English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foláireamh maidir le glaonna teileafóin agus téacsanna caimiléireachta

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an eolas go bhfuil glaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs calaoiseacha a mhaíonn gur ón Roinn iad ag lorg faisnéise pearsanta mar shampla uimhir PSP, sonraí cuntais bhainc.

Ní iarrfaidh ár bhfoireann riamh do chuid sonraí bainc ort más rud é go mbeadh cúis acu glaoch ort ar an bhfón agus ní iarrfaimid faisnéis phearsanta uait go deo trí theachtaireacht téacs.

Má fhaigheann tú glao nó téacs den sórt sin, ná déan comhrá leis an té atá ag glaoch agus ná roinn aon chuid de d’uimhir PSP, sonraí Cuntais Bhainc nó aon fhaisnéis phearsanta eile leo.

Má chuir tú aon fhaisnéis den sórt sin ar fáil do ghlao nó do théacs a chreideann tú gur caimiléireacht atá ann, déan teagmháil leis an nGarda Síochána láithreach. Please view advice from Gardaí here.

Áitímid ar dhaoine a bheith thar a bheith cúramach má fhaigheann siad a leithéid de ghlao nó teachtaireacht téacs ag lorg a gcuid faisnéise pearsanta agus a chinntiú nach n-úsáideann siad ach láithreáin ghréasáin oifigiúla na roinne, mar shampla: Item was unpublished or removed and www.MyWelfare.ie. Moltar do dhaoine an seoladh gréasáin (https) a scrúdú go cúramach lena chinntiú go bhfuil suíomhanna gréasáin oifigiúla na roinne á n-úsáid acu.

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil