Freastalaíonn an tAire Calleary ar an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO)
- Foilsithe: 10 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2025
D’fhreastail an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, ar an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) inniu sa Bhruiséil.
I gcomhar le hAirí ón AE le punanna maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, d’aithin an tAire Calleary an tábhacht a bhaineann leis an gComhairle EPSCO.
Dúirt an tAire Calleary:
“Treisíonn teacht le chéile na n-Airí, a bhfuil punanna sóisialta, fostaíochta agus comhionannais acu, an méid gur féidir le gach duine a dhéanamh chun Eoraip láidir shóisialta na todhchaí a chinntiú, bunaithe ar ár luachanna roinnte agus a bhfuil iomaíochas, slándáil agus inbhuanaitheacht na hEorpa mar bhonn faoi.”
Rinne baill an Chomhairle plé ar an margadh saothair agus ar ghlacadh na Tuarascála Chomhpháirteach ar Fhostaíocht. Léiríonn an tuairisc an neart atá ag margadh saothair an AE, ar fud gach aoisghrúpa, in 2024.
Agus é ag tabhairt aitheantais do mhéadú mór i rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, labhair an tAire Calleary faoi na dúshláin atá roimh ghrúpaí atá níos leochailí, mná, oibrithe níos óige nó níos sine, daoine den Lucht Siúil agus daoine Romacha, agus daoine faoi mhíchumas, mar shampla.
Lean an tAire:
“Ní chóir aon duine a fhágáil inár ndiaidh. Ní mór dúinn fáil réidh le haon bhacainní atá ag daoine a bhfuil na dúshláin sin rompu. Trí dheiseanna oideachais agus oiliúna, dreasachtaí fostaíochta agus polasaithe níos fearr maidir leis an margadh saothair a sholáthar, is féidir linn cabhrú leo siúd a bhfuil dúshláin rompu a spriocanna a bhaint amach agus barr a gcumais a bhaint amach,”
Le linn tréimhse ag cur saoil oibre níos faide chun cinn, thug an tAire Calleary na buntáistí maidir le sláinte fheabhsaithe agus folláine faoi deara. Luaigh sé na buntáistí a bhaineann le daoine aosta a bheith sa mhargadh saothair chun na dúshláin a bhaineann le ganntanais saothair a laghdú in Éirinn agus ráta fostaíochta de 68.2% i measc iad siúd atá 55-64 bliain d’aois.
Chuir an tAire béim ar na bearta atá i bhfeidhm in Éirinn cheana féin ag tabhairt tacaíochta do dhaoine a bhfuil fonn orthu obair níos faide.
Dúirt an tAire Calleary:
“Tá bearta tugtha isteach againn cheana féin chun scor níos déanaí a chur chun cinn. Tá an rogha tugtha againn do dhaoine éileamh a bpinsin stáit a chur siar go dtí go bhfuil siad 70 bliain d’aois, le méaduithe achtúireacha ag íostarraingt. Táimid ag cur rogha ar fáil do dhaoine. An rogha chun cinneadh a dhéanamh faoi cathain ba mhaith leo dul ar scor.”
Beidh Uachtaránacht an AE ag Éireann sa dara leath de 2026, agus mar ullmhúchán, chuir an tAire fáilte roimh an deis chun bualadh le comh-airí ó na Baill Stáit agus le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Choimisiúin na hEorpa Mînzatu chun Uachtaránacht Éireannach rathúil a chruthú. Uachtaránacht a oibríonn d’Eoraip.