Fuair an tAire Calleary faomhadh Rialtais don Bhille Leasa Shóisialaigh (Pinsean do Pháirtnéirí faoi Mhéala)
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cuireann an Bhille cinneadh na Cúirte Uachtaraí chun rochtain ar Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a shíneadh do chomhchónaitheoirí incháilithe i bhfeidhm don chéad uair.
- Beidh na daoine a raibh cónaí orthu lena bpáirtithe a fuair bás ar feadh 2 bhliain nó mó agus a raibh leanaí acu le chéile incháilithe.
- Dóibh siúd nach raibh leanaí acu le chéile, beidh siad incháilithe más rud é go raibh cónaí orthu le chéile ar feadh 5 bliana nó níos mó.
- Déanfar íocaíochtaí Phinsin Ranníocacha a shiardhátú go dtí dáta a rinne an Chúirt Uachtarach an bhreith ar 22 Eanáir 2024.
- Cuirfear rochtain ar an Deontas do Thuismitheoirí faoi Mhéala agus don Phinsean Neamhranníocach an Pháirtnéara faoi Mhéala ar fáil do chomhchónaitheoirí incháilithe.
Fuair an tAire Calleary faomhadh Rialtais inniu chun dréacht-reachtaíocht a thabhairt isteach chun cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcás Uí Mhéara a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an reachtaíocht seo, nuair a cheadófar í, rochtain ar Phinsean Ranníocach an Pháirtnéara faoi Mhéala don chomhchónaitheoir incháilithe atá fós beo.
Moltar sa Bhille seo cáilitheacht ar an íocaíocht a shíneadh chuig chomhchónaitheoirí incháilithe atá i ndlúthchaidreamh ar feadh 2 bliain má tá leanbh acu nó 5 bliain mura bhfuil. Léiríonn sé seo an sainmhíniú atá ar chomhchónaitheoirí cáilitheacha i ndlí na hÉireann faoi láthair.
Tá roinnt leasuithe eile ar an Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 ag teastáil chun teidlíocht ar an íocaíocht seo a leathnú go comhchónaitheoirí a mhaireann. Déantar foráil sa Bhille do na nithe seo a leanas:
- Ní bheidh aon shrianadh ama i gceist le cathain a tharla méala an chomhchónaitheora, má shásaítear na rialacha.
- Tosófar íocaíochtaí ó 22 Eanáir 2024 nó níos déanaí má tharlaíonn an bás i ndiaidh an dáta seo.
- Déanfar leasú ar na rialacha maidir le stopadh teidlíochta na híocaíochta.
- Beidh na rialacha céanna maidir le teidlíocht do chomhchónaitheoirí i bhfeidhm le scéimeanna eile, an Pinsean Neamhranníocach agus an Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, mar shampla.
Tar éis chinneadh an Rialtais inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Táim sásta go bhfuil faomhadh faighte agam chun an Bhille Leasa Shóisialaigh (Pinsean do Pháirtnéirí faoi Mhéala) a fhoilsiú. Tabharfaidh an reachtaíocht seo, nuair a cheadófar í, rochtain ar Phinsean Ranníocach an Pháirtnéara faoi Mhéala don chomhchónaitheoir incháilithe atá fós beo. Is cosaint airgeadais thábhachtach í seo do dhaoine agus do theaghlaigh atá faoi mhéala.
“Maidir le bás duine atá gar duit, níl aon idirdhealú idir daoine atá pósta agus daoine atá ina gcónaí le chéile i ndlúthchaidreamh. D’aithin an Chúirt Uachtarach go raibh idirdhealú mar seo éagothrom maidir le Pinsean Neamhranníocach Baintrí Fir. Leis an reachtaíocht seo, cinnteoimid go bhfuil tacaíocht airgeadais ar leith ar fáil do pháirtithe ar bhonn cothrom.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do theaghlach Uí Mhéara, ar cailleadh máthair agus páirtí dóibh, as a dtáinig an dúshlán dlíthiúil a d’iompaigh an dlí ar deireadh.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is eard atá sa Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach), ná íocaíocht seachtainiúil don fhear céile, don bhean chéile nó do pháirtneir sibhialta de dhuine éagtha.
Tá teidlíocht bunaithe ar thaifead árachais shóisialaigh an éilitheora nó a c(h)éile nó a p(h)áirtí sibhialta nach maireann. Ní mór go mbeadh gach ranníocaíocht déanta roimh bhás do chéile nó do pháirtí shibhialta. Níl cead agat an dá thaifead ÁSPC a chomhcheangal agus teidlíocht á ríomh agat.
Is iad na rátaí íocaíochta reatha, bunaithe ar líon na ranníocaíochtaí, ná:
Ranníocaíochtaí | Faoi bhun 66 bliana d’aois | 66 bliana d’aois nó níos sine |
48 ranníocaíocht nó níos mó | €249.50 | €289.30 |
36-47 ranníocaíocht | €245.70 | €283.70 |
24-35 ranníocaíocht | €242.90 | €277 |
Chun cáiliú don PBBFPSM, ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir nó do pháirtí sibhialta a mhaireann i gcomhréir leis na critéir faoi alt 124 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (an tAcht 2005).
Ar 22 Eanáir 2024, i gcás Uí Mhéara, chuir an Chúirt Uachtarach cinneadh na hArd-Chúirte ar ceal agus aithníodh nach raibh alt 124 den Acht 2005 ag teacht leis an mBunreacht toisc go ndearna sé an tUasal Uí Mhéara a fhágáil ar lár ón gcatagóir daoine atá i dteideal na híocaíochta seo.
Tháinig an Chúirt ar an gcinneadh sin ar bhonn na ráthaíochta comhionannais in Airteagal 40.1 den Bhunreacht.
D’aithin cinneadh na Cúirte Uachtaraí go raibh leasú reachtaíochta de dhíth chun an fhadhb seo a réiteach. Tá an Bhille ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus aon neamhréireanna eile a aithnítear ag an gCúirt.