais –
- Tá ioncam teaghlaigh ina phríomhthoisc.
- Dealraíonn sé go mbíonn an rath is mó ar threorú seirbhísí agus tacaíochtaí, agus tionscnamh oideachais, má chuirtear in iúl iad trí chaidreamh seirbhíse atá ann cheana féin.
- Tá spleáchas ann ar an earnáil phobail agus dheonach, le glao ar thacaíocht airgeadais, oideachais agus shíceolaíoch níos fearr dóibh siúd atá ag cur na tacaíochta ar fáil agus dóibh siúd atá i ngátar.
- Tá gá le saincheisteanna maidir le cothú agus bia atá bainteach leis an mbochtaineacht, amhail an otracht, a normalú inár ndioscúrsa poiblí.
- Tá an t-oideachas ríthábhachtach, go háirithe do thuismitheoirí.
Dúirt an tAire Joe O’Brien mar fhocail scoir:
“Leagtar béim sa tuarascáil taighde sin ar an ngá leanúnach le tionscnaimh nithiúla chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an mbochtaineacht bia, agus bhí sé ina chabhair le bonn eolais a chur faoi dhearadh an Phlean Gníomhaíochta a d’fhoilsigh mé inniu. Gabhaim mo bhuíochas le gach comhalta as a gcuid oibre agus as an méid cabhrach a thug siad don Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Bia.”
Nótaí:
Is straitéis uile-Rialtais í an Treochlár maidir le hIonchuimsiú Sóisialta 2020 - 2025, arna fhoilsiú i mí Eanáir 2020, a bhfuil sé mar sprioc uaillmhianach aige an bhochtaineacht sheasta a laghdú go dtí 2%, agus go mbeadh Éire ar cheann de na tíortha is fearr san AE ó thaobh ionchuimsithe sóisialta de.
Áirítear le sprioc 7 den Treochlár “gur féidir le gach duine maireachtáil le hiontaoibh go bhfuil fáil acu ar chúram sláinte, tithíocht, fuinneamh agus bia ar ardchaighdeán.” Ceanglaítear ar an Rialtas le gealltanas 61 den Treochlár “clár oibre cuimsitheach a fhorbairt chun na cúiseanna atá leis an mbochtaineacht bia a iniúchadh tuilleadh agus chun bearta maolaitheacha a aithint.”
Chun an gealltanas sin a chur chun cinn bunaíodh an Mheitheal um Bochtaineacht Bia in 2021, a bhfuil ionadaithe inti ó réimse Ranna Rialtais agus ón earnáil phobail agus dheonach agus a ndearnadh an tAire Joe O’Brien cathaoirleacht uirthi. Tá an méid seo a leanas foilsithe ag an meitheal –
- cleachtadh mapála ardleibhéal ina leagtar amach na cláir, seirbhísí agus tacaíochtaí ar fud an Rialtais lena rachfar i ngleic leis an mbochtaineacht bia, a foilsíodh i mí Iúil 2022,
- tuarascáil ina ndéantar anailís ar leitheadúlacht na bochtaineachta bia i gcás-staidéir ar dhá limistéar, limistéar tuaithe amháin agus limistéar uirbeach amháin, a foilsíodh inniu (cuir nasc isteach),
- plean gníomhaíochta de thionscnaimh reatha agus amach anseo chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht bia, a foilsíodh inniu (cuir nasc isteach),
Ina theannta sin, d’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2023, go bhfuil maoiniú le leithdháileadh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí chun scéim píolóta, bunaithe ar shamhail chásoibrí, a thabhairt isteach chun tacú le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht bia. D’eisigh an Roinn Iarraidh ar Thairiscintí i R2 2023 ag lorg iarratais ó eagraíochtaí gur féidir leo seirbhís tacaíochta cásoibrí a sholáthar do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht i gceithre réigiún in Éirinn – Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh. Fuarthas aighneachtaí ó thrí réigiún agus, tar éis iad a mheas, bronnadh conarthaí ar Crosscare, Baile Átha Cliath; ar Feed Cork, Corcaigh; agus ar Mid-West Simon, Luimneach, agus thosaigh an scéim píolóta i mí Mheán Fómhair 2023.
Bochtaineacht bia in Éirinn a thomhas
Níl aon táscaire oifigiúil lena ndéantar bochtaineacht bia in Éirinn a thomhas. In 2012, áfach, d’fhorbair an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) slat tomhais lenar tugadh sainmhíniú ar an mbochtaineacht bia mar an t-éagumas aiste bia sásúil agus folláin a ithe de dheasca deacrachtaí inacmhainneachta nó fála. D’eascair an slat tomhais sin ó úsáid sonraí a bailíodh mar chuid den Suirbhé ar Ioncam agus ar Dhálaí Maireachtála (SIDM) a dhéantar go bliantúil.
Tríd an gcur chuige sin a úsáid, déantar an bhochtaineacht bia a thomhas de réir céatadán na ndaoine atá thíos le ceann amháin nó níos mó de na táscairí seo a leanas:
1. Gan bheith in ann béile a bhfuil feoil mar chuid de a cheannach, nó béile gur ionann é agus béile feoilséantach, gach dara lá. Tugtar le fios leis an táscaire sin go bhfuil easpa bia ar cheann amháin de na 11 mír dhíothachta a úsáidtear chun an bhochtaineacht sheasta a thomhas.
2. Gan bheith in ann dinnéar rósta seachtainiúil a cheannach (nó dinnéar gur ionann é agus dinnéar feoilséantach). Tagraíonn an táscaire sin don inacmhainneacht bia, agus ina theannta sin, don inacmhainneacht ruda a mheastar a bheith ina norm cultúrtha. Cé go mb’fhéidir go meastar go bhfuil an tagairt do rósta seachtainiúil seanaimseartha, tagraíonn an táscaire dóibh siúd nach bhfuil sé sin d’acmhainn acu. Tá an mhír sin freisin ar cheann amháin de na 11 mír dhíothachta a úsáidtear chun an bhochtaineacht sheasta a thomhas.
3. Déanamh d’uireasa béile scamhardach amháin le coicís anuas de bharr easpa airgid. Tagraíonn an mhír sin, agus é ag tagairt d’inacmhainneacht bia, ach gan tagairt a dhéanamh do chaighdeán nó do shásúlacht an bhia, do ghéardhíothacht bia. Ní ceann de na 11 mír dhíothachta a úsáidtear chun an bhochtaineacht sheasmhach a thomhas í an mhír sin. Cuirtear an cheist sin ar gach freagróir os cionn sé bliana déag d’aois, ach cuirtear ceist faoi na míreanna díothachta eile ag leibhéal an teaghlaigh.
Tá na figiúirí is deireanaí atá ar fáil, bunaithe ar an slat tomhais sin, leagtha amach thíos:
2017 | 2018 | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | |
Ráta na Bochtaineachta Bia | 8.7% | 7.0% | 7.4% | 12.0% | 8.9% | 9.0% |