Foilsítear Bille Leasa Shóisialaigh a dhéanann foráil do Bhearta Bhuiséad 2022 - an tAire Humphreys
- Foilsithe: 29 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., gur foilsíodh an Bille Leasa Shóisialaigh a dhéanfaidh bearta Bhuiséad 2022 a achtú.
Déantar foráil i bpacáiste Bhuiséad 2022, ar fiú €558 milliún é in 2022, foráil do mhéaduithe ar bhonn uilechoiteann ar íocaíochtaí seachtainiúla a dhéantar le pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, tuismitheoirí aonair agus daoine in aois oibre agus cuirtear méaduithe breise ar fáil do dhaoine fásta cáilithe agus leanaí cleithiúnacha. Is ionann an costas ar na bearta seo a chur i bhfeidhm sa bhliain iomlán agus breis agus €600 milliún.
I measc na mbeart den Bhuiséad a chuimsítear sa Bhille, tá:
- Méadú €5 ar ráta uasta na gcroí-íocaíochtaí seachtainiúla go léir, e.g., pinsinéirí, baintreacha/baintreacha fir, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, agus daoine atá rannpháirteach i gcláir fostaíochta (e.g. Fostaíocht Pobail, Tús agus an Scéim Shóisialta Tuaithe), agus beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe (tugadh cleithiúnaithe fásta orthu roimhe seo);
- Méadú €3 ó €19 aníos go dtí €22 sa tseachtain ar Liúntas do Mhaireachtáil Aonair do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine 66 bliain d’aois agus níos sine atá ag maireachtáil leo féin - bainfidh breis agus 230,000 pinsinéir/baintreach/baintreach fir agus duine faoi mhíchumas tairbhe as seo;
- Méadú €3 do chleithiúnaithe linbh cáilithe 12 bliain d’aois agus níos sine;
- Méadú €2 do chleithiúnaithe linbh cáilithe faoi 12 bhliain aois;
- Sochar Tuismitheora – méadú ó chúig go dtí seacht seachtaine do thuismitheoirí leanaí faoi dhá bhliain d’aois;
- Deontas nua a mhéid le €500 chun cabhrú le costas bréagfholt do dhaoine a bhfuil cóireáil á fáil acu do bhreoiteacht tríd an Scéim Sochair Cóireála;
- Neamhaird Caipitil/Coigiltis i méaduithe ar Liúntas Cúramóra ó €20,000 go €50,000;
- Íocaíocht Teaghlaigh Oibre - tagann méadú €10 sa tseachtain ar na tairseacha do gach líon tí;
- Cúnamh Feirme, Liúntas Cuardaitheora Poist, agus Pinsean Stáit Neamh-Ranníocach – tá neamhaird le tabhairt do roinnt ioncaim ó scéimeanna breise agra-chomhshaoil;
Dúirt an tAire Heather Humphreys:
“Táim ag tnúth leis an mBille seo a thabhairt tríd an tOireachtas, a bhronnfaidh feidhm ar réimse fairsing beart a d’fhógair mé i mBuiséad 2022, arb é an pacáiste leasa shóisialaigh is mó le 14 bliana anuas.
“Bronnfaidh an Bille éifeacht ar na méaduithe ar gach croí-íocaíocht sheachtainiúil – a théann chun sochair pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas.”
Dúirt an tAire Humphreys go ndéanann an Bille foráil do shraith beart, agus díriú ar leith ar chúramóirí, tuismitheoirí aonair, teaghlaigh ísealioncaim agus daoine faoi mhíchumas.
I measc na mbeart a chuirtear san áireamh, tá athruithe suntasacha ar thástálacha maoine do Liúntas Cúramóra – seo an chéad uair a rinneadh athruithe ar an tástáil mhaoine seo le beagnach 14 bliana anuas. Mar gheall ar na hathruithe seo, cáileoidh níos mó cúramóirí anois do Liúntas Cúramóra, agus tabharfaidh iad siúd a bhfuil íocaíocht ar ráta laghdaithe á fáil acu méaduithe faoi deara ar a n-íocaíochtaí freisin.
Déanfaidh an Bille foráil don neamhaird chaipitil/choigiltis don tástáil mhaoine do Liúntas Cúramóra a mhéadú aníos ó €20,000 go €50,000, agus beidh sé mar an gcéanna leis an neamhaird sin a bhaineann le Liúntas Míchumais dá bharr. Go bunúsach, ciallaíonn seo go gcáileoidh níos mó daoine do Liúntas Cúramóra.
Tabharfaidh daoine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu feabhsú faoi deara freisin ar an neamhaird ghinearálta a thugtar do mhaoin mar gheall go méadófar é aníos ó €2.50 go €7.60 sa tseachtain. Íocfar a mhéid le €5 sa tseachtain sa bhreis le thart ar 18,000 faighteoir dá bharr.
Foráiltear sa reachtaíocht freisin do shíneadh a chur le Scéim Ráthaíochta Creidmheasa Covid go dtí deireadh Mheithimh 2022. Bhí deireadh le cur leis an scéim seo, a d’fhaomhadh an Rialtas in 2020 mar cheann de na príomhthacaíochtaí do ghnólachtaí ar imir Covid tionchar orthu, an 31 Nollaig 2021.
Tá an Bille Leasa Shóisialaigh, 2021 ar fáil ag anseo.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Ní theastaíonn foráil reachtaíochta sa Bhille seo ón gcinneadh a rinneadh ar lá an Bhuiséid bónas na Nollag 100% ar a bhfuil luach breis agus €300 milliún a íoc le gach faighteoir cáilitheach leasa ach táthar ag déileáil leis trí mheastachán forlíontach a chuirfidh an tAire faoi bhráid an Oireachtais go luath.
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184